Céasadh ar chroch

Mar le ceacht teagaisc é, níl dearmadta fós agam.

Nuair a bhíos féin sa bhunscoil, tháinig an bráthair isteach agus mála á iompar aige. Níorbh aon eachtra neamhghnách é sin óir ba mhinic mála aige a bhféadfadh aon rud a bheith istigh ann: mirlíní a bhailigh sé ó bhuachaillí eile, marla crua a gcaithfí dealbha a dhéanamh as, smuit de chamáin bhriste a thiocfadh áiseach sa cheacht céimseatan, gunnaí scutarála (nó piostail uisce sa bhéarla ceart) a gabhadh ar an tslí amach ón scoil. Ach níorbh aon ní mar iad a bhí aige dúinn an t-am seo, ach tairne.

Aon tairne mór dubh amháin a bhí ní foláir nach mór sé orlach d’fhad ann, caipín ramhar ar a cheann agus bior géar ar a bhun, tairne ar leor é le béasa a mhúineadh dúinn go léir ar feadh míosa. Níor chuige sin é, áfach, ach d’fhonn a léiriú dúinn gur tairne mar sin a buaileadh isteach i lámha ár dTiarna nuair a céasadh ar chrois é de dheasca ár bpeacaíne, a bhformhór nach raibh déanta fós againn.

Mar le ceacht teagaisc é, níl dearmadta fós agam. Ní raibh le déanamh lena chur abhaile ach é féin a ghléasadh in éide an tsaighdiúra Rómhánaigh agus sampla a dhéanamh de dhuine éigin sa rang.

Ach b’é a d’fhan liom i gcaitheamh na mblianta ó shin ná a bharbartha is a bhí na Rómhánaigh chéanna agus ba thochas cinn dom cad ina thaobh go mbeadh orainn a dteanga mhíleata a fhoghlaim agus a nglóire a mhóradh tar éis a raibh de scrios déanta acu ar ghnáthdhaoine bochta ár ndála féin.

READ MORE

B’ait liom ar thaobh amháin go bhfoghlaimeoimis faoi stair na Róimhe agus go ndéanfaimis staidéar ar ‘De Bello Gallico’ an bhúistéara Caesar, agus ag an am céanna go dtabharfaí le fios dúinn gur laoch ba ea Spartacas Kirk Douglas in éirí amach na sclábhaithe in Hollywood c.73 BC.

Ba sa scannán sin a chonaiceamar an céasadh ar chroich arís ina lánuafás. Sraitheanna de sclábhaithe crochta in airde ar an Via Appia pour encourager les autres mar a deirtear sa teanga a camadh as a gcanúint féin. Bhí slite ag na Rómhánaigh le ceannairc a chur faoi chois a bhí éiritheach thar barr gur tháinig na barbaraigh shibhialta lena mbealaí éifeachtacha féin.

Bhí an céasadh sin forleathan go leor roimh na Rómhánaigh, óir ach an oiread le creideamh, le litríocht, le fealsúnacht is beag rud úr a dheineadar ach ag gadaíocht ó na Gréagaigh, na hÉigiptigh agus na Bablónaigh toisc gan aon mhachnamh d’aon bhun a bheith acu féin.

Fós, b’iad na Rómhánaigh buaic na foghlama dar le lucht oideachais ar feadh na gcéadta bliain, in ainneoin gurbh iad na cinedhíothaithe ba mheasa lena linn, agus na linn na linnte. Aon duine a bhfuil an fhríd is lú bá aige in íochtar a chroí ní foláir dó urlacan aníos ar an toirt go teicnidhathach ar fheiscint colún Trajian sa Róimh, gallán gránna a chomórann an scrios a dheineadar ar na Dracianaigh san fhearann ina bhfuil an Rómáin anois.

Ceann de na dearlaicí is mó a thug an Róimh dúinn ba ea na cluichí gliaireacha i bPáirc an Chrócaigh na cathrach, an Colasaem. Is mó is ionadh liom nár dhein entrepreneur éigin a dhícheall a leithéid a thabhairt ar ais, mar mhalairt ar thaispeántais leamha na sraithe náisiúnta a bhfuil a ndeireadh ar eolas againn cheana.

Is féidir a amhlachas céanna a lua leis an gcéasadh ar chroich. Má táthar sásta cathracha a scrios ón aer anuas agus ligean do pháistí bás a fháil den ghorta d’aon ghnó, dé chúis nach bhféadfadh an lucht féachana spraoi a bhaint as cluichí gliaireacha agus as daoine a fheiceáil céasta ar chrois ar mhórbhóithre phríomhchathracha an domhain?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar