Bua agus oiliúint

Ba réalta í Dolly Parton a bhain lántairbhe as a tallann nádúrtha

Dolly Parton ar stáitse in 2014.  Grianghraf: Jim Dyson/Getty Images
Dolly Parton ar stáitse in 2014. Grianghraf: Jim Dyson/Getty Images

Ceann de na díospóireachtaí is marthanaí i measc lucht síceolaíochta nuair nach mbíonn siad ag útamáil le francaigh nó ag tomhas cloigne is ea cé acu is mó anáil ar an duine, a bhfuil aige féin ón mbroinn nó an tógáil a thugtar dó. Nó, níos gonta, cé acu is treise, dúchas nó oiliúint?

Rith an cheist sin arís liom ar bhás Dolly Parton, óir cad eile atá le rá mar gheall ar an réalta mhór a chuaigh ón mbothán beag dhá sheomra go dtí na tithe bána sa spéir? Beidh taighde á dhéanamh ar feadh i bhfad ar fhréamhacha a cuid ceoil, mar níl aon amhras ná gur thuismigh na hamhráin tíre a bhí ina timpeall as a hóige as bailéid agus ceolta a bhí coitianta abhus anseo, agus in Albain agus i Sasana chomh maith. Samhlaím duine éigin amach anseo ag gabháil do thráchtas dar teideal ‘Tionchar an tsean-nóis ar Dolly Parton’, cé nach bhfaighfear aon treoir uaimse.

Díreofar, leis, ar anáil a muintire agus a timpeallachta, ar an mbochtaineacht a d’fhulaingíodar, ar easpa litearthachta a hathar a thug comáint di, ar an scolaíocht a fuair nó nach bhfuair sí, gach uile cheann díobh ag iarraidh í ‘a mhíniú’.

Ach is anseo ball díreach a thagaimid ar theorainneacha na gcóras smaointeoireachta sin a mhaíonn go dtig leo an saol a chiallú, nó teacht ar bhunbholcán an duine – an tsíceolaíocht, an tsocheolaíocht, na léinn dhaonna sin ar fad a bhfuil oiread sin de mheas amú agus de ghradam baoth orthu lenár linn. Is féidir leo dul tamall den tslí, gan amhras, is féidir leo siúl go himeall chathair an fheasa, ach is gairid go bhfeictear dóibh go bhfuil balla mór daingean dothreáite agus droichead dothrasnaithe os a gcomhair amach. Is féidir leo cosán an eolais a thriall, comharthaí bóthar a thabhairt dá n-aire, faisnéis a bhailiú ó strainséirí ar an mbealach, éisteacht le luaidreáin ó bhacaigh ag iarraidh déirce, an dola a íoc le giollaí an bhealaigh, an ghaoth agus an brothall a mheas, ach ansin sroicheann siad, faoi dheireadh thiar thall, i ndeireadh an lae agus na feide, sroicheann siad Dolly.

Nó aon mhórealaíontóir eile nach bhfuil aon mhíniú uirthi nó air.

Is mó sin duine sna heolaíochtaí boga atá míchompordach leis seo. Bíodh acu. Bhí tuiscint níos fearr ag beagnach gach aon chultúr ar an gceist seo agus níorbh aon nath leo é. Cad ba chúis le bua, le tallann Dolly? Inspioráid, tíolaic ó na déithe, bronntanas ó neamh, tabhartas gan iarraidh, deolchaire ó n’fheadar.

B’in mar a bhí le bua an fhile, an cheoltóra, an ealaíontóra riamh anall. Agus in Éirinn chomh maith, níos dearfa ná riamh. Ba é iombas forasnai an ga inspioráide sin, an ‘léargas solasmhar’ a tuigeadh a thuirling ar an duine agus arbh as a las tine na cruthaíochta. Go deimhin, ní rud annamh in aon chor é sa mhéid is go bhfuil imfhios instinniúil ó dhúchas i ngach aon rang bunscoile sa tír, an cailín ar féidir léi pictiúr a tharraingt go binn is go cruinn gan oiliúint, an buachaill ar féidir leis rith níos tapúla ná gach duine eile ar scoil, an neach a shuíonn ag an bpianó is a aimsíonn an ceol ar ala na huaire. Níor ghá gurb ardscil dhomhanda í ar nós Dolly, Bob Dylan, Messi, Sébastian Ogier, Eddy Merckx, Marie Curie, Iosep dze Jughashvili, Jan Brueghel, Cian Lynch etc…

Ní foláir é a chothú, áfach, ní a thuigtear chomh maith. ‘Rinne’ nó ‘dhein’ daoine filíocht sa Ghaeilge, níor ‘chruthaíodar’ í. Bhí ‘an gibht’ acu cheana, b’éigean í a chur chun fóinte.

Thuig Dolly an tíolaic a fuair sí, ach níor lig sí an cheird i bhfaighid.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar