Feicim go bhfuil sé i gceist ag an Roinn Oideachais scrúdú cainte sa Bhéarla a thabhairt isteach san Ardteistiméireacht faoin mbliain 2027. Caithfidh gur mór an spraoi a bheidh ansin. Cad is brí le deaBhéarla? Conas a chuirfear caint an lae suas is anuas le briathra binne RTÉ? An mbeidh buntáiste ag daoine a bhfuil gutaí tachtaithe an Dart acu seachas na daltaí a bhfuil caint leamh lár na tíre acu? Cad a tharlóidh don té a bhfuil iarsma den Chilltartnanachas fós fágtha ina scóig versus an dalta a bhfuil a chuid cainte breac le Meiriceánachas teilifíse?
Is gairid anois go mbeadh scrúduithe cainte na bliana seo ar siúl sna nua-theangacha, mar a thugtar orthu, agus sa Ghaeilge féin a meastar nach nua-theanga í. D’fhás an deighilt sin nuair a bhí an Laidin i réim cé nár smaoinigh aon duine lena linn sin ar scrúdú cainte a dhéanamh inti.
Samhlaigh:
‘Salve, quid est nomen tuum?’ (Dia duit, cén t-ainm atá ort?)
Insufficient funds in Enoch Burke’s bank account to cover €79,100 fines, court hears
Principal accused of locking student teacher in school and suggesting they pursue sexual relationship, inquiry hears
Brian O’Driscoll issued with compliance notice by consumer watchdog over ‘misleading’ social media post
Fintan O’Toole: Ireland’s delightful love triangle is ending in a nasty divorce
‘Alan est nomen meum?’ (Is é Alan m’ainm?)
‘Et ubi habitas?’ (Agus cá bhfuil cónaí ort?)
Is dócha go mbeadh ort rud éigin ar nós ‘I villa deas beag in aice leis an gColaseam’ nó rud éigin mar sin a rá. Ina choinne sin thall, ní raibh sé i gceist riamh go mbeadh sí á labhairt againn mura dtiocfadh ann don taisteal ama. Sa chás sin, b’fhéidir comhrá breá léannta a bheith agat le Caesar mar gheall ar na Ceiltigh a mharaigh sé, nó a fhiafraí de Chicearó cén fáth a raibh sé chomh leamh fadálach mórghaoitheach sin.
Ní mar sin don Ghaeilge, áfach. Is mó sin dalta nó mac léinn a thiocfadh os do chomhair nach mbeadh in ann na gnáthshearmanais a chomhlíonadh ach a mbeadh stair a bhaile dúchais ar eolas go paiteanta aige le súil is go dtarraingeofaí aníos é.
Agus is mó eile fós an dalta a thiocfadh faoi bhráid an chúistiúnaí gléasta i ngeansaí chontae nó chumainn réidh ullamh le gach ceist dá bhféadfadh a fhreagairt ar leagadh na súl. Cleas eile ba ea teacht le plástar ar uillinn, nó níos fearr fós ar mhaidí croise. Tá bobghaistí sa mhéid sin, áfach.
Is cuimhin liom mac léinn dá shórt a mhínigh go raibh sí ar na maidí croise toisc go raibh timpiste rothair aici ‘mar gur theip ar na coiscíní.’
Ar éigean go mbeidh na fadhbanna sin sa scrúdú Béarla, ach ní bheadh a fhios agat. Is í an deacracht is mó a fheicimse anois ná go dtiocfaidh méadú as cuimse ar mhúinteoirí deaslabhra agus go dtabharfar le tuiscint go bhfuil blas cainte amháin ‘níos fearr’ ná ceann eile.
Bhí a leithéid againne sa bhunscoil agus de chúram uirthi drochbhlas caol álainn chathair Chorcaí a dhíbirt as béala na ndaltaí ar eagla go gcamfadh sé a gcuid fiacla. Cleachtadh amháin a bhí againn ná frása ar nós ‘turty tree tousand tistles and torns’ a rá i gceart, gach ‘th’ le seiliú amach gan cháim.
Fadhb níos measa a bheidh acu leis an ngramadach féin. Buaileadh roinnt rialacha a chum gramadóirí san 18ú haois isteach in aigne agus i gcluasa na nglúnta de pháistí scoile, amhail is go raibh siad ‘ceart’. Ceann acu is ea an diúltach dúbailte ar an míthuiscint gur matamaitic is ea teanga, nuair ba threise nó béim nó daingniú nó cur-i- bhfeidhm a bhí riamh ann sa Bhéarla.
Bhí mearbhall orm an chéad uair gur airíos an t-amhrán ‘The Wild Rover’ lena ‘No nay never no nay never no more!’ mar b’éigean dom na míreanna diúltacha a chomhaireamh féachaint an dearfach a bhí siad mar thátal.
Is iontach mar a éiríonn leis an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta teacht ar shlite le breis struis a chur ar dhaltaí… agus ar mhúinteoirí.