‘Tá muid ag fanacht leis an lá seo le tamall fada’

Mórmhaoiniú le luach €20m fógartha do earnáil ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge

Foclóir: Na healaíona teanga-bhunaithe – the language-based arts; seachadadh – deliver; meascra – medley; allúntas – allowance; miondíol – retail; go hachomair, briefly; idirghníomhaireacht - inter-agency; áisitheoir – facilitator;

Cuireadh na múrtha fáilte roimh Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan i nGaillimh an tseachtain seo caite. Le Straitéis d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge i bpóca amháin aige agus seicleabhar Roinn na Gaeltachta sa phóca eile, dea-scéal a bhí le seachadadh aige d’earnáil na n-ealaíona teangabhunaithe agus do phobal labhartha na Gaeilge.

Gealltar sa straitéis go n-aithneofar an drámaíocht, an scéalaíocht, an amhránaíocht, agallaimh bheirte, lúibíní, an fhilíocht labhartha “mar réimsí tábhachtacha de na healaíona a imríonn tionchar ilréimseach ar dhaoine agus ar phobail”.

Gealladh maoiniú nua do mheascra eagras a bhaineann leis an nGaeilge sa phobal, sna healaíona teangabhunaithe, i ngnólachtaí, agus le tuismitheoirí agus daoine óga sa Ghaeltacht.

READ MORE

Go hachomair, fógraíodh maoiniú ceithre bliana don tréimhse 2024 go 2027 de luach €5.7m do Thaibhdhearc na Gaillimhe agus €4m d’Oireachtas na Gaeilge dá bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta chun ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Lena chois sin, ceadaíodh allúntas ¤5.4m d’Thuismitheoirí na Gaeltachta don tréimhse 2024 go 2026. Cuirfear breis agus €1.9m de mhaoiniú ar fáil d’Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge a spreagadh i measc gnólachtaí Gaeltachta sna hearnálacha seirbhíse, miondíola agus fáilteachais; agus cuirfear €3.7m ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta chun cur le seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht.

”Is céim mhór chun cinn í an mhór-infheistíocht seo don phróiseas pleanála teanga,” a dúirt an tAire Stáit O’Donovan.

”Tá súil agam go mbainfidh gnólachtaí, tuismitheoirí, ealaíontóirí agus an pobal araon tairbhe as na bearta seo atá fógartha inniu agus go mbeidh siad rannpháirteach i dtreisiú agus i gcur chun cinn na Gaeilge sa Ghaeltacht agus sa phobal i gcoitinne lasmuigh den Ghaeltacht,” a dúirt sé.

Coiste idirghníomhaireachta

Moltar faoin bplean go mbunófar coiste idirghníomhaireachta faoi stiúir na Roinne chun “comhordú agus comhoibriú níos fearr a chinntiú” i bhforbairt na n-ealaíon Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá sé i gceist freisin go gcruthófar foireann áisitheoirí lasmuigh den Ghaeltacht ar an mbonn céanna le háisitheoirí Ealaín na Gaeltachta atá ag feidhmiú faoi láthair sna ceantair Ghaeltachta.Beidh sé de fhreagracht orthu cur chun cinn agus forbairt straitéiseach chéimiúil a dhéanamh ar ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge.

Moltar go mbeadh oifigeach lonnaithe i ngach réigiún le duine amháin ar a laghad i mBaile Átha Cliath.

Tá beartais eile luaite freisin – ina measc, go bhfostófar comhordaitheoir náisiúnta le tacú le hobair na n-áisitheoirí réigiúnacha agus le ról ceannaireachta a ghlacadh in obair an choiste idirghníomhaireachta.

Dar ndóigh, is fada earnáil na n-ealaíona Gaeilge ar bhruach na haille ó thaobh maoinithe de, agus lena ceart a thabhairt don Roinn. Cúpla bliain ó shin maíodh le linn plé i dTithe an Oireachtais go raibh “beagnach seacht n-oiread níos mó maoinithe” á chaitheamh ag an Stát ar opera ná mar a bhí á chaitheamh ar na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta.

Níl aon cheist faoi ach gur dul chun cinn mór é an pacáiste seo sa chomhthéacs sin.

É sin ráite, ní bánlitir chreidmheasa é an méid a fógraíodh i nGaillimh, agus b’fhéidir nach gcuirfidh sé gach rud ina cheart ach an oiread, ach is mór an méid é d’earnáil atá ar an ngannchuid le fada an lá.

”Tá sé i scríbhinn anois againn, tá muid ag dul ar aghaidh leis, agus cuireann sé sin lúcháir orainn,” a dúirt Siobhán Nic Fhlannchadha, Cathaoirleach ar bhord Thaibhdhearc na Gaillimhe.

”Tá muid ag fanacht leis an lá seo le tamall fada. Ní dóigh liom go bhfuil na focail fágtha agam le rá cé chomh sásta is atá muid,” a dúirt sí.

”Mothaím go ndeirim an frása ‘Ar son na cúise’ ar a laghad uair sa choicís agus mé ag plé le hamharclannaíocht na Gaeilge,” a dúirt sí.

Méadú as cuimse atá san €5.7m (breis agus €1.4m in aghaidh na bliana) a fógraíodh don Taibhdhearc. Go dtí seo, €320,000 in aghaidh na bliana a fuair an amharclann, agus de bharr na géarchéime maoinithe bhí gá le seachfhoinsiú a dhéanamh ar stiúir na hamharclainne ar feadh tréimhse trí bliana.

Tá sé mar aidhm ag an bplean feidhm a thabhairt don fhís atá ag Oireachtas na Gaeilge agus cuirfear €4m ar fáil don eagras sin chun ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a fhorbairt thar an tréimhse 2024-2027.

”Bhí muid thar a bheith ríméadach nuair a chuala muid an nuacht,” a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí Oireachtas na Gaeilge.

”Tá muid á éileamh seo le fada fíorach an lá ó Fhoras na Gaeilge agus ón Roinn. Tá na healaíona teangabhunaithe ag fulaingt de bharr easpa infheistíochta le os cionn 20 bliain,” a dúirt sí.

”Cuirfidh sé seo deiseanna iontacha forbartha agus dul chun cinn ar fáil dúinne – ní díreach ar bhonn náisiúnta mar a bhíonn Oireachtas na Samhna ag feidhmiú, ach ar bhonn áitiúil agus réigiúnach comhtháite, fud fad na tíre,” a dúirt sí.

”Beidh plean nua dúshlánach le cur i gcrích againn ach tá muid ag súil go mór leis,” a dúirt sí.

Táthar ag súil anois go gcuirfidh an maoiniú nua bonn láidir faoin earnáil agus go leanfar ag cúngú na bearna a mhaireann fós idir na healaíona teangabhunaithe agus na hearnálacha eile ealaíona a fhaigheann maoiniú Stáit.

Dúradh i dtuarascáil taighde a foilsíodh le gairid, agus ar a bhfuil an straitéis nua bunaithe, nach bhfuil straitéis fhoirmeálta, chéimnithe ag Foras na Gaeilge do na healaíona.

Tá sé suntasach mar sin gurb é Roinn na Gaeltachta atá ag cur an airgid seo ar fáil agus nach ón bhForas atá sé ag teacht.

Déantar cáineadh uaireanta ar an réimse róleathan freagraíochtaí atá ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ach moladh an Roinn sa chás seo.

Naíonraí

Ní fheadar an bhfeicfear an cur chuige chomhtháite céanna i ranna eile maidir leis na naíonraí atá ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht.

Tá ceisteanna sonracha straitéiseacha idir-rannach gceist. Tagann siad faoi bhráid Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, seachas faoi choimirce na Roinne Oideachais, cé go bhfuil siad ar an chéad chéim ar bhóthar an tumoideachais.

De réir tuarascáil a d’fhoilsigh an Roinn Leanaí anuraidh ní raibh ag an am sin ach 53 naíonra ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.Lóchrann dóchais a bhí sna naíonraí tráth a chuir fuinneamh agus comhthéacs ar fáil do thumoideachas na Gaeilge.

Ach, ar fáth éigin nár bhain lena n-éifeacht, baineadh as a chéile na heagrais a bhí taobh thiar de na naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht.

Dúirt Gaeloideachas gur thug tuarascáil an Roinn Leanaí anuraidh “léiriú an-lom” ar an staid ina bhfuil na naíonraí. Tá straitéis chuimsitheach don luath-thumoideachas á éileamh chun dul i ngleic leis an staid.

Dá bhfeicfí an tacaíocht chéanna á thabhairt do naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht agus atá á chur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta do naíonraí sa Ghaeltacht, b’fhéidir go lasfaí an lóchrann sin arís.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.