‘Fáilte go domhan beag ina dtarlaíonn rudaí móra’

Is é sealbhú agus saibhriú teanga trí spraoi agus trí shúgradh seachas foghlaim fhoirmiúil atá i gceist sa naíonra.

Ruby Sheehan i Naíonra Chaitlín Maude, i dTamhlacht.
Ruby Sheehan i Naíonra Chaitlín Maude, i dTamhlacht.

Foclóir: Craoladh – broadcast; bainisteoir – manager; tairseach – threshold; turas – journey; tromlach – majority; léargas grinn - sharp insight; cuimsitheach – comprehensive; neamh comhfhiosach – unconscious; uathúil - unique; ionchuimsitheacht – inclusivity.

“Fáilte go domhan beag ina dtarlaíonn rudaí móra.” Sin mar a chuireann Síle Seoige tús leis an chéad chlár den tsraith nua teilifíse dar teideal Naíonraí atá á craoladh ag TG4.

Thar thréimhse bliana, lean ceamaraí imeachtaí i Naíonra Chaitlín Maude i dTamhlacht, i mBaile Átha Cliath, agus i Naíonra Thomáis Dáibhís i Mala, i gCo Chorcaí, chun spléachadh a thabhairt ar a dtarlaíonn sna hionaid luathbhlianta oideachais seo.

“Ní bheidh mé in ann codladh anocht mar go bhfuil mé ar bís ag feitheamh ar na páistí.”

READ MORE

Ní gan údar a dúirt Máire Uí Bhriain, bainisteoir Naíonra Thomáis Dáibhís, an méid sin, lá sular thosaigh an gasra is déanaí sa naíonra.

Is céim mhór do na páistí agus dá dtuismitheoirí é nuair a thrasnaítear tairseach an naíonra den chéad uair - ní hamháin mar chéad chéim ar chosán a gcuid oideachais, ach mar thúsphointe ar thuras teanga chomh maith.

“Tá siad chomh fiosrach, chomh hionraic, chomh dearfach agus tá sé chomh héasca a bheith timpeall orthu. Cuireann siad meangadh gáire ar m’aghaidh,” a dúirt Aisling Bhreathnach, bainisteoir Naíonra Chaitlín Maude i dTamhlacht. Is sna luathbhlianta a fhoghlaimíonn páistí go leor de na scileanna a úsáidfidh siad i gcaitheamh a saoil - tuiscint, cumarsáid, féinmhuinín, caidreamh agus cairdeas - agus bíonn forbairt iomlán an pháiste de réir a chumais ina cuspóir ag an naíonra.

Is ann freisin a bhlaiseann tromlach na bpáistí an teanga den chéad uair agus í in úsáid mar phríomhtheanga chumarsáide. Bíonn tionchar ríthábhachtach aige sin ar dhearcadh fadthéarmach na bpáistí ar an nGaeilge.

Togra nuálach a bhí sna naíonraí nuair a tháinig siad ar an bhfód den chéad uair sna seascaidí. Tuismitheoirí is mó a bhunaigh iad, rud a rinneadar gan cúnamh ná spreagadh stáit. Theastaigh uathu deis a thabhairt dá bpáistí agus do pháistí na gcomharsan an Ghaeilge a shealbhú go nádúrtha, rud nach raibh an córas oideachais á dhéanamh.

Vincent Yu i Naíonra Thomáis Dáibhís, i Malla.
Vincent Yu i Naíonra Thomáis Dáibhís, i Malla.

Bunaíodh go leor acu i dtithe na dtuismitheoirí ach cé gur minic anois iad ag feidhmiú mar chuid d’éiceachóras ghaelscoileanna (a d’eascair iad féin uaireanta ón ngluaiseacht chéanna), níl mórán athrú tagtha ar an gcur chuige uathúil a úsáidtear sa naíonra.

Tá an cumas ionainn ar fad teangacha a fhoghlaim ach iad a chloisteáil, agus má chloistear go hóg iad, is mó an tseans go mbeifear in ann é sin a dhéanamh.

Is é sealbhú agus saibhriú teanga trí spraoi agus trí shúgradh seachas foghlaim fhoirmiúil atá i gceist sa naíonra.

Le cabhair ón Ollamh Pádraig Ó Duibhir, Ollamh Emeritus, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an síceolaí cliniciúil, an Dr Cáit Verling agus an teiripeoir urlabhra agus teanga an Dr Ciara O’Toole, tugtar léargas grinn dúinn sa chlár ar an dul chun cinn a dhéanann na páistí.

“Tá deis iontach ag leibhéal an naíonra taithí dhearfach a thabhairt do pháistí óga maidir leis an nGaeilge i dtimpeallacht mhealltach spraíúil,” a dúirt an tOllamh Pádraig Ó Duibhir le Tuarascáil.

Tá taighde cuimsitheach curtha i gcrích ag an Ollamh Ó Duibhir ar an tumoideachas agus ar na córais éagsúla trína sealbhaítear teangacha.

“Is féidir le páistí an Ghaeilge a shealbhú ag leibhéal neamh-chomhfhiosach ag an aois seo trí spraoi agus trí imeachtaí idirghníomhacha. Is féidir bunchloch an-mhaith a leagadh síos ag an aois seo le tógáil air ar ball,” a dúirt sé.

Halle Redmond i Naíonra Chaitlín Maude, i dTamhlacht
Halle Redmond i Naíonra Chaitlín Maude, i dTamhlacht

An phríomhghné a theastaíonn ag an aois seo le teanga a shealbhú ná “neart ionchuir agus teagamhála.”

“Soláthraíonn an tumoideachas é seo ar bhealach nádúrtha,” a dúirt sé.

Páistí idir trí agus chúig bliana d’aois a fhreastalaíonn ar naíonraí de ghnáth. Cé nach mbíonn Gaeilge ag a bhformhór ar an chéad lá, ní fada go gcloistear iad ag baint úsáide as focail Ghaeilge de réir mar a shocraíonn siad síos sa timpeallacht nua.

“Tá muidne ag líonadh an bhuicéid,” a dúirt Aisling Bhreathnach, bainisteoir Naíonra Chaitlín Maude.

Míníonn sí gur de réir a chéile a líontar an stór teanga sin agus faoin am go mbíonn siad in aois scoile, bíonn an Ghaeilge “ag stealladh amach” astu.

Riadh Holland agus Penny Lane i Naíonra Thomáis Dáibhís, i Malla.
Riadh Holland agus Penny Lane i Naíonra Thomáis Dáibhís, i Malla.

Géarchéim<QA0>

Ach más lóchrann dóchais iad na naíonraí do thodhchaí na teanga, tá géarchéim ag bagairt. Léiríonn an tsraith seo go paiteanta luach na naíonraí agus an rian dearfach a fhágann siad ar na páistí. Ach tá fadhbanna córasacha ag bagairt ar thodhchaí na hearnála, rud a fhágann inmharthanacht na naíonraí i mbaol.

De réir Gaeloideachais, an t-eagras a chuireann seirbhísí tacaíochta ar fáil do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht, tá ganntanas maoinithe, pá íseal, agus easpa aitheantais don obair ríthábhachtach a dhéantar ag cruthú éigeandála.

“Tá an earnáil an-leochaileach i láthair na huaire,” a dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Gaeloideachas le Tuarascáil.

“Tá sé deacair folúntais a líonadh i gcoitinne, gan trácht ar dhaoine a aimsiú le cumas sa Ghaeilge anuas ar cháilíochtaí éigeantacha luathbhlianta.”

Tá bearna shuntasach sa chóras oideachais de bharr easpa cúrsaí luathoideachais trí mheán na Gaeilge ag an tríú leibhéal, rud a chuireann bac ar fhorbairt ghairmiúil na n-oidí luath-óige Gaeilge.

Is díol suntais é nach bhfuil na tacaíochtaí céanna ar fáil do lucht oibre na naíonraí is atá ar fáil dóibh siúd san earnáil Bhéarla.

“Mar shampla, d’fhoilsigh an Roinn Leanaí treoirlínte nua don earnáil maidir le hionchuimsitheacht do pháistí uathacha an lá cheana, agus níl siad ar fáil i nGaeilge, ainneoin an tábhacht a bhaineann leis do na naíonraí,” a dúirt Ní Ghréacháin.

Cé go bhfuil na naíonraí faoi chúram na Roinne Leanaí faoi láthair, tá ceist ann cé acu í nó an Roinn Oideachais ab fhearr a d’fhreastalódh ar a gcuid riachtanas uathúil.

“Tá siad imeallaithe faoi láthair agus iad faoi chúram na Roinne Leanaí, roinn nach bhfuil an cur amach céanna acu ar mhúnla an tumoideachais is atá ag an Roinn Oideachais.”

D’fhás líon na naíonraí go mór ó na seascaidí ar aghaidh agus faoi Nollaig 1993 bhí 245 naíonra ag feidhmiú (74 acu sa Ghaeltacht). Ach de réir thuarascáil na Roinne Leanaí anuraidh, ní raibh ach 53 naíonra fós ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht sna sé chontae is fiche.

Tá sé i gceist leis an bpolasaí nua atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais don oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht creat a sholáthar chun oideachas ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Deir na saineolaithe agus páirtithe leasmhara gur cheart go mbeadh áit lárnach ag na naíonraí sa pholasaí sin.

Tá an t-oideachas luathóige ina chuid lárnach den chóras oideachais i bhformhór na dtíortha forbartha ina bhfuil dea-chleachtas le sonrú, a dúirt an tOllamh Ó Duibhir.

“Aithnítear múinteoirí oideachais luathóige mar mhúinteoirí láncháilithe agus íoctar iad dá réir,” a dúirt sé.

“Ba cheart oideachas luathóige agus cúram leanaí a bheith faoi chúram an Stáit agus ardchaighdeán ag baint leis. Is í an tréimhse is tábhachtaí i bhforbairt an linbh.”

Deir Bláthnaid Ní Ghréacháin go bhfuil sé “iomlán riachtanach” go mbeadh na naíonraí san áireamh i dtimthriall an oideachais.

“Is iad bunchloch an córas tumoideachais lán-Ghaeilge agus is gá go mbeidís san áireamh san fhís agus i bplean feidhmithe an pholasaí.”

Creideann sí gur gá an chaidreamh a láidriú idir na naíonraí agus na bunscoileanna lán-Ghaeilge.

“Cinnteoidh sé leanúnachas níos fearr don pháiste ina n-aistear oideachais, agus is eispéireas an pháiste ar cheart a bheith ag croílár na hoibre seo.”

Nuair a fheictear toradh an mhúnla agus bláthú na bpáistí faoi choimirce an naíonra, is deacair an loighic taobh thiar den éileamh a shéanadh.

Craolfar an dara clár sa tsraith Naíonra ar TG4 Dé Céadaoin ag 9.30pm

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.