Gan Gaeilge sa Ghaeltacht

Agus muidne inár gcónaí sa Ghaeltacht ní raibh mórán daoine sásta Gaeilge a labhairt linn, a scríobhann Megan Roantree

Rugadh mé sa Ghaeltacht, ach ní raibh mé i mo Ghaeilgeoir go dtí gur thosaigh mé ar an scoil. Sasanach ab ea m'athair agus is as Baile Átha Cliath do mo mháthair agus bhog siad go dtí Oileán Árainn sa bhliain 1994.

Nuair a thosaigh siad ag obair agus ag maireachtáil ar an oileán ar dtús bhí daoine cairdiúil ach ar chúis éigin ní raibh daoine sásta Gaeilge a labhairt leo.

Bhí m’athair féin líofa sa Fhraincis, bhí Spáinnis, Iodáilis, Arabach, beagán Seapáinis agus neart eile aige. Ach, má bhí féin, sna sé bliana déag agus é ag maireachtáil ar an oileán, ní raibh sé in ann an teanga Ghaelach a phiocadh suas.

Cinnte, is teanga dheacair í an Ghaeilge, ach an fhadhb is mó a bhí ann ná an easpa tacaíochta a fuair sé ón gcuid is mó den phobal.

READ MORE

Rugadh mise ar an oileán, táim cinnte gur cheap daoine gurbh cineál strainséirí iad mo thuismitheoirí ar dtús ach bhí difríocht ann domsa. Níor labhair mé féin nó mo dheartháir focal Gaeilge go dtí gur thosaigh muid ag dul chuig tithe eile, bhí neart Gaeilge ag an gcomharsa béal dorais a bhí againn agus bhí siad breá sásta Gaeilge a labhairt liomsa agus dhá bharr sin phioc mé suas beagán ansin.

Mar sin féin, nuair a thosaigh mé ar an scoil náisiúnta ní raibh muinín agam an teanga a labhairt os comhair múinteoirí nó páistí eile.

Cuimhním go soiléir agus mé ceithre bliana d'aois ceist a chur ar an múinteoir os comhair an ranga: "I don’t have good Irish so could you explain things in English too?"  Is é sin ceann de na céad chuimhní atá agam agus tá sé suimiúil,  fiú amháin ag an aois sin, go raibh a fhios agam nach raibh Gaeilge sách maith agam.

Cheap mé, agus mé ag fás, go raibh an teanga eisiach agus nach raibh fáilte roimh aon duine an teanga a fhoghlaim.

Tá bhféidir cúig bliana déag nó fiche bliain imithe thart anois agus measaim anois go bhfuil athrú ag teacht ar chúrsaí teanga agus is rud dearfach é sin.

Nuair a bhog mé go dtí Baile Átha Cliath cúpla bliain ó shin chuir sé iontas orm an méid spéise a bhí ag daoine an teanga a fhoghlaim , a úsáid agus a labhairt.

Anois nuair atá mé ag labhairt Gaeilge anois bíonn daoine ag tabhairt neart tacaíochta dom.

Freisin, le blianta beaga anuas tá go leor daoine ó thíortha eile ina gcónaí sa tír seo, fiú amháin sa Ghaeltacht, tá níos mó cleachtadh ag daoine anois ar dhaoine nua ag teacht isteach agus mar sin anois feicimid paistí beaga trítheangach thart orainn.

Úsáidtear an teanga anois ar na meáin shóisialta, tá Seachtain na Gaeilge ann, tá cumainn agus clubanna ann leis agus tá fáilte mhór roimh dhaoine gan Gaeilge an teanga a fhoghlaim.

Nuair a bhog mo thuismitheoirí go dtí an Ghaeltacht sna nóchaidí b’fhéidir gur cheap daoine go raibh sé níos éasca Béarla a labhairt leo agus go raibh an iomarca iarrachta agus foighne ag teastáil le Gaeilge a labhairt le duine nach raibh líofa, ach is cosúil go dtuigeann daoine anois go bhfuil iarracht breise ag teastáil ach is fiú é chun an teanga a choinneáil beo.

Má táimid ag iarraidh an Ghaeilge a choinneáil beo mar theanga phobail caithfidh muid glacadh leis go bhfuil iarracht agus tacaíocht ag teastáil.

Tuigeann go leor é sin anois ach caithfidh sé leanúint ar aghaidh.