Óráid chontúirteach

Níorbh eol domsa go raibh ‘Comórtas an 21ú haois’ ann, agus tá go leor gurbh fhearr leo nach mbeadh.

"Maidir le bheith ag útamáil leis an spás, ba dhóigh leat go raibh praiseach go leor déanta dá bhfuil fágtha den talamh gan a bhfuil lasnairde a bhac in aon chor." Grianghraf: iStockphoto

Tharla gur thug Xi Jinping, Ardrúnaí Pháirtí Cumannach na Síne agus Cathaoirleach ar Lárionad Choimisiún Míleata na tíre óráid nach bhfuair oiread sin poiblíochta an tseachtain cheana. B’ait sin ann féin, mar bhí na céadta, mura raibh na mílte, i láthair nuair a labhair sé os comhair toscairí roghnaithe an pháirtí, cuid acu le meirgí móra dearga ar foluain ag fógairt go raibh an tSín go hiontach, gur aici a bheadh na blianta romhainn, an aimsir óg is an rath ag teacht. Ba dheacair cuid de na hóráidí eile a chlos i gceart lena raibh de bhannaí ceoil ag séideadh agus drumaí á mbualadh go gárthach. Scaoileadh 100,000 balún dearg anuas ón tsíleáil, an casúr agus an corrán greanta go buí ar gach ceann díobh.

Ach thit an tost nuair a labhair an príomhchainteoir, gan amhras, agus gach duine ag guí nach dteipfeadh ar na leideoirí scáileán a bhí scaipthe ar fud an halla ollmhóir agus go mbeadh sé náirithe.

Is fíor gur labhair sé go tomhaiste i dtosach mar gheall ar a óige agus a mhuintir. Chuir sin iontas ar dhaoine toisc nach raibh aon aithne phearsanta air go dtí sin. Níorbh iad na cuimhní deasa sin a thóg an tsuaill de hósannanaí is de phuililiúnna ón slua a bhí ar bís agus ag cur a mbundún amach chun éisteachta go fonnmhar, ach an méid a d’fhógair sé mar gheall ar chumhacht na Síne agus an méid a dhéanfadh sé chun an forlámhas domhanda atá acu a choinneáil.

De réir an aistriúcháin oifigiúil is é dúirt sé: ‘Mar Ardcheannasaí an Airm, deimhneoidh mé go mbeidh na fórsaí armtha is láidre agus is marfaí ar domhan againn, agus cuirfidh mé mo dhualgas naofa i bhfeidhm aire cheart a thabhairt dár dtrúpaí agus dá dteaghlach.’

READ MORE

Tugadh bualadh bos mór dó, go háirithe nuair a chuir sé treise leis na fórsaí armtha ‘is láidre agus is marfaí’, ach ba cheart go gcuirfeadh sé dinglis uafáis trí mhórán de phobail an domhain.

Lean sé ar aghaidh: ‘Deimhneoidh mé go mbeimidne sa chéad áit ar domhan maidir leis an spás os ár gcionn agus AI, agus gurbh í an tSín, agus ní Meiriceá, a bhuafaidh comórtas an 21ú haois, agus go neartóimid dá réir ár gceannas ar fud na cruinne, seachas ligean dó dul ar gcúl.’

Níorbh eol domsa go raibh ‘Comórtas an 21ú haois’ ann, agus tá go leor gurbh fhearr leo nach mbeadh. Maidir le bheith ag útamáil leis an spás, ba dhóigh leat go raibh praiseach go leor déanta dá bhfuil fágtha den talamh gan a bhfuil lasnairde a bhac in aon chor. Chuirfeadh sin ‘cogadh na réaltaí’ Reagan i gcuimhne duit, agus ní raibh aon dea-thoradh ar sin, fós.

Agus ina dhiaidh sin: ‘Ní staonfaidh mé choíche ná go deo cibé rud is gá a dhéanamh chun ár gcuid fórsaí armtha agus ár leas saolta a chosaint in aghaidh na sceimhlitheoirí ón Iaráin…Gabhtar amach! Gabhaimis chun troda ar ár son!’

N’fheadar fútsa, ach caithfead a rá gurb ar éigean gur chodail mé go sámh ó shin im fhoscadán buamála. Is rómhinic a thagann an tuar faoin tairngreacht nuair a scaoiltear an iall de reitric bhagarthach an cheannais agus an fhorlámhais. Níl aon duine ag iarraidh go mbeidh an tSín ag scrios roimpi agus ag scaipeadh a dúil fhuilchraosach sa chogaíocht agus sa choncas ar fud an tsaoil.

Is í an t-aon fhadhb amháin a bhaineann leis an óráid sin, ná nárbh é Xi Jinping a thug uaidh í in aon chor dá chairde Cumannacha.

B’í Kamala Harris a chan is a cheol ag Comhdháil an Pháirtí Dhaonlathaigh in Chicago, 20 Lúnasa, nuair a ghlac sí lena hainmniúchán seasamh don uachtaránacht.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar