Ceist na scrúduithe ar líne fós míshocair i measc mic léinn

Seans nach n-osclófar na hOllscoileanna arís i mbliana, toisc go bhfuil an coróinvírus fós ag déanamh scrios.

Is tréimhse iontach dúshlánach é do mhic léinn agus léachtóirí araon san Ollscoil, toisc gur fadhb í seo nach raibh aon choinne againn léi. Ba chor gurb í an tseachtain seo caite an tseachtain múineadh deireanaí do chuid mhór na mac léinn Ollscoile in Éirinn ach mar gheall ar an ngalar cuireadh na modúil ar fad ar líne. De réir eolais ón Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, bhí níos mó ná 3,000 duine ag baint úsáid as Blackboard Collaborate ag amanna éagsúla i rith na seachtaine. Tá coicís ag na scoláirí anois chun iad féin a ullmhú do na scrúduithe.

Is deacair an rud é dul i dtaithí leis an múineadh ar líne. Dúirt Eva Ní Mhealláin, atá ag déanamh staidéar ar an Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go raibh sé dúshlánach go leor. “Déanta na fírinne, bhí deacrachtaí agam leis an mbogearra ar dtús. Uaireanta níor thóg léachtóirí ranganna ar líne agus is dúshlán eile é ábhar na seachtaine a theagaisc duit féin.”

Aontaíonn Sadhbh Sullivan, mac léinn Tráchtála le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, leis sin. “Cé go bhfuil foireann na hOllscoile ag déanamh an-iarracht léachtaí a chur ar líne, tá a lán deacrachtaí ag baint leis an gcóras nua. Mar shampla, mura bhfuil na huirlisí nó acmhainní ceart agat cosúil leis na ríomhairí atá ar fáil san Ollscoil nó an leabharlann fiú, is deacair an rud é marcanna maithe a bhaint amach.”

Síleann Eva go bhfuil OÉ Gaillimh ag déanamh a díchill maidir le ríomhphoist agus eolas a chur amach. “An t-aon rud go dtiocfadh leis an ollscoil a dhéanamh ná brú a chur ar an rialtas beartais éigeandála a fhíorú agus cuidiú le mic léinn éagsúla atá deacrachtaí acu lena gconarthaí tí mar gheall go bhfuil iall ar neart acu cíos arda a íoc fós cé nach bhfuil cónaí orthu i nGaillimh níos mó.”

READ MORE

Conas a mhothaíonn an bheirt acu faoi chríoch luath na céime?

“Ceapaim gur trua atá ann faoin dóigh díomách a chríochnaigh sé, nach raibh fíor dheis againn slán a fhágáil lena chéile agus faoiseamh agus sonas na críche a fháil. É sin ráite, tá dóchas agam go mbeidh an seans againn é sin a chúiteamh,” arsa Eva le nóta dóchasach.

“Dúradh linn freisin nach mbeidh uasteorainn ar athdhéanamh na scrúduithe agus chím go bhfuil na léachtóirí agus na comhordaitheoirí an-tuisceanacha ar fad, agus is cúis dóchais é sin,” a chríochnaigh sí.

Ar an lámh eile, áfach, tá Sadhbh buartha faoin saol i ndiaidh na céime. “Níl aon phost nó cúrsa iarchéime socruithe agam go fóill, agus tá buairt agam nach mbeidh mé in ann rud a dhéanamh le mo chéim i ndiaidh na pandéime má thagann meath ar an eacnamaíocht.”

Bíonn dhá thaobh ar gach scéal, agus labhair John Walsh, Léachtóir Sinsearach Gaeilge in OÉ Gaillimh faoin taithí a bhí aige múineadh ar líne, “Measaim gur éirigh go maith liom. Shocraigh mé podchraoltaí a dhéanamh faoi théamaí nach raibh clúdaithe againn agus faoi na measúnachtaí ach bhí díomá orm leis an easpa aiseolais ó na mic léinn. B’fhéidir go bhfuil siad sásta i ngan fhios dom. Tá sé níos deacra cinnte an teagmháil phearsanta sin a dhéanamh mura mbíonn gach duine san áit fhisiciúil chéanna.”

Faoi láthair tá Aontas na Mac Léinn in Éirinn ag déanamh stocaireacht ar na hOllscoileanna timpeall na tíre polasaí ‘neamhdhochair ‘ nach mbeadh chun aimhleas na mic léinn a chur i bhfeidhm. Síleann John gur chasta na ceiste é, agus ceann nach bhfuil sé cinnte go leor faoi. “Is tréimhse an-deacair í seo do na mic léinn agus tá siad faoi bhrú níos mó ná mar a bheidís de ghnáth. Tá an polasaí neamhdhochair ceart go leor mura dtarlaíonn ach titim bheag i gcaighdeán an mhic léinn. Ach cad a dhéanfaimis dá bhfaigheadh duine 1.1 i scrúdú na Nollag agus teip i scrúdú an tsamhraidh?”

“Bíonn ar léachtóirí an t-ábhar a fhaigheann siad a cheartú go macánta agus má bhíonn droch-chaighdeán san ábhar a scríobhann an mac léinn bíonn sé an-deacair ar léachtóir neamhaird a dhéanamh air sin. Seans gurbh fhearr gach scrúdú a chur ar ceal ar fad agus meanmarc a oibriú amach bunaithe ar na gráid ar fad a fuair an mac léinn go dtí sin ach níl an córas sin céad faoin gcéad foirfe ach an oiread.”

Chomh maith leis sin, tá comhairle ag John do Mhic Léinn atá sa bhaile agus ag streachailt faoi láthair. “Má tá imní ort, labhair le do léachtóir faoi. Murar thuig tú cuid den ábhar a cuireadh ar líne, abair é sin agus lorg cabhair. Labhair le do léachtóir go rialta agus mínigh daoibh cad atá ar siúl i do shaol. Má tá fadhbanna baile, pearsanta nó teicniúla agat, abair é sin. Is daoine iad na léachtóirí chomh maith agus tá an ghéarchéim seo deacair orthusan. Beidh léachtóirí sásta breis ama a thabhairt do mhac léinn más gá,” a chríochnaigh sé.