Réimse leathan cúrsaí Gaeilge ‘MicroCreds’ seolta

Tá réimse leathan cúrsaí ‘micridhintiúr’ á dtairiscint ag institiúidí an COÉ/IUA agus ina measc sin tá cúrsaí Gaeilge á dtairiscint ag Ollscoil na Gaillimhe.

Fógraíodh an tionscadal MicroCreds, creat nuálach cáilíochta do chúrsaí oideachais faoi threoir ollscoileanna Chumann Ollscoileanna Éireann (COÉ/IUA), an tseachtain seo caite.

Múintear na cúrsaí micridhintiúir seo mar a bheadh modúil ghearra chreidiúnaithe ollscoile ach iad a bheith curtha in oiriúint do dhaoine ar mian leo tabhairt faoi fhorbairt ghairmiúil leanúnach. Baintear úsáid as an bhfoghlaim chumaisc nó foghlaim ar líne chun na cúrsaí a mhúineadh ar bhonn páirtaimseartha a bheidh in oiriúint dóibh sin atá ag obair ag an am céanna.

Is féidir tabhairt faoi chúrsa mhicridhintiúir aonair, gan aon ghá tabhairt faoi chúrsa staidéir níos faide, nó is féidir le mic léinn leanúint ar aghaidh ag staidéar, ag cur lena gcuid scileanna le himeacht ama. Tá réimse leathan cúrsaí á dtairiscint ag institiúidí an COÉ agus ina measc sin tá cúrsaí Gaeilge á dtairiscint ag Ollscoil na Gaillimhe.

Aistriúchán téacsanna

(12 seachtain, €650)

READ MORE

Is é aidhm an mhodúil seo mic léinn a chumasú sna scileanna feidhmeacha a bhaineann le haistriúchán téacsanna ó Bhéarla go Gaeilge, mar aon le léargas ginearálta a thabhairt dóibh ar ghnéithe de ghramadach agus de chomhréir na Gaeilge. Díreofar ar chineálacha faoi leith téacsanna (seachas téacsanna liteartha) a bhíonn á n-aistriú ag aistritheoirí gairmiúla agus cíorfar na háiseanna atá ar fáil d’aistritheoirí le cabhrú leo agus iad i mbun oibre.

Anailís Sochtheangeolaíochta I

(12 seachtain, €650)

Sa mhodúl seo, déanfar plé ar stair agus ar fhorás na sochtheangeolaíochta mar réimse léinn. Ó tharla gur mian le haos léinn na sochtheangeolaíochta staidéar a dhéanamh ar an spás idir an teanga agus an tsochaí, pléifear na hiarmhairtí a bhaineann le cúpla pobal teanga a bheith buailte ar a chéile.

Cúlra agus Comhthéacs na Gaeltachta

(24 seachtain, €500)

Breathnófar ar bhunús oifigiúil na Gaeltachta agus ar fhorbairt pholasaí an stáit i leith na Gaeltachta sa mhodúl seo. Breathnófar freisin ar bhunús na Gaeltachta mar limistéar sainiúil cultúir agus teanga. Beidh an modúl seo feiliúnach d’oibrithe pobail agus teanga sna ceantair phleanála teanga a luaitear in acht na Gaeltachta.

An Caighdeán Oifigiúil

(24 seachtain ,€850)

Pléifear sa mhodúl seo le stair, forbairt agus feidhm an Chaighdeáin Oifigiúil. Scrúdófar na tréithe is suntasaí den Chaighdeán mar bhunchloch do chóras gramadaí na Gaeilge. Déanfar anailís ar na hathruithe atá tagtha ar an gCaighdeán le teacht i bhfeidhm CO 2016.

Breis eolais: microcreds.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.