Ceisteanna faoi chóras na ndíolúintí ón nGaeilge ag dul i méid

Díolúintí ‘ag laghdú stádas na Gaeilge in aigne na ndaltaí’

Foclóir: Ionadaithe – representatives; tromchúiseach – grave importance; lochtach – faulty; uathoibríoch – automatic; áiféiseach – absurd; cothabháil – maintenance; bainistiú – management; bunriachtanach – essential.

Agus sraith chruinnithe Chomhchoiste na Gaeilge ar chóras na ndíolúintí faoi lán seoil anois tá méadú ag teacht ar líon na gceisteanna don Roinn Oideachais faoin gcur chuige conspóideach seo.

Tarraingíodh a thuilleadh ceisteanna tromchúiseacha anuas i dtaobh chóras na ndíolúintí arís ag cruinniú den chomhchoiste an tseachtain seo caite.

Tháinig ionadaithe cheardchumainn na múinteoirí roimh bhaill an choiste chun an cheist a phlé agus ní mó na sásta a bhíodar faoin méadú atá tagtha ar líon na ndaltaí atá ag fáil díolúintí.

READ MORE

Tháinig go leor dá ndúirt na hionadaithe le hoideachasóirí a chreideann go bhfuil gá le hathbhreithniú ó bhonn ar chóras na ndíolúintí.

Ceistíodh an bunús atá leis an gcóras agus d’iarr ionadaí amháin an bhfuil bealaí nua á mbronnadh ag an Roinn Oideachais ar an bpobal ionas go n-éireoidh páistí as an nGaeilge ar scoil.

D’aontaigh ionadaithe leis an tuairim gur ceart go mbeadh curaclam ann do gach dalta ag cibé leibhéal cumais atá siad agus ceistíodh an ceart ‘strus’ nó ‘sain-mhíchumas foghlama teanga’ a úsáid mar leithscéal chun díolúine a éileamh.

‘Lochtach agus míshásúil’

Dúirt Declan Glynn, ardrúnaí cúnta, Aontas Múinteoirí Éireann (TUI), go bhfuil an córas atá i bhfeidhm faoi láthair “lochtach agus míshásúil”.

“Is é croílár na faidhbe ná líon na ndíolúintí a dheonaítear ag an leibhéal iar-bhunscoile ar bhonn deacrachtaí foghlama,” a dúirt sé.

Tá sé chomh héasca sin díolúine a fháil anois go ndúirt Glynn go maithfí don té a mheasfadh gur próiseas uathoibríoch é den chuid is mó.

“Aontaíonn Aontas Múinteoirí Éireann leo siúd a áitíonn nach ceart go mbeadh díolúine ach ag idir 2-3 faoin gcéad de phobal na scoile.”

Cheistigh John Boyle, ardrúnaí Cumann Múinteoirí Éireann (INTO), an fiúntas atá le díolúintí i gcóras ina bhfuil tacaíochtaí eile in ainm agus a bheith ar fáil mar chuid de churaclam comhtháite.

“An rud is tábhachtaí dúinne le rá libh: ní bhíonn na díolúintí seo le fáil in áit ar bith eile san Eoraip,” a dúirt sé.

“Is í seo an t-aon tír ina dtarlaíonn sé.”

Cheistigh ceannasaí an INTO an cur chuige a bhí ag an Roinn Oideachais maidir leis an athbhreithniú a rinneadar ar na ciorcláin ar chur i bhfeidhm chóras na ndíolúintí.

“Caithfidh mise a rá nuair a rinne siad an t-athbhreithniú ar na ciorcláin nach dóigh linne go ndearna siad athbhreithniú ceart,” a dúirt sé.

“Fuair muid ‘briefing’ ó thaobh an chiorcláin nua ach ní raibh siad ag éisteacht agus ní raibh siad sásta éisteacht linn.”

Dúirt Boyle go dtagann brú ó thuismitheoirí agus ó scoileanna iar-bhunscoile maidir le díolúintí a cheadú.

“B’fhéidir nach bhfuil an ceangal ceart ann idir an tacaíocht atá ar fáil sa bhunscoil do dhaltaí le riachtanais speisialta agus ansin iad ag dul ar aghaidh go dtí an mheánscoil,” a dúirt sé.

“Cuireann sé sin brú ar thuismitheoirí agus ar phríomhoidí agus ar mhúinteoirí bunscoile. Dá mbeadh a fhios acu, mar shampla, go mbeadh ranganna speisialta ann agus go mbeadh tacaíocht ar fáil sa mheánscoil do na páistí seo, b’fhéidir nach mbeadh gá ar bith leis an díolúine sa chás sin.”

‘Strus agus sain-mhíchumas foghlama’

Ghoill sé go mór ar ionadaithe na gceardchumann go mbíonn staidéar á dhéanamh ar nuatheangacha iasachta ag céatadán ard de scoláirí cé go mbíonn díolúine ón nGaeilge faighte acu.

De réir taighde a foilsíodh in 2018, bhí staidéar á dhéanamh ar nuatheanga iasachta in 2016 ag 63 faoin gcéad de scoláirí Ardteistiméireachta sa séú bliain a raibh díolúine ón nGaeilge acu.

Deir saineolaithe teanga gur léiriú iad figiúirí mar seo nach bhfuil a leithéid de rud ann agus an “míchumas foghlama teanga”.

Dúirt ardrúnaí cúnta an TUI Declan Glynn go bhfuil sé “seafóideach” agus “áiféiseach” go ndéanann an oiread sin scoláirí staidéar ar an Fhraincis nó an Ghearmáinis agus go mbíonn díolúintí ón nGaeilge ag “idir 60 agus 70 faoin gcéad acu”.

Dúirt sé go bhfuil a cheardchumann buartha faoin bhforas is déanaí faoinar féidir díolúine a cheadú.

“Sna treoracha a d’eisigh an Roinn Oideachais is soiléir nach gá go mbeadh deacracht foghlama sainaitheanta ag an scoláire chun díolúine a lorg.”

Dúirt sé go bhfuil imní ar an TUI go mbainfear “mí-úsáid as an bhforas nua díolúintí seo” mar chúis aonair chun díolúine a bhaint amach.

“Ach in ainm Dé, nach mbíonn strus ag baint le foghlaim na matamaitice? Déarfadh scoláirí leat go bhfuil an mhatamaitic i bhfad Éireann níos deacra ná aon cheann eile de na hábhair ach ní thugtar díolúine ar bith do dhuine mar gheall ar an strus a bhaineann leis an matamaitic.”

“Baineann strus agus brú le chuile ábhar,” a dúirt sé.

“Cén chaoi a d’fhéadfadh tuilleadh brú nó tuilleadh struis a bheith ag baint leis an nGaeilge amháin agus gan aon strus a bheith ag baint le Fraincis, ná Spáinnis ná Béarla?

“Níl ciall ná réasún leis. Ach amháin seo, is dóigh liom féin go pearsanta, nó caithfidh mé an cheist a chur, an bhfuil an Roinn ag iarraidh foras nua agus foras nua agus foras nua, bealach nua, bealach nua agus bealach nua a bhronnadh ar an bpobal le go n-éireoidh páistí as an nGaeilge?

Luaigh Anne Loughnane, Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) nár cheart go gceadófaí díolúine ach amháin nuair atá riachtanas ar leith ann.

“Is é ár bpolasaí ná gur ceart gach deis a thabhairt do gach dalta an Ghaoluinn a fhoghlaim agus nach dtabharfaí díolúintí ach i gcásanna eisceachtúla nuair atá gá soiléir ann,” a dúirt sí.

“Tá méadú as cuimse le feiceáil ar líon na ndíolúintí ón nGaoluinn. Cuireann sé sin lagmhisneach ar mhúinteoirí, laghdaíonn sé stádas na Gaoluinne in aigne na ndaltaí i gcoitinne agus cuireann sé amhras orthu faoin áit atá ag an dteanga inár saol,” a dúirt sí.

Bainistiú

Ceistíodh freisin cur chuige an Roinn Oideachais maidir le bainistiú bhunriachtanach ar scéim na ndíolúintí.

“Ní dhéantar aon taifead ar líon na n-iarratas ar dhíolúintí,” a dúirt Declan Glynn. “Tá a fhios againn cé mhéad díolúine a dheonaítear ach níl a fhios againn cé mhéad iarratas a chuirtear isteach,” a dúirt sé.

“Ardaíonn sé seo an cheist dúinne, an próiseas uathoibríoch é?

“An bhfuil sé éasca díolúine a bhaint amach anois? Ba cheart taifead a dhéanamh ar líon na n-iarratas,” a dúirt sé.

“Cén chaoi ar féidir cur le líon na gcainteoirí de réir straitéis an rialtais má éiríonn an méid sin scoláirí as foghlaim na Gaeilge,” a d’iarr sé.

“Cén todhchaí a bheidh ann don teanga féin – ní bheidh ann ach an bás i ndáiríre,” a dúirt sé.

Mhol an teachta Éamon Ó Cuív soléireacht chur i láthair ionadaíthe na múinteoirí. Dúirt sé go raibh siad “soiléir” agus “beacht”.

Ní fios an bhfuil sé de ghus ná de ghaois ag an Stát an baol atá sa chóras oideachais do thodhchaí na Gaeilge a aithint ach ní féidir a rá go raibh amhras ar bith faoin cheist ar an dream atá i mbrollach an chatha ó lá go lá, múinteoirí scoile na tíre.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.