Scoil Chaoimhín: Lóchrann oideachais i lár chathair Bhaile Átha Cliath

Cuirtear fáilte roimh pháistí ó gach cúlra teanga, cultúrtha, creidimh agus socheacnamaíochta sa scoil.

FOCLÓIR: Feistithe - dressed; geata - gate; oifigeach - officer; tionlacan - accompany; borb - harsh; cóimheas - ratio; cónascadh - amalgamation; creat tacaíochtaí - framework of supports; athbhríoch - stimulating; spreagúil - encouraging; spraíúil - playful.

‘Ba mhaith liom go dtuigfeá go bhfuil sé de dhualgas ar gach oide sa scoil a rang féin a thionlacan ón scoil chomh fada leis an ngeata nuair a scaoiltear abhaile iad ar an trí a chlog,” a scríobh an comhfhreagraí go borb.

“Nuair a bheidh na daltaí feistithe chun imeachta istigh sa scoil ba cheart don oide iad a stiúradh amach i líne amháin agus ba cheart duitse féachaint chuige go ndéanfar sin gan stad a dhéanamh lasmuigh de dhoras na scoile agus gan ligean d’aon rang brú isteach ar a chéile.”

“Tá súil agam go gcuirfear ‘na luí go daingean ar na leanaí ná ‘fuil sé de chead acu teacht isteach ná dul amach an geata ar aghaidh na hoifige, is cuma cé a bheidh in éineacht leo.”

READ MORE

Oifigeach ón Roinn Oideachais a scríobh an litir sin chuig Nóra Ághas, príomhoide Scoil Mhuire, ar 4 Márta, 1936.

Mar nóta leis, scríobh sé: “Áirím nár deineadh an tionlacan i gceart ód scoil-se fós.”

Ag an am sin bhí trí scoil ar aon suíomh ar Shráid Mhaoilbhríde i lár Bhaile Átha Cliath agus iad faoi choimirce na Roinne Oideachais féin – Scoil Mhuire do chailíní, Scoil Cholmcille do bhuachaillí agus scoil do naíonáin. Cónascadh na scoileanna sin blianta ó shin faoin ainm nua Scoil Chaoimhín.

Ar champas na Roinne Oideachais agus faoi phátrúnacht an Aire atá an scoil i gcónaí. Ciaran Ó Fearraigh, príomhoide Scoil Chaoimhín, a tháinig ar an gcomhfhreagras thuas i mála a bhí faoi ghlas leis na cianta i seomra sa scoil. Istigh ann bhí conarthaí agus litreacha a scríobh Nóra Ághas chuig an Roinn Oideachais agus í ag éileamh acmhainní breise. Ba dheirfiúr í leis an bpoblachtach Tomás Ághas a bhásaigh agus é ar stailc ocrais i Meán Fómhair, 1917.

“Ag an am [sin] bhí na ranganna sa scoil i bhfad níos mó ná mar atá anois” a dúirt Ó Fearraigh, a ceapadh ina phríomhoide ar Scoil Chaoimhín in Eanáir, 2016.

Nuair a osclaíodh an scoil in 1927, bhí naonúr buachaillí agus 24 cailín i láthair. Cainteoirí dúchais Gaeilge ab ea trí dhuine dhéag díobh sin. Faoi Mheán Fómhair na bliana céanna, bhí 38 buachaill agus 72 cailín cláraithe.

“Bhí an cóimheas [múinteoirí - daltaí] i bhfad níos mó freisin ach tá sé an-suimiúil go raibh a lán de na fadhbanna céanna ann sna 1920idí.”

Ba mhinic a d’ardaigh Nóra Ághas ceisteanna leis an Roinn maidir le téacsleabhair gan a bheith ar fáil i nGaeilge agus nuair nár leor an soláthar múinteoirí do riachtanais na scoile.

“Bhí sé an-deacair orthu cothrom na Féinne a fháil don Ghaeilge,” a dúirt Ó Fearraigh.

Tá an ceantar ina bhfuil Scoil Chaoimhín suite faoi mhíbhuntáiste le fada an lá agus déantar gach iarracht cothrom na Féinne a fháil do dhaltaí an lae inniu freisin.

Tá stádas Deis ag an scoil, rud a chiallaíonn go gcuirtear creat tacaíochtaí ar fáil chun dul i ngleic le míbhuntáistí oideachais, mar a thugtar ar chonstaicí oideachais a eascraíonn ó mhíbhuntáiste sóisialta nó eacnamaíoch.

“Faigheann gach páiste lón te saor in aisce gach lá,” a dúirt Ó Fearraigh.

Reáchtáiltear scéimeanna ar nós City Connects agus Music Generation chun leasa forbartha agus oideachais na ndaltaí.

“Is tionscnamh de chuid Boston College é City Connects,” a dúirt Ó Fearraigh.

Dírítear “ar láidreachtaí agus riachtanais gach páiste” mar chuid den scéim agus forbraíonn comhordaitheoir sraith moltaí in oiriúint do gach páiste de réir a gcuid riachtanas, cumas agus spéiseanna. Léiríonn taighde go n-éiríonn níos fearr go hacadúil leo sin a fhreastalaíonn ar bhunscoileanna City Connects ná a bpiaraí, ní hamháin sa bhunscoil ach níos déanaí sa mheánscoil freisin. Reáchtáiltear campaí samhraidh freisin mar chuid den chur chuige.

“Tugann an Roinn an-chuid tacaíochta dúinn chuige sin,” a dúirt an príomhoide.

“Bíonn muid in ann an t-airgead a chaitheamh ar rudaí ar nós trealamh spóirt agus caithfidh mé a rá nach bhfuil ganntanas orainn.”

Cuirfear tús leis an gcampa samhraidh i mí Iúil agus tá níos mó ná leath den scoil cláraithe.

“I nGaeilge a reáchtálfar na himeachtaí. Cuirfear béim mhór ar an litearthacht agus ar an uimhríocht chomh maith leis an spórt, ealaín agus rudaí mar sin agus is deis é páistí a choinneáil ghnóthach ar feadh an tsamhraidh.”

Múnla

Cuirtear fáilte roimh pháistí ó gach cúlra teanga, cultúrtha, creidimh agus socheacnamaíochta.

“Tá roinnt páistí againn ón Úcráin agus tá duine nó beirt ón bPacastáin. Tá páistí as an Rómáin, tá buachaill ón tSín, tá daoine ann ón tSomáil,” a dúirt Ó Fearraigh.

Agus is léir ó thaithí na scoile go n-éiríonn go geal leis na daltaí a thagann as tíortha eile an Ghaeilge a shealbhú.

“Má thosaíonn siad sna Naíonáin nó fiú i Rang 1, foghlaimíonn siad an teanga go gasta,” a dúirt Ó Fearraigh.

“Ní bhíonn fadhb ar bith acu leis an nGaeilge.”

“Má thagann siad isteach i Rang 5 nó i Rang 6, agus tharla sé sin anuraidh de bharr an chogaidh san Úcráin, bíonn dúshláin ansin.”

Ach, leis an gcabhair a chuirtear ar fáil, éiríonn go maith leo sin atá níos sine freisin.

“Chuala mé scéal amháin ó thuismitheoir ón bPacastáin a chuir a pháiste isteach i Rang 5 agus d’fhoghlaim sé an oiread sin Gaeilge laistigh de bhliain go bhfuil sé ag dul abhaile agus é ag úsáid na Gaeilge leis an bpáiste óg atá acu.

“Nuair a thagann daoine ó thíortha eile, bíonn tuiscint an-mhaith acusan ar bhuntáistí an dara nó an tríú teanga,” a dúirt Ó Fearraigh.

“Tá tuismitheoirí ón tSín, mar shampla, agus cé nach bhfuil Béarla rómhaith acu, thuig siad ón tús gur buntáiste é dá bpáiste freastal ar Ghaelscoil. Is dócha go bhfuil Gaeilge agus Béarla níos fearr aige ná páiste ar bith eile sa scoil.”

“Sin an dóigh. Is minic a fheiceann muid é,” a dúirt sé.

Léiriú, b’fhéidir, nach gcuireann na gnásanna i dtaobh labhairt na Gaeilge atá daingnithe go láidir i gcultúr na hÉireann isteach ar phobail nuabhunaithe na tíre seo.

Fás

Tá foireann teagaisc spreagúil sa scoil agus ba léir le linn chuairt Tuarascáil go bhfuil an-mheas ag na daltaí orthu.

“Tá foireann an-mhaith ann,” a dúirt Ó Fearraigh.

“Tá muid ag fás agus ag forbairt. Nuair a thosaigh mé anseo in 2016 bhí 46 páiste ann agus anois tá 65 ag freastal ar an scoil.

“Bhí trí rang ilghrádach ann anuraidh ach déanfar athstruchtúrú i mí Mheán Fómhair agus beidh ceithre múinteoiri agus duine amháin againn ag tabhairt tacaíocht foghlama.”

Tá iarratas déanta chun naíonra a bhunú ionas gur féidir luath-thumoideachas a chur ar fáil do pháistí idir 3-5 bliana d’aois.

Beidh gá le breis tacaíochta agus maoinithe chun an sprioc sin a bhaint amach má táthar chun tógáil ar an méid atá bainte amach ag pobal na scoile go dtí seo.

Tá an dearcadh ar smacht ar dhaltaí a nochtadh sa litir a scríobhadh in 1936 spéisiúil sa lá atá inniu ann. Is dócha gur ceapadh ag an am nár cheart go mbeadh páistí le cloisteáil ná, de réir dealraimh, le feiceáil! Cé gur léir go raibh teannas idir an scoil agus an Roinn an t-am sin, a mhalairt a bhí fíor nuair a thug an tAire Oideachais Norma Foley cuairt ar an scoil an tseachtain seo caite. Mhol sí na páistí agus na múinteoirí sular ardaigh sí Gaelbhratach lasmuigh de gheataí na scoile.

“Tá sárobair ar siúl anseo lá i ndiaidh lae,” a dúirt sí.

Chan na daltaí An Cailín Álainn agus Thugamar Féin an Samhradh Linn go bríomhar agus go fuinniúil don Aire agus do na tuismitheoirí a bhí i láthair.

Ba léir ón gcuairt (agus ón gcanadh!) go gcuireann teagascóirí cumasacha na scoile seo béim ar rannpháirtíocht, ar fhorbairt agus ar fhoghlaim na ndaltaí in atmaisféar athbhríoch atá spreagúil agus spraíúil.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.