Nuair a bheidh tú sean

Gluaiseacht na filíochta ó aois go haois agus ó theanga go teanga

An file Seamus Heaney ag léamh óna leabhar District and Circle in Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2006. Grianghraf: Cyril Byrne/The Irish Times
An file Seamus Heaney ag léamh óna leabhar District and Circle in Amharclann na Mainistreach sa bhliain 2006. Grianghraf: Cyril Byrne/The Irish Times

Is cosúil gur chuala an chuid is mó dínn an chéad chuid d’óid Horáit, ‘carpe diem’, ach nár chuala an dara cuid ‘quam minimum credula postero’. Is é atá á iarraidh ag Horáit orainn dar ndóigh an deis a thapú gan beann againn ar a bhfuil romhainn.

Ó shin i leith is iomaí file a raibh a leithéid mar théama aige ina chuid dánta, go háirithe nuair a bhí mealladh na mban i gceist. Ba dhuine acu sin é an file Francach Pierre de Ronsard (1524-85). Sa dán Quand vous serez bien vielle, labhraíonn sé le bean óg shotalach atá tar éis droim láimhe a thabhairt dó agus iarrann uirthi athmhachnamh a dhéanamh ar an scéal. Dar leis, nuair a théann sí in aois, go mbeidh bród uirthi a thuiscint gur mhol file chomh cáiliúil leis áilleacht a hóige. Sa chaoi sin ba chóir di “rósanna na beatha a bhailiú inniu”.

Le blianta beaga d’aithris mé a dhán Mother of the Groom ag bainis m’iníne Claire. Bhí Seamus sásta a ainm a chur le cóip den dán a bhronn Claire ansin ar mháthair a céile…

Nuair a dhiúltaigh Maud Gonne do WB Yeats tar éis dó ceiliúr pósta a chur uirthi sa bhliain 1891, bhí sé croíbhriste. Tharla seo go luath tar éis bhás Charles Stewart Parnell agus bhás George, leanbh óg Gonne. Spreagadh an file chun an dán fíor-álainn When You Are Old a chumadh go luath ina dhiaidh sin. Foilsíodh an dán sa chnuasach The Countess Kathleen and Various Legends sa bhliain 1892 agus arís sa chnuasach The Rose an bhliain dár gcionn.

Cé nach ndéanann an dán bradaíl iomlán ar shaothar de Ronsard, tá sé an-chosúil leis. Sa dán sin déanann Yeats cur síos ar Gonne agus í ina seanbhean ina suí cois tine. Sula dtagann néal codlata uirthi tógann sí anuas leabhar de chuid dánta an fhile agus léann iad chun teacht ar dhánta a léiríonn áilleacht a hóige féin.

Beidh aiféala uirthi:

…how Love fled

And paced upon the mountains overhead

And hid his face amid a crowd of stars.

Sa bhliain 1998 d’aistrigh mé an dán álainn seo go Gaeilge faoin teideal Nuair A Bheidh Tú Sean. Nuair a bhí mé féin agus mo bhean chéile mar aíonna ag Patrick O’Connor, Ambasadóir na hÉireann chun na Fraince, in Ambasáid na hÉireann i bPáras sa bhliain sin, aimsir Chomhaontú Bhéal Feirste, thug mé cóip den dán dó agus chuir sé suas ar bhalla na hAmbasáide é.

Seachtain ina dhiaidh sin bhí an file Seamus Heaney, buaiteoir Nobel, agus a bhean chéile Marie ar cuairt chuig an Ambasáid agus léigh Seamus an t-aistriúchán. Chuaigh rith na bhfocal i bhfeidhm air agus d’fhág sé cóip dá chnuasach Electric Light dom. Bhí mé an-sásta nuair a scríobh sé na focail “Sing on, a mystery to your poet self”. Tagairt a bhí ann sin don aistriúchán a rinne sé féin sa chnuasach ar an dán Arion leis an bhfile Rúiseach Alexander Pushkin. Sa dán sin tá cur síos ar an bhfile miotasach Gréagach a d’éalaigh ó longbhriseadh nuair a tháinig deilfeanna i gcabhair air. Scríobh Heaney mar a leanas:

Only I, still singing, washed

Ashore by the swell, sing on

A mystery to myself…

Bhuail mé le Seamus blianta roimhe sin nuair a tugadh cuireadh dó teacht go dtí an scoil ina raibh mé ag múineadh ag an am, Coláiste na gCnoc Glas, chun léacht a thabhairt dos na daltaí agus na múinteoirí ar Yeats. Ní raibh clú chomh mór sin ar Sheamus ag an am sin ná ní raibh sé ina phríomhfhile fós. Bhí an-eolas go deo aige ar Yeats agus chuaigh sé i gcion go mór ar na múinteoirí agus ar na daltaí araon.

Le blianta beaga d’aithris mé a dhán Mother of the Groom ag bainis m’iníne Claire. Bhí Seamus sásta a ainm a chur le cóip den dán a bhronn Claire ansin ar mháthair a céile, ócáid a tharraing croí an chomhluadair.

I mí Meithimh na bliana 2015 ceiliúradh 150 bliain ó rugadh Yeats. D’eisigh Banc Ceannais na hÉireann bonn airgid 15 euro in ómós dó. Sheol ball de Choimisiún an Bhainc Ceannais, Des Geraghty, an bonn in Amharclann na Mainistreach. Thug seisean cuireadh dom a bheith i láthair ag an seoladh. Bhí gariníon WB Yeats Caitriona Yeats ann freisin. Labhair mé leis an gcláirseoir agus oide clúiteach seo agus chuir mé in aithne í don Aire Stáit óg ag an Roinn Airgid, an tUasal Simon Harris, atá ina Thánaiste anois.

Tar éis sheoladh oifigiúil an bhoinn agus na n-óráidí d’iarr mo chara Des Geraghty orm an dán When You Are Old a aithris agus an t-aistriúchán leis. Ba mhór an onóir dom é seo a léamh ar an ócáid thábhachtach seo.

Níos déanaí sa mhí chéanna, thug Eddie Walsh, úinéir Theach Lios an Daill, cuireadh dom teacht chun an tí agus breis dánta Yeats a aithris le linn cheiliúradh bhreith an fhile. Is cara Eddie le mo dheartháir beag agus chuaigh siad ar scoil le chéile blianta ó shin. B’aisteach a bheith sa seomra mór suite inar luaigh Yeats an bheirt bhan óga Gore-Booth a bhainfeadh clú agus cáil amach níos déanaí mar Eva Gore-Booth, file, agus An Chuntaois de Markievicz. D’aithris mé freisin an t-aistriúchán den dán When You Are Old mar a leanas:

Nuair a bheidh tú sean

Nuair a bheidh tú i do sheanbhean chríonna liath,

An néal ag titim ort cois tine, tóg anuas mo leabhar,

Léigh leat agus meabhraigh silleadh caoin

Do shúl óg tráth lena scáthanna diamhra:

B’iomaí fear a ghráigh do mhéin ghrástúil,

Is d’áilleacht léi bíodh fíor nó bréagach,

Ach ghráigh an fear seo d’anam fáin ar oilithreacht

Agus brón gach roic id’ éadan maisiúil;

Is tú ag cromadh síos os cionn an ghráta dheirg

Caoin de chogar aiféala an grá a d’éalaigh,

Chun dul ag falaireacht ar bharr na sléibhte

Ag folú a aghaidh i bplód na réaltaí.

Foclóir: Gan beann againn ar - not considering; Droim láimhe a thabhairt dó - to spurn/reject him; athmhachnamh a dhéanamh - to reconsider; rósanna na beatha - the roses of life today; ceiliúr pósta - marriage proposal; bradaíl iomlán - complete plagiarism; longbhriseadh - shipwreck