‘Dá mbeinnse i mo Thaoiseach ar feadh lae’

Alt le hEimear Nic Dhonnchadha, dalta idirbhliana i scoil Ghaeltachta

Foclóir: Chuile - every; gasúir - children; ní bhuailfeadh an diabhal é - it cannot be beaten/surpassed; córas - system; léamh - reading; an ghlúin is óige - the youngest generation; mínádúrtha - unnatural; aistriúchán - translation; bród - pride.

Is mise Eimear Nic Dhonnchadha agus táim san idirbhliain i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua.

Rugadh agus tógadh mé i nGaeltacht Chonamara, an ceantar Gaeltachta is mó sa tír. Níor fhoghlaim mé Béarla go dtí go raibh mé seacht mbliana d’aois. Chaith mé m’óige ar an gcaoi chéanna gur chaith chuile ghasúr eile sa tír na blianta sin, sé an t-aon difríocht amháin ná go ndearna mise agus mo chuid cairde trí Ghaeilge é.

Is minic go mbíonn na gasúir a théann ag na coláistí samhraidh in éad le pobal na Gaeltachta, agus chaithfeadh mé a rá a chairde, ní bhuailfeadh an diabhal é.

READ MORE

Ach tá níos mó a bhaineann leis an nGaeltacht ná ceol agus amhráin álainne, céilithe agus damhsaí bríomhara; tá éagóir dhá dhéanamh ar phobal na Gaeltachta le céad bliain anuas.

Tá an córas inár n-aghaidh, agus ní chaithfear ach siúl isteach in aon scoil chun é sin a thuiscint.

Níl fáil ar thithíocht ag muintir na háite, ní chuirtear seirbhísí ar fáil dúinn inár dteanga féin, agus mura réitítear na fadhbanna eacnamúla atá ann, tá chuile sheans nach mairfidh an Ghaeilge mar theanga labhartha sa Ghaeltacht ar feadh i bhfad eile. Is cuma cé mhéad iarrachtaí a chuireann gasúir na Gaeltachta isteach, má tá an córas oideachais in ár n-aghaidh: tá mise, mo chuid cairde agus chuile dhuine eile as ceantar Gaeltachta fágtha ag snámh in aghaidh easa.

Sí an Ghaeilge, de réir airteagal 8 den Bhunreacht, ár gcéad teanga náisiúnta agus ba cheart di a bheith ina seod náisiúnta againn.

Ach ó cruthaíodh Saorstát Éireann i 1922, áfach, tá teipthe ar chuile rialtas ó shin an geall a thug siad maidir leis an teanga a chomhlíonadh.

Aon duine a deireann go dtugtar an meas céanna ar Ghaeilge agus a thugtar ar Bhéarla sa tír seo, tá dul amú orthu.

Tír le daonra de 6 mhilliún duine, ach de réir na bhfigiúirí in san daonáireamh, ní labhraíonn ach 74,000 duine Gaeilge go laethúil. Tragóid, agus cúis náire.

Déantar dearmad go minic ar an nGaeilge agus polaiteoirí ag plé na bhfadhbanna atá ag an tír. Le blianta tá faillí dhá dhéanamh acu ar an teanga, agus i ngeall ar sin tá níos mó ceisteanna le freagairt ná riamh.

Mar shampla, cén fáth go gcuirtear pionós ormsa mar chainteoir dúchais sna scrúdaithe stát?

Cén fáth go gcaithfidh mise scrúdú ‘T1? a shuí?

Dá molfaí scrúdú níos éasca do chainteoirí neamhdhúchasacha Béarla, tharraingeodh sé raic!

Cén fáth go gcaithfidh mise scrúdú Gaeilge níos deacra a shuí, le níos lú marcanna ag dul don scrúdú cainte, mar gheall go bhfuilim ‘go maith’ aige?

Ba cheart an Ghaeilge a scoilt ina dhá ábhar, ceann riachtanach agus ceann roghnach.

—  Eimear Nic Dhonnchadha

Cén fáth go gcaithfidh an t-aistriúchán Gaeilge ar na scrúdaithe a bheith chomh dona gur chuir chuile mhúinteoir faoi ndeara dúinn cóip Bhéarla de na scrúdaithe a éileamh chun go ndéanfadh muid aon mhaith?

Cén fáth go bhfuil leath de mo chuid téacsleabhar i mBéarla, nó fíor dhroch Ghaeilge? Cén fáth go gcaithfidh mise leagan mínádúrtha, gránna a úsáid den teanga gur breá liom i mo chuid scrúdaithe chun nach gcaillfidh mé marcanna mar gur úsáid mé Gaeilge Chonamara seachas an Caighdeán?

Athrú

Tá freagra simplí agam ar seo ar fad, caithfear an córas oideachais iomlán a bhaineann le múineadh na Gaeilge a athrú.

Ba cheart an Ghaeilge a scoilt ina dhá ábhar, ceann riachtanach agus ceann roghnach. Bheadh Gaeilge riachtanach bunaithe ar chumarsáid.

Cinnte bheadh gramadach, léamh agus scríobh ar an churaclaim, ach bheadh ar a laghad 50 faoin gcéad de na marcanna le fáil ón scrúdú cainte.

D’fhágfadh an ghlúin is óige an scoil lena dteanga náisiúnta ar a dtoil acu, iad bródúil as a bheith in ann stair agus cultúr na mílte bliain a choinneáil beo.

Ansin bheadh litríocht na Gaeilge mar ábhar roghnach, ina ndéanfaí staidéar ar na dánta agus na scéalta atá tábhachtach, ach atá i bhfad ródheacair do scoláire nach dtuigeann an teanga.

Bheadh scoláirí atá ar a gcompord leis an teanga in ann tabhairt faoin ábhar seo.

Bheadh Gaeilge thaitneamhach mar ábhar, agus ní ghlacfadh gasúir gráin ar an teanga.

Mar atá cúrsaí faoi láthair, tá sé ró-shimplí do chainteoirí dúchais, agus i bhfad ró-dheacair do dhaoine atá ag foghlaim.

Cuimhnigh mar shampla ar nua-theangacha na hEorpa, a ndéantar staidéar orthu ar feadh sé bliana san mheánscoil, ach éiríonn níos fearr le scoláirí sna hábhair sin ná mar a éiríonn leo sa nGaeilge, cé go bhfuileadar ag déanamh staidéar ar an nGaeilge le cheithre bliana déag.

Freisin, déan áit do Ghaeilge chanúnach, seachas é a chur faoi ndeara dúinn an Caighdeán a úsáid, caighdeán nach bhfuil cuma ná caoi air i gcomparáid leis an áilleacht atá ag baint leis na canúintí éagsúla.

In Éirinn an lae inniu, tá gá agus grá don Ghaeilge. Ag ócáidí poiblí agus ar Lá Padraic, deifríonn polaiteoirí le ‘cúpla focal’ Gaeilge a labhairt, agus fiú is chomh deas is atá sé sin a chloisteáil níl sé sách maith.

Ba cheart do chuile pholaiteoir tabhairt faoina gcuid Gaeilge a chleachtadh, í a labhairt go minic, agus le bród.

Breathnaítear go minic ar an nGaeilge mar ábhar leadránach, deacair, go bhfuiltear ag múineadh teanga nach bhfuil gá ar bith léi agus nach labhraíonn aon duine níos mo.

Ach le meon agus córas oideachais difriúil, tosóidh daoine ag tuiscint gur cuid tábhachtach agus bríomhar dár n-oidhreacht í.

Ní ceist nua í seo, bhí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ann i ndeireadh na 60í agus sna 70í ar fud na tíre, go háirithe i gConamara, agus tá gníomhaithe Acht Anois sna sé chontae fós i mbun feachtais lena gcuid cearta teanga féin a fháil.

Táim féin tar éis freastal ar phéire dá gcuid mhórshiúlta, ar a dtugtar an ‘Lá Dearg’.

D’fhreastail mé ar an gceann a tharla i mí na Bealtaine seo caite agus chuireadh sé gliondar ar do chroí ag éisteacht le cainteoirí Gaeilge ag siúl trí lár chathair Bhéal Feirste, iad ag casadh amhrán i nGaeilge agus ag labhairt na teanga le bród agus le háthas.

Roinnt seachtainí ó shin, rinne mé an turas céanna a dhéanaim beagnach chuile bhliain - go Cill Airne le freastal ar Oireachtas na Samhna, áit a raibh ceol, damhsa, filíocht, agus go mór mór teanga na hÉireann, á cheiliúradh ar feadh chúig lá i ndiaidh a chéile.

Ní cheart nach dtarlaíonn sé seo ach an t-aon uair amháin sa mbliain.

Ba cheart go mbeadh tú in ann, ar aon lá den bhliain, in aon bhaile sa tír, a bheith in ann casadh timpeall, agus Gaeilge a labhairt leis an duine atá in aice leat.

Ag deireadh an lae, beatha teanga í a labhairt.

Dá mbeinnse i mo Thaoiseach ar feadh lae, d’athróinn an córas oideachais a bhaineann leis an nGaeilge, agus cheadóinn an maoiniú atá ag teastáil go géar do cheantair Ghaeltachta.

Tá an Ghaeltacht ar an dé deiridh, agus stair agus cultúr na mílte bliain in éineacht léi. Ach níl sé ró-mhall. Bíonn súil le muir ach ní bhíonn súil le huaigh.

As ucht Dé oraibh a pholaiteoirí, gníomhaígí agus tugaigí cosaint don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Tír gan teanga, tír gan anam.

* Is dalta idirbhliana í Eimear Nic Dhonnchadha. Tá an t-alt seo bunaithe ar aitheasc a thug sí i dTeach Laighean ar Lá Domhanda na Leanaí. Táimíd ag iarraidh deiseanna a thabhairt do dhaoine óga a dtuairimí a nochtadh i nGaeilge agus beidh fáilte roimh ábhar altanna uathu. tuarascail@irishtimes.com