Bhí am ann nuair a tugadh ‘cáinaisnéis’ as Gaeilge ar Bhuiséad náisiúnta na seachtaine seo caite. Ós rud é anois go bhfuil níos mó béime ar athruithe caiteachais ná cánach (ardú €6 bhilliún ar chaiteachas reatha in aghaidh laghdú €1.6 billiún ar cháin), tá níos mó ná cáin ag baint leis na gcáinaisnéis.
Agus níl an oiread faisnéise le déanamh roimh ré ach oiread. Tráth dá raibh, bhíodh cinntí cáinaisnéise faoi rún daingean ar eagla go ndéanfaí idirbheartaíocht astu roimh réidh. Sa lá atá inniu ann, pléitear mórán roimh an bhfógairt féin, idir fhíorscéalta agus eitleogacht. Taitníonn sin uaireanta le polaiteoirí – leis an Aire Airgeadais s’againne – mar go mbíonn an dea-scéala á fhógairt agus i mbéal an phobail níos minice. Taitníonn sé le hiriseoirí freisin mar go mbíonn deis trácht air níos luaithe.
‘Buiséad’ mar sin atá againn seachas ‘cáinaisnéis’. Cé go mbraitheann sé go dtagann sé ón mBéarla, is cosúil go bhfuil bunús sa Ghaeilge leis an bhfocal ‘buiséad’. Dar leis an tsanasaíocht go dtagann sé ón tSean-Fhraincis ‘bouge’, focal ar oscailt púitse, ‘bougette’ a chiallaíonn sparán nó púitse beag, agus é sin ón Laidin ‘bulga’ (mála leathair), focal de bhunús Gallach agus Gaeilge (‘bolg’).
Más fíor sin, bhí an bolg lán i mbliana ach ní raibh a sháith ag chuile dhuine. Agus dar le mórán saineolaithe neamhspleácha, tá an caiteachas iomarcach, agus muid ag brath an iomarca ar fhoinsí cánach atá sealadach a dhóthain, gur cheart níos mó a chur i leataobh sa phantrach d’am an ghátair - a thiocfaidh cinnte - seachas inár mbolg inniu.
READ MORE
Tá an rogha pholaitiúil - agus brú an phobail - le feiscint áfach san ardú 6 faoin gcéad ar chaiteachas reatha na bliana seo chugainn. Agus tá an rogha - agus an brú - sin le feiscint freisin sna rannóga Rialtais ina bhfuil an t-ardú is suntasaí: tithíocht (10.5 faoin gcéad), leanaí, míchumas agus comhionannas (7.1 faoin gcéad), coimirce shóisialach (7 faoin gcéad), cosaint (6.3 faoin gcéad) agus sláinte (6 faoin gcéad). Tá ardú 4.4 faoin gcéad (níos lú ná an meán) le bheith ar chaiteachas reatha na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, agus gan aon ardú ar chaiteachas caipitil na Roinne.
Más ón nGaeilge féin ar bhealach casta a thagann an focal ‘buiséad’, ní raibh mórán don teanga i mBuiséad na bliana seo. Ina óráid ar an mBuiséad, d’fhógair an tAire Jack Chambers go gcuirfí “€161 mhilliún ar fáil chun tacú le pobail na Gaeltachta, chun an Ghaeilge a neartú agus chun seirbhísí agus naisc iompair do phobail na n-oileán a fheabhsú”. “Cabhróidh milliún euro breise”, dar leis, “le tuilleadh daoine i bpobail na Gaeltachta a gcuid scileanna Gaeilge a fhorbairt agus a choinneáil”.
Dar le ráiteas ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta “airítear ar na méaduithe ar mhaoiniú reatha €0.75 milliún sa bhreis do Scéimeanna Tacaíochta na Gaeltachta, €0.8 milliún sa bhreis do Scéimeanna Tacaíochta na Gaeilge, agus €0.75 milliún sa bhreis don Phleanáil Teanga”. Beidh méadú ar an maoiniú reatha - suas le €1 mhilliún - ar fáil don chomhar Thuaidh-Theas chun tacú le hobair Fhoras na Gaeilge, níos lú ná mar a bhíodar ag súil leis. Ardófar leithdháileadh reatha agus riaracháin Údarás na Gaeltachta €0.8 milliún, go dtí maoiniú dar luach €41.96 milliún ina iomlán. Is ionann sin agus ardú thart ar 2 faoin gcéad, ardú atá faoi bhun an ráta boilscithe agus ar fíorghearradh é dá bharr. Beidh maoiniú €2.17 milliún ar fáil don Choimisinéir Teanga. Lena chois sin beidh €1.5 milliún níos mó ar fáil do sheirbhísí iompair na n-oileán, á ardú go dtí €13 mhilliún.
Ina iomlán, sin breis caiteachais reatha i bhfoisceacht €6 mhilliún, níos mó ná an milliún euro glan a luaigh Jack Chambers lá an Bhuiséid. Dar leis an Aire Calleary, aistreofar €5 mhilliún ó chaiteachas caipitil na Roinne chuig an gciste reatha toisc “deacrachtaí” leis na tograí caipitil a chiallaíonn nach gcaithfear an tsuim chaipitil iomlán a bhí curtha i leataobh.
Deir sé go bhfuil súil aige go mbeadh an obair ar Ché Inis Oírr curtha i gcrích an bhliain seo chugainn. Tá sé ráite san athbhreithniú ar an bPlean Forbartha Náisiúnta go bhfuil súil go mbeidh an obair ar Ionad Gaeilge agus Cultúir Shráid Fhearchair réidh ag tús 2029. Maidir leis an Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán atá le tógáil ar shuíomh Choláiste Lurgan, dúirt Roinn na Gaeltachta an mhí seo caite go bhfuil na tairiscintí tógála “fós á mheas”.
Méadú ar an gcaiteachas reatha agus cúlú ar an gcaiteachas caipitil mar sin a fhágann an t-ardú glan €1 mhilliún atá luaite ag an Aire Chambers in aitheasc an Bhuiséid.
Leis an ráta boilscithe mar atá agus mar atá tuartha, ní haon ardú é seo ach fíorlaghdú. “Faic” dar leis an bhfreasúra, “céim siar” dar le Conradh na Gaeilge agus an tAire féin “ag súil le hardú mór” an bhliain seo chugainn. Ciallaíonn sé freisin go gcaithfear níos mó airgid ó Thuaidh (€200 milliún) ar Thionscnamh an Oileáin Chomhroinnte, peata-thogra de chuid an Taoisigh, ná chun tacú le pobail na Gaeltachta (€161 mhilliún).
An t-iontas is mó ná nár tugadh ardú ar bith - pingin ná puinn - do TG4 ón Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Maíonn an tAire Patrick O’Donovan nach bhfuil aon chiorrú déanta ar an gcionnroinnt acu ach leis an ráta boilscithe ard mar atá - agus ardú ar chostas pá níos airde fós seans - tuigeann an domhan mór gur fíorchiorrú atá i gceist le heaspa ardaithe airgid. Tá sin le feiscint freisin sa leithdháileadh do Roinn an Aire O’Donovan (€22 mhilliún, nó 2.7 faoin gcéad), fiú tar éis €20 milliún breise tugtha ag deireadh an phróisis, más fíor do na tuairiscí. Má tá aon Aire ina ábhar cainte – nó cáinte agus conspóide – ó lá an Bhuiséid agus roimhe, is é an tAire O’Donovan é.
Tá roinnt rudaí le feiscint mar sin sa Bhuiséad. Easpa ardaithe le haghaidh na Gaeilge, roghanna an Rialtais maidir le tosaíocht tacaíochta agus nach bhfuil cúrsaí cultúrtha i gcoitinne ina measc. Ach tá sé le feiscint freisin nach féidir brath ar dháileadh ná ar ghealltanais ilbhliantúla. Tá sin feicthe sa chóras ardleibhéil maidir leis an gcoimitmint a tugadh in 2022 i dtaca leis an maoiniú €307 milliún a d’eascair as an tuairisc Funding the Future; tá sé feicthe ag RTÉ maidir leis an ngealltanas €725 mhilliún thar thréimhse trí bliana; agus ag an nGaeilge maidir leis an tabhairt le fios gur ‘chéad chéim’ a bhí san ardú maoinithe anuraidh.
Luíonn sé sin le réasún ar bhealach amháin. Is próiseas dáileacháin bliantúil é an Buiséad agus athraíonn cúinsí na tíre ó bhliain go bliain. Ach ar an taobh eile den scéal, ní féidir pleanáil go straitéiseach ná mór-athruithe a chur i gcrích ar bhunús bliana. Agus tá dainséar don chóras polaitiúil – agus brú ar phróiseas an Bhuiséid – go ngealltar, muna bhfuil maoiniú ar fáil faoi láthair, go mbeidh sé ar fáil amach anseo.
Más bolg – agus oscailt sparáin – atá i gceist le Buiséad, ní bhíonn an sparán ariamh gan teorainn agus is cosúil nach bhfuil a sháith ag chuile dhuine.
Cuntasóir cairte is ea Ciarán Ó hÓgartaigh, iarOllamh sa Chuntasaíocht agus iarDhéan Gnó in UCD. Tá sé ina Chathaoirleach ar an Institiúid um Thaighde Eacnamaíochta agus Sóisialta. Is i gcáil phearsanta a scríobh sé an t-alt seo.
Foclóir
faisnéis = information, intelligence
cáin = tax
bolg = stomach
a sháith = his fill
leithdháileadh = allocation
dáileachán = distribution










