I Lár an Aonaigh le filleadh ar BBC Tuaisceart Éireann anocht

Lynette Fay, Tomaí Ó Conghaile agus Máire Bhreathnach
Lynette Fay, Tomaí Ó Conghaile agus Máire Bhreathnach

Beidh I Lár an Aonaigh, irischlár Gaeilge BBC NI, ag filleadh le sraith úr anocht ag 10pm ar BBC 2 Tuaisceart Éireann.

Beidh na láithreoirí, Máire Bhreathnach agus Tomaí Ó Conghaile, ag cur comhrá agus aíonna i láthair agus faoi bhean an cheoil, Lynette Fay, a bheas sé tallann nua ceolmhar a aimsiú.

Beidh aíonna ar nós Liam Ó Maonlaí ó na Hothouse Flowers, uachtarán CLG Aogán Ó Fearghail agus an t-údar clúiteach agus colúnaí leis an nuachtán seo, Alan Titley, i measc na ndaoine a bheidh i mbun cainte. Lena chois sin, beidh Silences, Cup O’Joe, Colm Mac Con Iomaire agus Eve Belle i mbun ceoil.

Dúirt Breathnach go raibh áthas uirthi go raibh sraith eile de I Lár an Aonaigh ar ais ar an scáileán. Bhí lucht na sraithe ag súil le “réimse leathan scéalta spéisiúla” a chur roimh an lucht féachana, ina measc, géarchéim theifigh na Siria, Charlotte Bronte agus Euro 2016 UEFA: “Tá muid thar a bheith tógtha go raibh ceol shraith an earraigh againn sa stiúideo agus is iontach go deo an ceol é.

“Arís eile, beidh muid ag roinnt séisiúin eisiacha ar líne ó na bannaí le daoine. Mar sin de, ná déan dearmad iad a sheiceáil ag bbc.co.uk/gaeilge agus ar leathanach Facebook BBC Gaeilge.”