Ní féidir éalú uaidh. Faoi bhun dul ar deoraíocht mar dhíthreabhach go Carraig Aonair nó Tiaracht féin bheadh sé id dhiaidh aniar. An chabaireacht shíoraí gan chríoch ar an Trumpa Mór agus a bhfuil de hurlamaboc agus de hula hala, gan trácht ar an liútar éatar atá curtha trí na margaí idirnáisiúnta aige.
Maidir liom féin de, níl aon chleachtadh rómhór agam ar mhargadh ná ar aonach. Bhíos ar an aonach is fíor nuair a bhí Séadna agus an Síogaí Rómhánach á fhéachaint le chéile, agus ar aonach fostaithe an Lagáin le Séamus Ó Grianna, agus ar Aonach an Phoic nuair nach raibh duine ar bith ar a chiall. Ná ní rabhas ag ceann Tí an Mhargaidh in Maigh Chromtha nuair a ghabh Art Ó Laoghaire thar bráid ar a each caol ceannann, agus ar éigean go n-aithneoinn geal-mhargadh ná margadh réidh dá mbuailfeadh siad umam i lár an aonaigh.
Mar sin i gcás na margaí maoine agus airgid, agus na stocmhargaí nach ndíoltar aon bha iontu tá dalladh púicín orm. Samhlaím scata gealt, fir óga is mó, ag liúrach, ag screadach, ag béiceach, blúiríní páipéir san aer, scáileáin os a gcomhair, cnaipí á mbrú agus fuil mheafarach á doirteadh ar hallaí bána. B’fhéidir gur sna scannáin amháin a tharlaíonn sin ach ar éigean gur gnó sibhialta béasach é cearrúchas lofa na margaí ina bhfuil airgead á chailliúint agus á dhéanamh ar allas lucht oibre.
Is é sin le rá, tugann sé pléisiúr beag míchuibheasach dom an trí chéile seo a fheiscint i measc na haicme arb é a bheith ag díol is ag reic ár dtáinte a réasún saoil. Pléisiúr eile is ea go bhfuil na margaí céanna seo ag léiriú do chloigeann an Trumpa agus a bhfuil laistigh de nach féidir leis a rogha rud a dhéanamh d’fhonn an saol go léir mar a ritheann a mhúnlú chun a thola féin.
‘Grace’ final report finds evidence of serious neglect but not sexual or emotional abuse
Neuropsychologist Ian Robertson: McIlroy’s ‘weird’ reaction to double bogey was his secret weapon
US to demand EU pulls away from China in return for cutting tariffs
There’s a psychosexual dimension to Trump’s tariffs. You don’t have to be Freud to see it
Más fíor, agus ní fios cad tá fíor níos mó, faoiseamh sealadach atá tugtha ag Rí an Domhain dá chuid géillseanach i ngach cúinne den chruinne. Ceithre scór lá go leith faoi láthair, ach n’fheadar cad a nochtfaidh an lá amárach, ná an tseachtain seo chugainn. Is é an preabaire luaineach é ag princeam ó thom go tom, an dreoilín teaspaigh ar bhrobh amháin féir anois ach ar cheann eile ar leagadh na súl, an t-earc luachra a fheiceann tú meandar ar chloch, an t-airgead beo idir do mhéara nach féidir a choinneáil, an sneachta leáite ach atá fuar reoite arís. Is é sin, níl ag aon smaoineamh aige ach seal beag gairid go dtí go séidtear ceann eile an treo a bhfuil cuma lonrach go leor air.
B’fhéidir gurb é an botún is mó atá déanta aige ná cogadh tráchtála a fhógairt ar an tSín. Cé go bhfulaingeoidh an tSín go ceann tamaill, is de réir tréimhsí móra céad bliain nó níos sia a mhachnaíonn siad, agus níl an dearmad is lú déanta acu mar a chaith na cumhachtaí impiriúla anoir is aniar leo sa 19ú haois agus arbh iad na taraifí éagóracha a gearradh orthu mórchuid de.
Idir cheimiceáin agus chodanna, is beag réim d’eacnamaíocht na Stát Aontaithe nach bhfuil ábhar Síneach dlúite ann. Is túisce a sholáthróidh na Sínigh a dtagann chucu ó na Stáit Aontaithe dóibh féin ná a mhalairt timpeall. Fairis sin, is iad atá ag mealladh eolaithe chucu ó institiúidí Poncánacha go tiubh (mar atá tíortha san Eoraip) óir tá slad á dhéanamh ar thaighde ag trúpaí an Trumpa agus ag na billiúnaithe a cheap sé, ar bhonn gur cur amú airgid é.
Aon slabhra amháin is ea an tráchtáil, agus is ar scáth a chéile a mhaireann na margaí, fiú.