Éiceolaíocht Cholm Cille

Cainteanna agus filíocht ag comhdháil bhliantúil

An Pápa Proinsias. grianghraf: afp/getty images
An Pápa Proinsias. grianghraf: afp/getty images

Beidh léachtaí Cholm Cille ar siúl idir an Aoine, an chéad lá, Aibreán, agus an Satharn an dara lá, Aibreán, i mbliana.

An téama “An Éiceolaíocht i dTraidisiún na Gaeilge” a bheidh ann.

Tá lucht na léachtaí ag tarraingt a gcuid inspioráide as imlitir an Phápa, Laudato Si': "Is ar éigean ba chabhair é tuairisc a thabhairt ar na comharthaí, gan préamha daonna na héigeandála éiceolaíochta a admháil ...

“Molaimse go ndíreoimis ár n-aird ar an bparaidím theicneo-stiúrtha atá i réim agus ar ionad an duine agus a ghníomhaíocht sa domhan.”

Bhéarfaidh John Carey, an chéad léacht, "The Termini Naturae from Augustinus Hibernicus to Pope Francis" agus seolfar cnuasach léachtaí na bliana seo caite, Léachtaí Cholm Cille XLVI: an scríbhneoir Gaeilge agus Saol a Linne.

Tosóidh na léachtaí maidin Dé Sathairn ag 9.30am le caint le Tadhg Ó Dúshláine, “Laudato Si’ trí Shúile Gael” agus beidh tuilleadh cainteanna ann le linn na maidine le Dáithí de Mórdha, Breandán Ó Cróinín agus Domhnall Mac Síthigh.

Ina dhiaidh sin, beidh siompóisiam filíochta agus an tOllamh Pádraig Ó Fiannachta ina shaoi. Eolas: eolas@leachtaicholmcille.ie