Scéal Sheáin Óig ar fáil as cartlann RTÉ

Beocheist/Alan Desmond: Is beag rud is fearr liom ná éisteacht leis an raidió

Beocheist/Alan Desmond: Is beag rud is fearr liom ná éisteacht leis an raidió. Ní hiad na cláir cheoil a bhíonn le cloisteáil ar an gcuid is mó de na stáisiúin atá i gceist agam áfach, ach cláir chainte den saghas a chraoltar go rialta ar RTÉ Raidió 1.

Is minic is binne focail an chomhrá labhartha ná focail an amhráin chanta agus is beag rud is aoibhne liom ná éisteacht le cláir ar nós Bowman: Sunday Morning, clár bunaithe ar chartlanna RTÉ agus Dialogue agus Off the Shelf, sraitheanna léirmheasanna leabhar agus plé a bhíonn á gcur i láthair ag an sárchraoltóir sin ó Chluain Meala, Andy O'Mahony.

Is fiú cluas a thabhairt do chláir den sórt seo toisc an méid sin eolais agus tuairimí saineolacha bheith le haimsiú iontu. Ach is fianaise iad chomh maith ar dhraíocht is éagsúlacht ghuth an duine: na milliúin díobh ann ach gach ceann difriúil lena chéile.

Ritheann sé liom anois is arís go bhfuil sé ait go mbíonn na billiúin dlúthdhioscaí ceoil á ndíol in aghaidh na bliana agus gan teacht ach ar líon fíorbheag dioscaí ar a mbíonn focal labhartha an ghutha dhaonna ina phríomhábhar.

READ MORE

Is ionadh nach bhfuil níos mó dá chartlann curtha ar fáil i bhfoirm dlúthdhiosca ag RTÉ. Caithfidh go mbeadh an-éileamh ar na hagallaimh is fearr a rinne Gay Byrne, abair, nó óráidí a thug pearsana stairiúla mar Dhubhghlás de hÍde agus Eamon de Valera.

Tá roinnt ábhair curtha amach ag RTÉ áfach, agus ar na rudaí is fearr tá Seán Óg, trí dhiosca léirithe ag Harry Bradshaw.

Tá torthaí na gcluichí Gaelacha á léamh go lánaimseartha ag Seán Óg Ó Ceallacháin ar RTÉ Raidió 1 ó 1953 agus ní foláir nó go n-aithneodh formhór Éireannach guth Uí Cheallacháin, is cuma spéis nó neamhspéis i gcúrsaí spóirt. Agus ní ar chúrsaí spóirt amháin, ná geall leis, atá na dlúthdhioscaí seo dírithe.

Agus breis is ceithre scór bliain ag Seán Óg is é guth seanfhir chneasta atá aige agus cuireann sin go mór leis an taitneamh a bhaintear as an ábhar. Déanann Ó Ceallacháin scéal a shaoil a ríomh, ó bhliain a bhreithe i Luimneach i 1923 agus bhraithfeá ó am go ham gur le seanuncail cineálta atá tú ag éisteacht.

Pléann scéal Sheáin Óig le saol pearsanta an fhir féin agus san am céanna le saol na hÉireann san 20ú haois. Déantar trácht ar eachtraí móra i saol an leaid óig cosúil lena chéad phost maraon le cur síos ar scéalta móra a bhí ag titim amach ag an am cosúil le tús an dara chogaidh dhomhanda.

Is go hiontach mar a bhaintear úsáid as cartlanna RTÉ tríd síos na dioscaí. Cloistear leithéidí de Valera agus, an fear amharclainne Lennox Robinson.

Ar ndóigh, cloistear tráchtaireacht Mhichíl O'Hehir agus an t-agallamh cáiliúil sin a chuir Seán Óg ar Chassius Clay i Londain i 1963. Saol suimiúil a bhí ag Ó Ceallacháin agus is ómós oiriúnach é an tionscnamh Seán Óg don saol sin. Bheifí ag súil nach é seo an t-aon bhosca dlúthdhioscaí dá leithéid a bheidh á chur amach é RTÉ.

Ar ndóigh, ní hé RTÉ an t-aon eagraíocht amháin a bhfuil dioscaí cainte eisithe acu. Tá idir luach agus thábhacht ag baint le The Seafaring Irish-A Life of John de Courcy Ireland atá curtha le chéile ag Luke Verling agus curtha amach ag Earth Productions.

Staraí mara é de Courcy Ireland a raibh clú idirnáisiúnta é agus is cúis náire é nach n-aithneodh formhór Éireannach ainm an ard-Éireannaigh seo a cailleadh i mí Aibreáin agus 94 bliain aige. Mar a thugtar faoi deara ag tús an dá dhiosca seo tá onóracha tugtha don staraí mara seo ag rialtais na Fraince, na Spáinne agus ag rialtais nach iad. Ní luaitear rialtas na hÉireann ar na rialtais eile seo.

Déanann de Courcy Ireland cur síos ar a shaol féin agus idir na píosaí cainte seo léann Barry McGovern sleachta as saothair fhoilsithe an staraí mara. Déantar trácht ar a bhreith san Ind i 1911, ar a theitheadh chun farraige ar bord loinge agus 17 bliain aige, ar an aithne a chuir sé ar James Larkin agus an bhaint a bhí aige le cúrsaí polaitíochta in Éirinn na 20ú haoise.

Sciurdann éan as gach ealta agus ba Éireannach eisceachtúil é de Courcy Ireland a bhí fós ag obair agus breis is 90 bliain aige. Ba chóir go gcomórfaí é ina thír dhúchais; is cúiteamh éigin é an tionscnamh seo ar an neamart atá déanta ag an Stát ann.