Corn caca caide an domhain

Cosnaítear mé ar aon tseanmóireacht phiúratánach, le bhur dtoil.

Bead ag féachaint orthu gan aon amhras. Mo leithscéal, bhíos ag féachaint inné orthu, nuair a thosnaigh siad, craobh-chluichí peile sacair an domhain. Bead ag féachaint orthu inniu mar a d’fhéachas ar na cluichí Oilimpeacha sa tSín, agus i Meicsiceo, agus ar na cluichí geimhridh in Sochi in ainneoin gach amhrais agus uafáis a lean iad. Bead ag féachaint orthu mar is cuid den saol iad, agus tá cuid de na tíortha is áille peile agus is gránna polaitíochta ag imirt ann.

Suífead os comhair na teilifíse gan leithscéal ar feadh míosa ag baint taitnimh agus neamhthaitnimh, glóire agus gráine as na taispeántais caide is ciotrúntachta, ealaíne agus éislinne scile dá bhfacthas ó chluiche leathcheannais sóisir úd Liatroma sa bhliain 1935.

Tuigimid ar fad gur fimíneacht siar amach aon chaint ar chearta daonna maidir le spórt de ar fud an domhain. Dá mbeidh feidhm le NATO agus iad ag iarraidh cearta a chosaint ba cheart gach staidiam in Catar a leagadh, agus gabháltas a dhéanamh ar an Araib Shádaisteach.

Cosnaítear mé ar aon tseanmóireacht phiúratánach, le bhur dtoil.

READ MORE

Tharla gur scríobhas an dán seo trí mbliana ó shin ar iarratas ó iníon liom a bhí ag iarraidh uafás Chatar a chraobhscaoileadh san am ó fógraíodh gurbh ann a bheadh sé. Tá le fáil chomh maith sa chnuasach filíochta uaim a foilsíodh anuraidh’…liricí gearra’ (Coiscéim 2021).

Samhlaigh páiste óg ag obair sna monarchana sclábhaíochta ag soláthar ábhair do Chorn an Domhain.

‘Méara Beaga’.

1. Is mise Panchali

Tá méara beaga agam.

Tá méara beaga agam mar tá mé óg.

Ta méara beaga agam, ach tá méara níos lú fós in Bangla Deis. Níl aon roic ar mo mhéara beaga fós. Tá roic ar mhéara mo mháthar. Bhí méara mo mháthar ag obair sa mhonarcha. Bhí mo mháthair ag obair sa mhonarcha chomh maith. Ba mhinic méara mo mháthar ag tabhairt bia dom. Ba mhinic méara mo mháthar mé a chur a chodladh.

Tá mo mhéara anois ag obair sa mhonarcha. Tá mise ag obair ann chomh maith. Ach ní mise mé féin. Is mise mo mhéara. Bíonn mo chuid méara ag obair ar mheáisín. Labhrann an meáisín lem mhéara. Ní labhrann an meaisín go deas lem mhéara. Caithfidh mo mhéara obair a dhéanamh níos tapúla. Mura ndéanann mo mhéara obair níos tapúla beidh siad díomhaoin. Má bhíonn mo mhéara díomhaoin, ní ann dom. Is mise mo mhéara.

Déanann mo mhéara geansaithe peile. Déanann mo mhéara gach dath ar domhan. Feicfear na geansaithe a dhéanfaidh mo mhéara i gComórtas Peile Chorn an Domhain. Tá méara m’athar ar Chorn Peile an Domhain.

2. Ahmed m’athair.

Tá méara móra aige. Méara móra láidre.

D’ardaigh sé mé ón talamh lena mhéara móra láidre nuair a bhí é féin beag bídeach agus eisean ina fhathach. Tá méara m’athar i bhfad uaim anois. Tá méara m’athar ag tuilleamh airgid dúinn anois in Catar.

Bhíodh méara m’athar ag déanamh ceoil dúinn sa bhaile. Bhíodh méara m’athar go binn ar an zitar gach lá riamh. Mhúin méara m’athar dom conas ceol a dhéanamh, ach níl aon cheol sa mhonarcha seo ina bhfuil geansaithe peile á ndéanamh.

Bíonn méara m’athar anois ag plé le brící. Ní féidir le méara m’athar mórán ceoil a bhaint as brící. Ní labhrann na brící le méara m’athar mar a labhradh an ceol. Tá méara m’athar balbh anois gan cheol. Tá méara m’athar garbh anois gan cheol.

Ba mhaith liom breith ar mhéara m’athar. Ba mhaith liom iad in aice láimhe. Ba mhaith liom mo mhéara beaga ina méara móra. Ach tá méara móra na farraige is an airgid eadrainn araon.

3. Is mise Panchali

Tá méara beaga agam. Ach tá méara móra ag daoine eile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar