‘An múinteoir an acmhainn is tábhachtaí in aon seomra ranga’

Tá tábhacht ar leith le forbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus scoileanna lán-Ghaeilge

Foclóir: Laghdú - reduction; buillí - blows; suntasach - significant; díolúintí - exemptions; forbairt ghairmiúil leanúnach - continuous professional development; acmhainní - resources.

Le fada an lá tá imní ar oideachasóirí, ar mhúinteoirí agus ar thuismitheoirí faoin laghdú ar stádas na Gaeilge sa chóras oideachais.

Measann go leor gur buillí tréana ar an teanga iad an síorleathnú ar na critéir a cheadaíonn díolúintí agus go mbrostófar imeallú na Gaeilge leis na beartais is déanaí breis ama a bhaint ó theagasc na Gaeilge sna bunscoileanna.

Ach má tá imní faoi na beartais is déanaí, is minic agus is fada múinteoirí ag tuairisciú freisin nach mbíonn caighdeán Gaeilge sách maith ag daltaí a thagann isteach go dtí an dara leibhéal ón mbunscoil.

READ MORE

Agus ní faoi chaighdeáin amháin atá an bhuairt.

De réir taighde a d’fhoilsigh Gaeloideachas i 2016, chuir líon suntasach tuismitheoirí in iúl go raibh imní orthu nach mbeadh ar chumas na hiar-bhunscoile lán-Ghaeilge freastal mar is cóir ar riachtanais speisialta foghlama a bpáistí.

Faoi mar atá cúrsaí faoi láthair, agus scoil lán-Ghaeilge á roghnú dá bpáistí, braitheann tuismitheoirí go minic ar dhea-cháil acadúil na hiar-bhunscoile Gaeilge agus ar iarrachtaí mhúinteoirí aonaracha a bheith ag coinneáil suas leis na sonraíochtaí. Is minic freisin go mbíonn buairt ar thuismitheoirí go gcuirfidh easpaí acmhainní bac ar chumas scoileanna réimse leathan ábhar a chur ar fáil do gach páiste.

Bealach amháin le tabhairt faoi chaighdeáin teanga, le heaspa acmhainní, agus freastal cuí a dhéanamh ar riachtanais oideachasúla na ndaltaí scoile ná tacaíochtaí breise agus forbairt leanúnach ghairmiúil a chur ar fáil do mhúinteoirí.

“Infheistíocht sa chóras oideachais atá i gceist leis an bhforbairt ghairmiúil,” a dúirt an saineolaí oideachais an tOllamh Pádraig Ó Duibhir.

“Má theastaíonn uainn feabhas a chur ar fhoghlaim na ndaltaí, caithfear infheistíocht a dhéanamh i gcleachtas na múinteoirí”.

“Mairimid i dtréimhse atá ag athrú de shíor agus caithfimid cuidiú le múinteoirí timpeallacht foghlama a chruthú do dhaltaí a chuideoidh leo dul i ngleic leis an saol ní hamháin mar atá ach mar a bheidh,” a dúirt sé.

“Déantar múinteoirí a chumasú chuige sin tríd an bhforbairt ghairmiúil. Teastaíonn níos mó infheistíochta agus béime ar an réimse seo go cinnte.”

Deir Ó Duibhir, atá ina stiúrthóir ar Sealbhú - ionad taighde ar fhoghlaim agus teagasc na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath - go dtéann cur chuige mar sin chun sochair do mhúinteoirí agus daltaí.

“Mar chleachtóirí gairmiúla tá sé tábhachtach go mbeadh múinteoirí ag machnamh faoina gcleachtais agus de shíor ag iarraidh barr feabhais a chur ar a gcuid scileanna teagaisc le gnóthachtáil na bpáistí faoina gcúram a fheabhsú,” a dúirt sé.

“Cuidíonn forbairt leanúnach ghairmiúil le múinteoirí dea-chleachtas a roinnt ar a chéile, smaointe nua a fháil agus foghlaim faoi na forbairtí is déanaí i réimse an oideachais,” a dúirt sé.

Bíonn amhras ar roinnt tuismitheoirí freisin nach bhfeilfidh an tumoideachas don dalta a bhfuil riachtanais speisialta oideachais aige nó aici.

“Bíonn roinnt ceisteanna ag dó na geirbe ag tuismitheoirí, mar shampla, tionchar an tumoideachais trí Ghaeilge ar scileanna Béarla a gcuid páistí, agus oiriúnacht an chórais tumoideachais do pháistí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu,” a dúirt Ó Duibhir.

Léiríonn an taighde go bhfuil an córas tumoideachais oiriúnach do phaistí le gach leibhéil chumais “ach an tacaíocht chuí a chur ar fáil dóibh”.

“Is tríd an bhforbairt ghairmiúil do mhúinteoirí a dhéantar iad a chumasú leis an tacaíocht chuí a chur ar fáil go cumasach muiníneach,” a dúirt sé.

Ach nuair a thagann an crú ar an tairne is ceist chórasach atá ann a bhaineann le fonn, tacaíocht agus infheistíocht chuí ón státchóras.

“Ní leor na freagraí a bheith sa taighde,” a dúirt Ó Duibhir.

“Mar gheall ar easpa infheistíochta a dhíríonn go sonrach ar riachtanais shainiúla na múinteoirí lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, tá daltaí á n-aistriú gan chúis go scoileanna ina bhfuil an Béarla mar mheán,” a dúirt sé.

“Sa chóras i gcoitinne, feictear díolúintí ó staidéar ar an nGaeilge á mbronnadh gan bunús eolaíoch ceal infheistíochta san fhorbairt ghairmiúil do mhúinteoirí agus gairmithe oideachasúla,” a dúirt sé.

Tá súil leis go ndéanfar iarracht dul i ngleic le cuid de na fadhbanna seo nuair a sheolfar seirbhís tacaíochta nua de chuid na Roinne Oideachais san fhómhar. Tacóidh an tseirbhís ‘Oide’ le foghlaim ghairmiúil mhúinteoirí ag leibhéil na bunscoile agus na hiar-bhunscoile.

Tá sé i gceist ábhair thacaíochta agus acmhainní foghlama gairmiúla a sholáthar mar chuid den tseirbhís.

Cé go maíonn roinnt múinteoirí ar labhair Tuarascáil leo nach mbeidh an méid céanna acmhainní ar fáil riamh don Ghaeilge agus atá don Bhéarla, gealltar, mar chuid den tseirbhís Oide, go gcuirfear “tacaíocht scoile” ar fáil do scoileanna lán-Ghaeilge, bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna araon.

Dianchúrsa COGG

Ach tá feabhas tagtha de réir a chéile ar na hacmhainní atá ar fáil le blianta beaga anuas.

Mar a deir Pádraig Ó Beaglaoich leas-phríomhfheidhmeannach an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG): “Níl aon amhras ach go bhfuil céimeanna forbartha móra chun feabhais le sonrú ó thús an chéid seo i leith, nuair a chuimhním siar ar theirce na n-acmhainní teagaisc agus foghlama le linn na tréimhse roimhe sin.”

Cuirtear cúrsaí teanga agus sparánachtaí do chúrsaí léinn ar fáil ag leibhéil na céime agus na hiarchéime araon.

“Go deimhin, is díol suntais na cúrsaí spriocdhírithe atá nuabhunaithe le tamall de bhlianta anuas, amhail an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, atá maoinithe ag an Roinn Oideachais, agus an Teastas Iarchéime i dTeagasc Ábharbhunaithe,” a dúirt Ó Beaglaoich.

Tá COGG tar éis An Tairseach, acmhainn ar líne, a chruthú mar thacaíocht do mhúinteoirí agus chun freastal ar bhearnaí aitheanta ábharbhunaithe.

Mar chuid den obair sin, tá comhoibriú ar bun idir COGG agus múinteoirí ábhar chun acmhainní a chur ar fáil ar an ardán digiteach seo do na hábhair go léir trí Ghaeilge.

“Tá muid ag iarraidh pobail chleachtais a fhorbairt don teagasc trí Ghaolainn chun go mbeadh deis ag múinteoirí ábhar atá ag teagasc trí Ghaeilge tacú lena chéile agus foghlaim óna chéile,” a dúirt Aoife Ní Shéaghdha, Oifigeach Oideachais Iar-bhunscoile COGG.

Bheadh struchtúr tacaíochta ábhar, mar atá ar fáil go forleathan d’ábhair a mhúintear i scoileanna Béarla, ina chabhair do mhúinteoirí agus do dhaltaí freisin. Cuireann na cumainn ábhar seo a lán acmhainní agus noda ar fáil do mhúinteoirí agus tá súil ag COGG a mhacasamhail de mheithleacha ábhar a bhunú don teagasc trí Ghaeilge.

“Is é an múinteoir an acmhainn is tábhachtaí in aon seomra ranga agus tá sé fíorthábhahtach gach tacaíocht a chur ar fáil dóibh don teagasc trí Ghaeilge,” a dúirt Ní Shéaghdha.

“Tá ganntantas múinteoirí ann a bhfuil ar a gcumas teagasc trí Ghaeilge agus ba mhian le COGG gach deis a chur ar fáil do mhúinteoirí a gcuid scileanna teanga a fhorbairt agus barr feabhais a bhaint amach chun go mbeidh siad ar a suaimhneas ag teagasc trí Ghaeilge.

“Is múinteoir Gaeilge gach múinteoir tír eolais, gach múinteoir staire, gach múinteoir eolaíochta, gach múinteoir gnó agus tá ról acu go léir i bhforbairt teanga na ndaltaí.”

“Má tá tú ag múineadh trí Ghaeilge is múinteoir Gaeilge tú chomh maith.”

Mar chuid den obair seo, tá dianchúrsa Gaeilge á reáchtáil ag COGG i gcomhar le Gaelchultúr idir 14-18 Lúnasa le ranganna Gaeilge ar líne ar gach leibhéal ar an 14/15/17/18 Lúnasa. Beidh lá amháin ceardlanna ábhair ar an láthair i gColáiste na Coiribe, Gaillimh ar an gCéadaoin 16ú Lúnasa.

Tá sé saor in aisce agus cuirfear liúntas taistil €180 ar fáil do gach múinteoir.

“Deis iontach a bheidh ann do mhúinteoirí taithí a fháil ar na hacmhainní ar fad atá ann don teagasc trí Ghaeilge agus muinín a chothú chun iad a úsáid,” a dúirt Ní Shéaghdha, atá i bhfeidhil an chúrsa.

Breis eolais: gaelchultur.com/ga/cursai/dianchursa-cogg

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.