Na seirbhísí poiblí agus slat tomhais ar fhís an Stáit

Tá sé ‘ríthábhachtach’ d’inbhuanaitheacht na bpobal teanga go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil sna teangacha dúchasacha

Foclóir: Geirsí - Jersey; Geansaí - Guernsey; Manainnis - Manx; Briotáinis - Breton; Briotainic - Brittanic; inbhuanaitheacht - sustainability; dlínse - jurisdiction; gan mórán stró - without much ado; gaotaireacht - bluster; corraíl - agitation; treallúsach - industrious.

D’fhoilsigh Tionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann (TPBÉ) tuarascáil ar na mallaibh a bhain le teangacha dúchasacha, mionlaigh agus neamhfhorleathana sna hoileáin seo.

Cuireadh an tuarascáil, Soláthar do Theangacha Mionlaigh Dúchasacha i ndlínsí TPBÉ, i láthair ag an 64ú cruinniú den tionól a reáchtáladh i nGeirsí an tseachtain seo caite.

Freastalaíonn ionadaithe ó rialtais na hÉireann agus na Breataine, chomh maith le hAlbain, an Bhreatain Bheag, Tuaisceart Éireann, Oileán Mhanann, Geirsí agus Geansaí ar an bhfóram áirithe seo.

READ MORE

Cuireadh an cheist teanga le hobair an tionóil in 2002 nuair a measadh go dtiocfadh le hionadaithe an TPBÉ foghlaim óna chéile faoi chúrsaí teanga.

Tá sé mar rún acu ó shin cruinnithe tráthrialta, seimineáir do lucht déanta polasaí agus ócáidí eile a reáchtáil d’fhonn dea-chleachtas a roinnt le daoine atá ag obair san earnáil.

Cé gur cuid de chultúr agus d’oidhreacht na n-oileán seo iad na teangacha dúchasacha, is minic a dhéantar dearmad ar an nasc tábhachtach sin atá eadrainn. Léiriú é, is dócha, ar laige theangacha dúchasacha an réigiuin.

Tá níos mó ná deich dteanga dhúchasacha i ndlínsí Thionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann.

Ina measc tá na teangacha Ceilteacha as a n-eascraíonn fo-thacar na dteangacha Gaelacha - Gaeilge, Manainnis, Gaeilge na hAlban - agus fo-thacar na dteangacha Briotainice - Coirnis, Breatnais agus Briotáinis (a labhraítear sa Bhriotáin, réigiún in iarthuaisceart na Fraince).

Dar ndóigh bhí an Ghaeilge á labhairt ar fud na tíre seo go maith roimh thús ré na Críostaíochta.

Leathnaigh sí ar fud na hAlban, ar chósta thiar na Breataine agus in Oileán Mhanann agus tá dlúthghaol idir í agus an Bhreatnais, an Bhriotáinis agus an Choirnis chomh maith.

Chomh maith leis na teangacha sin, labhraíonn Mincéirí na hÉireann Seiltis. Deirtear go bhfuil sin fréamhaithe sa tSean-Ghaeilge.

Labhraítear Guernésiais, Jèrriais agus Sercquiais, a eascraíonn ón bhFraincis Normannach, in Oileáin Mhuir nIocht. Labhraítear Albainis agus Ultais, garghaolta don Bhéarla, in Albain agus i gCúige Uladh.

Tuarascáil

Cuireadh tús leis an taighde in 2019 agus ‘sé Coiste Comhshaoil agus Sóisialta an tionóil a d’ullmhaigh agus a d’fhoilsigh an tuarascáil.

Deirtear i dtús na tuarascála gurbh údar deighilte iad cúrsaí teanga san am atá thart, ach gur féidir bonn níos láidre a chur faoi chaidreamh na bpobal ach taithí chomhroinnte na ndlínsí ar mhionteangacha dúchasacha a roinnt agus a thuiscint.

Níl amhras ar bith faoi ach go n-aithneodh staraithe teanga nó gníomhaithe ó cheantar ar bith ina bhfuil teanga dhúchasach fós beo sna hoileáin seo na téamaí a phléitear sa tuarascáil. Luaitear an meath mór a tháinig ar na teangacha dúchasacha i lár an naoú haois déag. Is i ngeall ar bheartas oifigiúil agus ar dhíothacht eacnamaíoch a tháinig an meath sin orthu.

Is léir staid leochaileach na Gaeilge sna limistéir Ghaeltachta sa tír seo le fada an lá agus cé go bhfuil cúrsaí níos fearr sa Bhreatain Bheag, tá géarchéim theanga i ngach dlínse eile sna hoileáin seo.

Tá an “iliomad dúshlán” roimh gach teanga dhúchasach, a deirtear sa tuarascáil. Tá easpa maoinithe agus soláthar áiseanna teagaisc ina measc dar ndóigh ach tá gné chomónta amháin atá acu ar fad - mórbhrú an Bhéarla.

Cé go ndeirtear sa tuarascáil go bhfuil “an-tóir” ar “mhionteangacha” i measc an aosa óig, go háirithe ar na meáin shóisialta, admhaítear freisin go mbíonn sé deacair uaireanta ar na teangacha seo maireachtáil sa saol lasmuigh de gheataí na scoile. Is dúshlán é do theanga ar bith nach Béarla í a bheith mar chuid de ghnáthchleachtas an phobail taobh amuigh de chomhthéacs na scoile.

Tacaíocht pholaitiúil

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil sé “ríthábhachtach” d’inbhuanaitheacht na bpobal teanga go gcuirfí seirbhísí poiblí ar fáil sna teangacha dúchasacha. Cé go bhfuil sé tábhachtach seirbhísí a chur ar fáil ar an gcéad dul síos, cuireann soláthar, raon agus caighdeán na seirbhísí poiblí sin go mór le stádas na teanga.

Ceist nach miste aghaidh a thabhairt uirthi, de réir a bhfuil sa tuarascáil, ná an tacaíocht a chuirtear ar fáil go sonrach do na pobail teanga.

Agus tagann seo go cnámh na huillinne ó thaobh na teanga de - fonn polaitiúil an Stáit tacaíocht a chur ar fáil don phobal agus fonn polaitiúil an mhaorlathais na spriocanna teanga atá roimhe a chur chun cinn.

Is léir le fada an lá ó thaithí na tíre seo nach féidir brath ar an Stát amháin tacaíocht chuí a chur ar fáil do phobal na Gaeilge. Is trí chorraíl ó thuaidh agus ó dheas is mó a baineadh cearta teanga amach. Gan sin, ní bheadh stáisiún raidió, stáisiún teilifíse nó stádas oifigiúil san Eoraip ag an teanga.

Tá fís agus spriocanna teanga ag an Rialtas abhus ó bhunú an Stáit i leith. Ach cén chaoi a bhfíoraítear fís an Rialtais? Tá sé léirithe le breis agus 100 bliain anois gur féidir fís atá uaillmhianach thar na bearta a chumadh gan mórán stró.

Gan reachtaíocht láidir a bheith taobh thiar di, ní minic go mbíonn mórán eile san fhís ach gaotaireacht. Fiú leis an reachtaíocht i bhfeidhm, bíonn gá monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil na forálacha á gcomhlíonadh. Is chuige sin a ceapadh ról an Choimisinéara Teanga. Tá an post sin folamh le píosa anois.

Go dtí go líonfar é agus duine treallúsach, neamheaglach a chur i suíochán an choimisinéara, beidh an folúntas sin mar shlat tomhais ní hamháin ar fhís an Stáit ach ar fhonn polaitiúil an Stáit dáiríreacht agus cearta teanga phobal na tíre a aithint agus a chur i bhfeidhm.

Is léir go bhfuil luach le leithéidí Thionól Parlaiminteach na Breataine agus na hÉireann. Is féidir go leor a fhoghlaim ó thaithí na dtíortha eile. Théis chuile rud, nach fíor é go gcuireann teangacha lenár dtuiscint ní hamháin ar chultúir a chéile ach orainn féin freisin?


Caisleán óir?

D’fhógair Údarás na Gaeltachta an tseachtain seo caite go bhfuil triúr as cúigear déag atá rannpháirteach i gclár nua intéirneachta RTÉ ag plé go sonrach le craoltóireacht na Gaeilge.

Beidh cúrsaí léirithe, raidió, teilifíse, ar líne, cúrsaí teicniúla, riaracháin agus eile san áireamh mar chuid den chlár. De réir ráitis a d’eisigh Údarás na Gaeltachta, tá tacaíocht á cur ar fáil don chlár intéirneachta seo chun a chinntiú go bhfuil dlús breise leis an gcuid sin den chlár oiliúna atá dírithe ar an nGaeilge. Caithfidh na hintéirnigh trí seachtaine ag freastal ar chúrsa i gceannáras RTÉ i nDomhnach Broc.

Caithfear tréimhsí ag obair in RTÉ Raidió na Gaeltachta agus le Nuacht RTÉ i gCasla, Baile na hAbhann agus sna Doirí Beaga freisin. Is cinnte gur deis iontach a bheidh ann dóibh cur lena dtaithí agus iad ag obair ar ardáin éagsúla fuaime, físe agus scríofa.

B’fhéidir go bhfuil sé buille déanach a bheith ag tagairt don ábhar seo anois agus Patrick Kielty ceaptha mar chomharba ar Ryan Tubridy ar an Late Late Show, ach tá an oiread sin cainte déanta faoi nach féidir ligean leis!

Tá an obair atá déanta go dtí seo ag RTÉ luachmhar, ach is féidir leis an stáisiún níos mó a dhéanamh! An dúil gan fáil dúinn a bheith ag súil go gceapfar láithreoirí a mbeadh sé ar a gcumas acu agallamh a chur ar aíonna i gceachtar den dá theanga oifigiúla? Tá an post áirithe sin líonta anois, ach den chéad uair eile, d’fhéadfaí triúr a lua a bheadh in ann é sin a dhéanamh...

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.