Fáilte ar ais a Réics!

Eagráin nua den chéad dá leabhar a scríobh Cathal Ó Sándair faoin mbleachtaire Baile Átha Cliathach seolta ag an Gúm

Ar na saolta seo má iarrtar an cheist ar éinne liosta de mhórscríbhneoirí na hÉireann ón chéad seo caite a chur i dtol a chéile, is dóigh nach mórán a luadh scríbhneoir Gaeilge.

Ach seasca bliain ó shin gach seans go mbeadh an t-ainm Cathal Ó Sándair ar an liosta.

Scríobh Ó Sándair, a bhí ar dhuine de na scríbhneoirí ba bhisiúla lena linn, 160 leabhar i nGaeilge agus tráth dá raibh bhí leabhar in aghaidh na míosa á scríobh aige!

Díoladh breis agus 120,000 cóip de leabhair Uí Shandair idir na 1940dí agus na 1960dí - éacht nár sháraigh aon scríbhneoir Gaeilge ó shin.

READ MORE

I measc na leabhar sin, dar ndóigh bhí “Réics Carló”, sraith leabhar faoin mbleachtaire Gaelach, a chúntóir, an Ruarcach, agus a iníon Fionnuala.

Deirtear gurbh é a thug an focal “déagóir” isteach sa Ghaeilge agus ba thráthúil sin mar ba lena linn a tosaíodh ag tabhairt airde ar dhéagóirí mar dhream ar leith.

Nuair a bhí léacht á thabhairt aige in 1949, tuairiscítear go ndúirt Máirtín Ó Cadhain an méid seo leanas: “Níorbh í an úrscéalaíocht, an fhilíocht, an ghearrscéalaíocht, an drámaíocht, ná eile an chéadtuar go raibh borradh ag teacht faoi litríocht na Gaeilge, ach go raibh daltaí scoile i mBaile Átha Cliath ag léamh leabhra Chathail Uí Shandair, faoi na suíocháin, i ngan fhios do na hoidí.”

Mar chomóradh ar Ó Sándair, a rugadh 100 bliain go ham seo, tá atheagráin den chéad dá leabhar faoin mbleachtaire iomráiteach Réics Carló - Na Mairbh a d’Fhill agus An tEitleán doFheicthe - foilsithe ag An Gúm.

Sheol Sorcha Ní Mhonacháin na heagráin nua ag ócáid i Leabharlann Ráth Maoinis an tseachtain seo caite agus labhair an Dr Róisín Adams ar oidhreacht an scríbhneora.

Ba thrathúil an rogha é an láthair mar gur reáchtáladh an ócáid i ngaireacht chúpla céim ó thúr chloig Ráth Maoinis, áit ar thit cuid d’eachtraí spleodracha An tEitleán doFeicthe amach.

Tá taispeántas speisialta ‘Ag Léamh faoin mBinse Scoile: Scéal Chathail Uí Shándair’ le feiceáil i leabharlann Ráth Maoinis go dtí deireadh na míosa.

Breis eolais: siopaleabhar.ie agus @COSandair2022

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.