Genghis agus sinn féin

Is fusa i gcónaí cogadh a throid nuair atá Dia ar aon taobh leat

De réir gach tuairisce, barbarach gránna ba ea Genghis Khan a scuab leis ó mhachairí méithe na hÁise Móire go dtí geataí beannaithe na hEorpa thiar san 13ú aois. Bhí aon rud amháin ar chuma leis faoi, de dhealramh, nuair nach mbíodh sé ag cur cloigne ar spíce agus leanaí ar bhior. B’in cúrsaí creidimh agus reiligiúin nárbh aon phioc dá dhúnghaois iad.

Go deimhin deimhnitheach siúráilte cinnte féin, tá an chuma air go raibh sé breá oscailte liobrálach, caoinfhulangach fiú, maidir le gnóthaí creidimh de. Dá mbeadh sé i gceannas inniu, d’osclódh sé scoil idirchreidmheach i ngach aon bhaile agus foras ilchreidmheach i ngach aon chathair. Chnagfadh sé cloigne Críostaí agus Ioslam agus Giúdach agus Búdaíoch agus Hiondúch le chéile féachaint cad a bhí comónta eatarthu sula ngabhfadh sé ag creachadh críche arís i mochthráth na maidne.

Níl sa mhéid seo ach nod beag nach gá do Dhia ná do na déithe a bheith claonpháirteach sna cogaí gránna a fhearaimid ar a chéile. Ina choinne sin, is róbhaol gur rómhinic a déanadh Dia bocht a chrá lenár mionchúraimí gránna barbartha cogaíochta nuair a bhí nithe eile ba thábhachtaí go mór le réiteach aige.

Is fusa i gcónaí cogadh a throid nuair atá Dia ar aon taobh leat, ach is é is lánaite ná go mbíonn sé ar gach taobh ag an am céanna amháin. Chuige sin nuair a dhein Cortés concas ar Mheicsiceo bhí Dia na Spáinne ar thaobh na gconquistadores, fad is a bhí Huitzilopochtli ar thaobh na nAstacach. Ina choinne sin, thréig Dia iad nuair a buaileadh iad i gcogadh úd Chichimeca tamall gairid ina dhiaidh sin in aghaidh na mbundúchasach, rud a léiríonn nach bhfuil cuid de na déithe iontrust nuair is cúrsaí cogaidh atá sa treis.

READ MORE

Agus sin é ball díreach go beachtspriocaithe é. Contúirt mhór atá ann an creideamh a ghairm chugat féin in aon aighneas polaitiúil óir nach mbeadh a fhios agat cén páirtí reiligiúnda a bheadh i gceannas thuas ar neamh ag aon am faoi leith. Ba dhóigh leat gurbh fhearr nach mbeadh aon cheangal idir saol gránna talmhaí ábharach uaillmhianach na cumhachta agus beatha naofa bheannaithe íon os-cionn-talún an reiligiúin.

Ní mar sin dúinn, áfach. Samhlaíodh toise reiligiúnda de chuid na 17ú haoise a bheith i lúib ar tharla in oirthuaisceart na tíre, go háirithe thar lear. Ní raibh Caitlicigh agus Protastúnaigh ag gabháil dá chéile toisc go raibh easaontas eatarthu maidir leis an láithreacht réalta nó le deasghabháil na Maighdine Muire. Mar sin féin, dúradh gur ardaíodh tinreamh an Aifrinn in iarthar Bhéal Feirste sna 70í seo caite ionas go bhféadfadh daoine siúl amach nuair a thosnaigh an sagart ag caitheamh anuas ar bhuachaillí na sráide lasmuigh, agus ar an bhforéigean.

Cogadh mar gheall ar na focail a bhí sa leabhar urnaí oifigiúil ba ea an trúig aighnis idir Sasana agus Alba in 1637, agus cá bhfágfá toisí breátha Críostúla an KKK i Meiriceá ag cur in aghaidh thruailliú na muintire glaine in aghaidh na doircheachta neamhshibhialta mar fhocal Dé.

Is cosúil go ngabhann an creideamh go ceangailte crua sa pholaitíocht nuair a bhíonn géarchéim pobail ann. Ní dhéanfaí Caitlicigh chomh héachtach sin de mhuintir na hÉireann murach gur déanadh éagóir leatromach orthu sa chéad áit. Ní thiocfadh teagasc Sayyid Quitb chun cinn a spreag oiread sin den antoisctheacht Mhoslamach ach ab é go raibh buatais iarrainn an choncais ag fáisceadh na hanáile as na hArabaigh den chreideamh sin le mustar agus le drochmheas.

Uaireanta b’fhearr géilleadh don rud a dúirt duine éigin nach bhfeadair fadó: ‘Tugaigí do Chaesar na nithe is le Caesar, agus do Dhia na nithe is le Dia.’ B’fhéidir go raibh an ceart ag Genghis.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar