An Comhaireamh fada

Dúradh, caintíodh, bladarálaíodh, fuaimníodh, labhradh agus luadh na milliúin focal agus na trilliúin siolla.

Bhuail Jim Tunney a chéile comhraic Jack Dempsey i gcraobh-bhabhta trom-mheáchana an domhain sa bhliain 1927. Lean conspóid an troid toisc gur leag an Díomasach an Tunnaíoch ach nár chúlaigh sé siar go dtí cluas an chró láithreach bonn. Thug sin soicindí luachmhara breise do Tunney, tháinig sé chuige féin, agus bhuaigh an babhta thar amhras anonn ar Dempsey. Tugadh ‘troid an chomhairimh fhada’ riamh air ó shin, ach ar éigean gur fiú faic é sin suas is anuas leis an gcomhaireamh fada a bhí againne an tseachtain seo caite.

Níl aon amhras ach gur bhaineamar go léir spraoi thar na bearta as cluiche sin naithreacha nimhe agus dréimirí arb é sult na dtoghchán againne é. An duine is mó riamh nár thaithnigh léaráidí agus grafanna agus céimseata leis ar scoil is é is túisce ina shuí cois na teilifíse ag faire conas mar atá a chairde agus a naimhde ag dreapadh agus ag titim thar a chéile. An duine a bhí beo tamall bhí marbh ar ball, agus an té a bhí marbh níorbh fhada é ag aiséirí gan choinne aniar.

Agus nuair a bhí an fheadóg dhéanach séidte, na pubaill tógtha suas agus na camaill imithe abhaile, ní hé gur athraigh an méid sin uile ar fad. Iad siúd a chaill dúradh gur acu a bhí an bua, agus iad siúd a bhain ba léir gur cailliúint a bhí acu. A raibh idir eatarthu, ba róchuma, mar ní thagann aon duine slán as liombó de ghnáth.

Dúradh, caintíodh, bladarálaíodh, fuaimníodh, labhradh agus luadh na milliúin focal agus na trilliúin siolla i gcaitheamh na seachtaine agus fós féin d’fhéadfadh an fear ar an gcnoc nó an bhean ar an tsráid a gciall féin a bhaint as. Is é sin, nár athraigh mórán puinn.

READ MORE

Séideadh mórán trumpaí, cuireadh ba thar abhainn, tarraingíodh uisce chun muileannacha soir siar, cuireadh beala le hioscaidí, tugadh ciceanna sa tóin, fuair daoine an ceann caol nuair a bhí súil leis an gceann ramhar acu, déanadh fios diabhlaí dona d’fhios deamhlaí maith, scaoileadh le sciodar béil agus cuireadh fáithim ar bheola.

Cuid de spórt na tíre é, ar chuma nach dtuigeann go leor dár gcomharsana Eorpacha a bhfuil córais toghchánaíochta níos leimhe acu. Bhí chomh maith sin gur thosaigh na gnáthchnáimhseálaithe ag áiteamh go dtabharfaí ar ais na robotónna úd as Star Wars a dtugtaí vótáil leictreonach orthu. Ar éigean go ngéillfear choíche dá leithéid.

Bheadh róchosúil le béile breá a leagfaí os do chomhair agus go n-íosfaí ar son a chothaithe é seachas blaiseadh gach míre de, gan trácht ar an gcomhluadar a mbeadh tráchtaireacht leanúnach á déanamh ina thaobh, idir olc agus mhaith fad an ama.

Ceann de spóirt mhóra na tíre is ea an comhaireamh, an éiginnteacht a leanann, an chinniúint nach dtagann ann di, an capall a leagtar ag an gclaí deiridh, an buachaill bán a mbaintear an straois dá aghaidh, an cailín báire a ligeann an cúl bog isteach, an casadh nach rabhthas ag coinne leis, na bréaga ó pholaiteoirí a mhaíonn go bhfuil gach rud i gceart cé go bhfuil a fhios againn go bhfuil an naomhóg ar imeall an easa, an bhréagumhlaíocht mar bhréigriocht ar an bhfearg, an tráchtaire polaitiúil ag lorg an natha a mbeidh cuimhne air, an puilliliú agus feisire nua ar ghuaillí a lucht leanúna chomh míchompordach le bó ar leac oighre, an leithscéal agus a thóin leis, an dóchas chéad uair eile chomh folamh le súile chait mhairbh, an t-agallamh nach fiú éisteacht leis mar tá cloiste míle uair cheana, an sorcas uile go léir ar binn linn gach áilteoir dá bhfuil ann mar is sinne iad chomh maith.

Nara fada uainn an chéad chomhaireamh eile!

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar