Séarlas agus Séarlais eile

B’é Seoirse rogha na coitiantachta, cé nach raibh aon rud coitianta faoi na daoine a raibh an rogha sin acu.

Bhuel, sea, d’éirigh leis a raibh scríte dó a léamh, níor tharla tuaiplis fan na slí, ní raibh anáil Chromail ag beathú na háite, bheannaigh sé na sluaite dá chuid géillsineach ó bhalcóin an pháláis agus d’umhlaíodar go humhal dó mar a dhéanann géillsinigh. Tá sé ráite gur oibrigh an peann tobair go binn, leis, rud a d’fhág go raibh sé in ann a ghradam féin a dhleathú gan an cloigeann a chailliúint. Deacair seo a thuiscint in aois seo ár dTiarna, ach is dócha go bhfuil aois seo ár dtiarnaí beo i gcónaí do dhaoine a bhfuil aigne tháir mar sin acu.

Agus tá's agam go raibh Gaeilge, Gaidhlig agus Breatnais sna hiomainn, ach siolla ar bith den Albainis nó den Albainis Ultach ní raibh le cloisint. Rud a fhágann gur chóir go mbeadh an Ridire Seáfraidh Mac Dhomhnaill crosta go maith, sa chás is nach mbeadh cúis ar bith eile aige.

Drochsmaoineamh a rith liom nuair a bhí an choróin spiagach á cur ar a cheann agus gan mise ag féachaint air ná go dtarlódh nach é an t-ainm Séarlas an ceann is ámharaí do ríthe Shaxan. Is fíor, tá tuairiscithe, go raibh díospóireacht ghairid ann ar an ábhar seo, toisc cead a athraithe a bheith aige, agus cuid den phálásburo ag smaoineamh nach mbeadh iomlán cuí. Caithfidh go raibh sioscadh mór ann maidir leis na malairtí, mar bhí rogha fhairsing acu.

B’é Seoirse rogha na coitiantachta, cé nach raibh aon rud coitianta faoi na daoine a raibh an rogha sin acu. Bhí éileamh ar Edward chomh maith, ach b’fhéidir go mbainfeadh an Rí Teidí dá sheasamh i measc an daoscair lasmuigh, ach oiread leis an Rí Dicí dá mbeadh Risteard air. Chuirfeadh King Billy gliondar ar Oráistigh, ach ós rud é go bhfuil sé ag iarraidh mil a chuimilt le Michelle O’Neill níor bheart ró-inmholta an ceann sin.

READ MORE

Tá drochmheas ar Henry ar shé chúis éagsúla nach dtuigim, agus bheadh John róphápúil fós in ainneoin an éacúiméineachais sin nach ligeann dó Caitliceach mná (nó fir) a phósadh. Ní shamhlaím go nglacfadh sé le Louis choíche, go háirithe tar éis an Bhreatimeachta, agus tá drochbhlas i gcónaí ar Shéamas.

Thiocfadh leis a bheith fíor-réabhlóideach mar a dhein an Pápa Proinsias, ainm a roghnú nach raibh ar aon dá thréad roimhe. Ach sa chás is gur céim thar chailc é sin, b’fhéidir leis dul ag piocadh as na seanríthe a bhfuil a n-ainmneacha dulta as faisean. Ainm breá é Edgar, ach bhí sé tráth ina thurtar ar Sesame Street. Tá Eadrad beagán idir eatarthu, agus tá Eadwig róchosúil le gailseach don Bhéarla. Ní móide go mbeadh seans d’aon tsaghas ag Cnut, fág gur rí maith a bhí ann, ná Aethelred nach raibh ullamh, agus bheadh Aelfweird ró-ait ar fad.

Mar sin is dá réir sin ní raibh an dara suí ar an gcoróin aige seachas glacadh leis an ainm a baisteadh air.

Ní tuar rósholasmhar atá ann. An té ba dhéanaí de na Séarlais, uimhir a dó, ba lena linn a bhris plá mhór Londain amach ina bhfuair breis agus 7,000 bás in aghaidh na seachtaine. Leagadh milleán ar na francaigh. Nuair a chuaigh an chathair trí thine sa bhliain 1666, uimhir na béiste, cuireadh an milleán ar na Caitlicigh.

Ba mheasa réim an chéad Shéarlais, go háirithe dó féin. Nuair a corónaíodh é, fág nárbh fhear ard riamh é ag cúig throigh sé orlach, nuair a fuair sé bás ar éigean go raibh an cúig throigh féin aige. Má chreid sé i gceart diaga na ríthe, dealraíonn nach raibh an tuairim chéanna ag Dia féin.

Feicfear fós an ainm cúl le cine an t-ainm Séarlas ar rí Shasana.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar