Corfhéile Ath Cliath

A chara, – Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil do na múinteóirí, na tuismitheóirí agus go háirithe na mílte páistí a ghlac páirt i gCórfhéile Áth Cliath (an 62ú Córfhéile) an seachtain seo chaite san Airíona Náisiúnta Cispheile i dTamhlacht.

Bhí an ceol go hiontach agus bhi gliondar inár gcroíthe ag éisteacht leis na daoine óga ag canadh agus ag seinm ceoil ar an stáitse.

Ba mhaith liom freisin buíochas a ghabháil don choiste, na maoir, na moltóiri cheoil agus Niamh Murray,a rinne sár obair ag Oscailt na Féile oíche Dé Máirt.

Nuair a bhí mé féin ag éisteacht leis an gceol draíochta, bhí mé ag smaoineadh ar na focail a scríobh Brían Ó Dubhghaill – iar Stiúrthóir Cheoil na Féile – ata imithe ar shlí na fírinne. B’fhéidir go raibh an Córfhéile ina aigne aige nuair a chum se na focail álainn seo :

READ MORE

“Éistigí le ceol na n-éan is iad ag teacht le chéile,

Ceiliúr ceolmhar ins an spéir, áthas ar na héin go léir,

Éistigí le ceol na n-éan is iad ag teacht le chéile”

Go cinnte bhí Corfhéile iontach againn i mbliana agus glaoím anois ar na ceoltóirí uilig : tagaigí ar ais chugainn an bhliain seo chugainn, Mí Márta ‘18, agus beidh ceiliúradh iontach eile againn. – Is mise,

JOE JOHNSTON,

Cnoc Liamhna, B.A.C. 16.