‘Tá an-chuid comharthaí ann go bhfuil teagasc agus foghlaim na Gaeilge i mbaol’

Rabhadh lom tugtha i dtaobh stádas na Gaeilge sa chóras oideachais

Tá Polasaí don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht geallta le fada an lá anois. Grianghraf: iStockphoto

FOCLÓIR: Oireachas - status; rabhadh - warning; ionchuimsitheach - inclusive; dul i ndáil chomhairle - convene; saíocht - knowledge; imeascadh - integration; comharthaí - signs; i mbaol - in danger; creimeadh - attrition; dalta - student; go huile is go hiomlán - completely; as smacht - out of control.

‘Tá an-chuid comharthaí ann anois go bhfuil teagasc agus foghlaim na Gaeilge i mbaol.”

Sin an rabhadh lom a thug an Dr Aisling Ní Dhiorbháin, Stiúrthóir Shealbhú, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge agus í ag trácht ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Dúirt an Dr Ní Dhiorbháin freisin go bhfuil eagrais oideachasúla agus Gaeilge “buartha” go bhfuil leasuithe á ndéanamh ar Churaclam Teanga na Bunscoile “gan aon athbhreithniú déanta” ar chur i bhfeidhm an churaclaim reatha.

READ MORE

“Táimid buartha chomh maith go bhfuil cinntí á ndéanamh a théann i gcoinne an méid atá foghlamtha againn ón taighde idirnáisiúnta,” a dúirt sí.

Tugadh léiriú ar chreimeadh céimneach oireachas na teanga le deireanas nuair a eisíodh torthaí ardteistiméireacht na bliana seo. Ardú eile a bhí i ndán do líon na ndaltaí nach ndearna an scrúdú Gaeilge: 13,695 dalta ardteistiméireachta nár shuigh an scrúdú Gaeilge i mí an Mheithimh, sé sin 23 faoin gcéad den 61,000 san iomlán a rinne na scrúdaithe i mbliana - an ráta is airde go dtí seo.

“Is ábhar mór imní dúinne an titim i líon na ndaltaí a dhéanann an scrúdú Gaeilge san ardteist,” a dúirt an Dr Ní Dhiorbháin.

“Tá córas na ndíolúintí imithe go huile is go hiomlán ó smacht,” a dúirt sí.

Má bhreathnaítear siar ar ráta eisithe na díolúine ó staidéar ar an nGaeilge a ceadaíodh faoin gcóras athchumraithe faoin Aire Oideachais Norma Foley, bronnadh díolúine ar 11,097 dhaltaí iar-bhunscoile in 2020-21, ar 13,710 sa scoilbhliain 2021-22 agus 19,882 in 2022-23.

Bunaithe ar na treochtaí sin, ní ionadh ar bith é go bhfuil imní ar oideachasóirí agus ar ghníomhaithe teanga faoi thodhchaí na Gaeilge sa chóras. Tá sé ráite le fada ag saineolaithe oideachais go bhfuil géarchéim ag gach leibhéal oideachais agus nach bhfuil an caighdeán Gaeilge atá á bhaint amach ag daltaí sásúil.

“Is gá go mbeadh fís againn don Ghaeilge sa chóras oideachais ó aois breithe go dtí an tríú leibhéal,” a dúirt an Dr Ní Dhiorbháin.

“Caithfear breathnú ar gach céim. Tá sé de cheart ag páistí taithí mhaith a bheith acu ar fhoghlaim na Gaeilge ag gach leibhéal oideachais. Tá práinn leis an gceist seo go cinnte agus is gá tascfhórsa a chur ag obair ar cheist na Gaeilge sa chóras oideachais láithreach,” a dúirt sí.

“Foghlaimíonn páistí ar bhealaí éagsúla. Beidh próiseas agus toradh na foghlama éagsúil do gach páiste. Is gá deiseanna a thabhairt do pháistí teagmháil a bheith acu leis an teanga agus an teanga a fhoghlaim ar bhealach a oireann dóibh féin. Ba chóir go mbeadh an ceart sin acu,” a dúirt an Dr Ní Dhiorbháin.

Creideann Julian de Spáinn, ardrúnaí Chonradh na Gaeilge, go bhfolaíonn córas na díolúine fadhbanna atá le brath níos doimhne sa chóras. “Níl muid ag freastal i gceart ar dhaoine a bhfuil riachtanais speisialta acu ach an oiread de bharr go bhfuil córas ródhocht ann agus nach bhfuil an tsolúbthacht ann a bheadh ar fáil dá mbeadh an Fráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha (FTCE) in úsáid,” a dúirt sé.

Baintear úsáid as an FTCE ar fud an domhain le spriocanna foghlama a shainiú. Baintear úsáid as freisin mar shlat tomhais le tacú leis an measúnú teanga.

“Bheadh gá le i bhfad níos lú díolúintí sa chás sin mar gur córas ionchuimsitheach a bheadh ann in ionad córais atá ag gearradh daoine amach,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt de Spáinn go bhfuil an baol ann go “gcaillfear an cath” le han-chuid de na daltaí mura gcuirtear na fadhbanna i gceart. “Tá muid ag rá go bhfuil éigeandáil ann ó thaobh na Gaeilge,” a dúirt sé.

“Tá an córas lochtach agus ag briseadh.”

I ndréacht phlean a cuireadh faoi bhráid an Aire Foley i mí Iúil anuraidh, mhol oideachasóirí gur cheart “cur chuige iomlánaíoch” i leith curaclaim agus measúnaithe a bheith mar chuid de pholasaí “comhtháite agus comhleanúnach” don Ghaeilge sa chóras oideachais. Moladh leis gur cheart grúpa oibre le taithí agus saineolas i ndearadh agus múineadh na sonraíochtaí Gaeilge ón réamhscoil go dtí an tríú leibhéal dul i ndáil chomhairle faoi Aibreán na bliana seo.

“Tugadh an plean don Aire breis agus bliain ó shin agus ní fheictear dúinn go bhfuil aon rud déanta aici chun gníomhú ar an gceist seo,” a dúirt de Spáinn.

“Agus, mura ndéantar aon rud faoi, ní rachaidh sé ach sa treo amháin. Tá sé ag éirí níos measa gach bliain.”

Chuir beartas nua a fógraíodh le gairid chun nuatheangacha iasachta a thabhairt isteach ag leibhéal na bunscoile sceon ar mhúinteoirí agus ar oideachóirí.

Faoin bplean, laghdófar an t-am a leithdháiltear do mhúineadh na Gaeilge i scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla ó 3½ uair an chloig go trí huaire an chloig. Dúirt an Dr Ní Dhiorbháin go dtéann an cinneadh “in éadan gach píosa taighde atá againn” ar theagasc agus ar fhoghlaim mionteangacha.

“Seachas an t-am a laghdú don Ghaeilge agus laghdú a dhéanamh ar dheiseanna foghlama na bpáistí dá bharr is gá tacú leis an gcóras atá ann faoi láthair.

“Is gá cur leis an líon ama a thugtar do theagasc na Gaeilge i scoileanna meán-Bhéarla, béim a chur ar úsáid na teanga go neamhfhoirmiúil chomh maith le hábhair eile nó cuid d’ábhair a theagasc trí Ghaeilge

“Impím ar an Aire Oideachais athbhreithniú a dhéanamh ar an gcinneadh seo,” a dúirt sí.

“Ní chóir cinneadh a dhéanamh a théann i gcoinne taighde idirnáisiúnta agus i gcoinne pholasaithe eile an Stáit. Níl ciall leis. Le páistí óga ach go háirithe teastaíonn go leor ama agus go leor deiseanna foghlama le teanga a shealbhú,” a dúirt sí.

“Gan dóthain ama ní bheidh páistí in ann ardchaighdeán a bhaint amach sa Ghaeilge nó caighdeán a bheidh sásúil go fiú. Beidh tionchar tubaisteach ag an laghdú ama seo ar thorthaí foghlama na bpáistí agus ar a gcaighdeán Gaeilge agus iad ag aistriú ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil.”

Imeascadh

Bíonn oidhreacht agus cultúr tíre fite fuaite sna hainmneacha dúchasacha a thugtar ar bhailte, ar aibhneacha, ar chnoic agus ar shléibhte. Deis iontach foghlama é sin d’inimircigh tuiscint a fháil ar an tír, ach na tacaíochtaí a bheith ar fáil. Ach fiú má tá stádas ar leith ag an Ghaeilge i dtaobh féiniúlacht an phobail, ní thugtar mórán spreagadh dóibh í a fhoghlaim. “Is gá tacaíocht a thabhairt do pháistí atá nuathagtha go hÉirinn ag leibhéal na bunscoile le go mbeidh rochtain acu ar na buntáistí a bhaineann le foghlaim na Gaeilge,” a dúirt an Dr Ní Dhiorbháin.

“Tá géarghá deiseanna a thabhairt do nuafhoghlaimeoirí tosú ar foghlaim na Gaeilge san iar-bhunscoil agus go mbeadh soláthar ann dóibh. Ní dhéanann sé ciall gur féidir le páistí tosú ar fhoghlaim na Fraincise, na Spáinnise nó na Gearmáinise ag leibhéal na hiar-bhunscoile ach nach bhfuil an deis seo acu sa Ghaeilge, céad teanga oifigiúil na tíre,” a dúirt sí.

“Is minic gurb iad na foghlaimeoirí ilteangacha na foghlaimeoirí Gaeilge is fearr a bhfuil againn mar go mbíonn straitéisí ilteangacha forbartha acu a thacaíonn leo teangacha a fhoghlaim.”

Dúirt Julian de Spáinn go bhfuil na pobail nua á ligean síos ag an stát. “Níl sé ag cur le himeascadh ach tá sé ag cur i gcoinne imeascadh na ndaltaí sin atá tagtha isteach,” a dúirt sé. “Tá na daoine atá tagtha chun cónaithe in Éirinn á ligeann síos againn de bharr córais atá dolúbtha agus nach bhfuil in ann freastal orthu.”

Polasaí

Tá polasaí don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht geallta le fada an lá anois. Tá an-chuid taighde agus obair déanta ach níl dé ná deatach air fós.

Creideann de Spáinn go bhfuil sé de dhualgas ar an rialtas agus ag an Aire Oideachais aghaidh a thabhairt ar an cheist anois. “Ba cheart go mbeadh ceannasaíocht á léiriú ag an Aire,” a dúirt sé.

“Caithfidh sé seo teacht ón rialtas, caithfidh sé teacht ón Aire Oideachais féin. Nílim ag rá go mbeidh sé éasca nó go mbeidh sé déanta thar oíche ach, mar a fheiceann muid bliain i ndiaidh bliana, tá an scéal ag éirí níos measa.”

“Tá buntáistí cultúrtha, cognaíocha, sóisialta, teangeolaíocha, agus oideachasúla ag baint le foghlaim na Gaeilge. Ba chóir go mbeadh rochtain ag gach páiste ar na buntáistí seo,” a dúirt an Dr Ní Dhiorbháin.

“Tá na freagraí ar fad againn ón taighde ach is gá gníomhú anois,” a dúirt sí.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.