Is gairid go mbeidh an cnag ar an doras chugat, mura bhfuil sé tagtha cheana féin. Bíodh nach bhfuil aon dáta cruinn fós againn i gcomhair pléaráca an olltoghcháin, tá's againn go bhfuil sé chugainn chomh siúráilte is nach mbeidh Páirtí Cumannach na hÉireann sa rialtas. Ní hiad an t-aos cabaireachta amháin ar gean leo an feachtas go díreach mar is gráin leis na polaiteoirí féin é, ach an gnáthphobal a fhéachann air mar phíosa spraoi eile ar nós Craobh na hÉireann nó rásaí Lios Tuathail, ach gan a bheith chomh spórtúil.
Is fada mé ag faire ar thoghcháin mar chuid d’fhéilire na tíre. Bliain na hardteistiméireachta féin nuair a bhí i bhfad níos mó ar eolas agam ná mar atá anois bhí sé de dhánaíocht ionam féin agus cara bualadh isteach i gceanncheathrúna Fhine Gael i gCorcaigh. Bhí cóip de pholasaithe gnóthaí eachtracha agus oideachais an pháirtí á lorg againn, óir bhíothas ag sáirsingiú orainn ó thaobh na dtaobhanna gur bhain toghcháin le polasaithe seachas le pearsantachtaí. Is ea, bhí tuigthe go léadh daoine polasaithe éagsúla go mion, go ndéantaí iad a mheá go cúramach, go bpléití iad lena n-ae istigh agus ansin go dtriallaidís ar an mboth vótála láneolgaiseach go raibh leas na tíre á dhéanamh acu.
Is amhlaidh gur fáiltíodh go béasach romhainn, fág gur baineadh geit as an bhfear deas go raibh beirt stócach amhulchacha ar thóir polasaí an pháirtí. Ní raibh a fhios againn ag an am, ach níorbh fhada gurbh eol dúinn gurbh é Peter Barry, a bhí ina Thánaiste ina dhiaidh sin, an duine ar chuireamar oiread sin sceimhle air. B’eo leis ag sciorradh isteach i seomra cúil ónar airíomar páipéir á suaitheadh, agus ina dhiaidh sin nuair a nocht sé arís go ndeachaigh ag tumadh go domhain isteach i gcuail de dhoiciméid a bhí ina luí thart sna cúinní. Tar éis mórán tochailte agus fuirseoireachta tháinig sé aníos as an gcarn agus cúpla bileog ina ghlaic aige á luascadh, mar a bhí Chamberlain ag fógairt síochána lenár linn ar fhilleadh dó ó Munchen.
Ní cuimhin liom go beacht anois cad a bhí iontu nuair a shéideamar an deannach díobh, ach níor bhain siad an cloigeann dínn le léargais agus le pléascáin dóchais.
Ba cheart go mbeadh ceacht foghlamtha sa mhéid sin agam, ach cúpla bliain ina dhiaidh sin chaitheas tamall róghairid le feachtas Pheadair Mhic an Iomaire i nGaillimh Thiar nuair a bhí sé ag iarraidh suíocháin a bhaint amach do Ghluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta. I leataobh ó bheith ag iarraidh vótaí a bhleán ó fheirmeoirí dúnárasacha a raibh a lámha fillte go daingean thar a chéile acu lasmuigh de shéipéil Dé Domhnaigh san iarthar cianda agus mé ag óráidíocht go binn, chnagas ar dhoirse i gcathair na Gaillimhe.
Bhí a bhformhór cineálta go maith, fág nach raibh aon solas ar lasadh ina n-aghaidh a thabharfadh le fios go raibh tú ag dul i bhfeidhm orthu. Ach chaith mé nach mór leath uair an chloig le fear amháin lasmuigh dá dhoras áit ar chuireamar an toghchán trí chéile suas síos agus siar aniar. Bhí an dúspéis aige san ábhar agus i bhfad níos mó ar eolas aige faoin dáilcheantar ná mar a bhí agamsa, ní nach ionadh. Cheapas go raibh sliotán oscailte agam, go raibh beagán dá raibh á rá agam ag dul abhaile, go mb’fhéidir gurbh fhiú an t-aga a chaitheas leis nuair a dúirt sé, straois ar a aghaidh agus mé ag imeacht: ‘Ah, sure in this house we all vote for Bobby.’
Bobby Molloy FF a bhí i gceist aige.
Go raibh an oidhe chéanna ar chách a chnagann ar mo dhoras-sa an turas seo.
- Sign up for push alerts and have the best news, analysis and comment delivered directly to your phone
- Join The Irish Times on WhatsApp and stay up to date
- Listen to our Inside Politics podcast for the best political chat and analysis