Is nath é a mbaintear leas as go laethúil, ‘ar eagla na heagla’. Ach ní bhíonn ‘eagla’ i gceist leis. Cúram, faichill, is mó. Ach tá eagla na heagla ar cheann de na cumhachtaí is láidre atá dár mbuaireamh faoi láthair, eagla nach eagla in aon chor í, ach púca a mhúsclaítear ionas go gceapfar go bhfuil tú i mbaol.
Ní gá dul i bhfadscéal leis agus cuaird na cruinne a dhéanamh. Bhí sé ansin an lá cheana amach as caogaidí na haoise seo caite ag múscailt na sceimhle gan fhianaise, gan fhíoras, gan fhíric, gan fhact. Táthar chugainn arís, na cumannaigh, an slua dearg, an dream sin faoin leaba, na spiairí sna meáin, na haisteoirí nach bhfuil faoi sholas, an duine sin in aice leat. Tá na cumannaigh ar ais, cé go bhfuil siad imithe le fada ón Rúis agus gur caipitligh iad de chuid na heite deise don chuid is mó, agus tá páirtí gnó agus tráchtála déanta de rialtas na Síne, mar sin féin, gan aon agó, níl siad imithe, na cumannaigh, tá’s agat. Is iad atá ar ais, mar is é sin an apacailipsis de réir an Trumpa.
“Is féidir leat a bheith dílis do Karl Marx, nó is féidir leat a bheith dílis do Mheiriceá. Is féidir leat a bheith i do chumannach nó i do thírghráthóir. Ní thig leat an dá chrá a fhreastal,” Thrumpaigh sé go neamhbhalbh. Lean sé leis ag áiteamh gur “contúirt mharfach” do na Stáit Aontaithe a bhí sa chumannachas céanna, “níos contúirtí na cogadh domhanda a haon, cogadh domhanda a dó, Cuan an Phéarla, nó 9/11 féin”.
Idir an dá linn tá na Rúisigh neamhchumannacha, dar le hurlabhraí cosanta amháin de chuid na Breataine (Sasana, le fírinne), mar bhagairt orainn thuas, thíos, laistiar, lastoir, faoi bhun na farraige, sa ghaoth anoir, sna scamaill, laistiar den ghealach, sa spás gan teorainn, sna coillte, sa choileach ag glaoch, sa chibear idir eatarthu, sa scríbhneoireacht rúnda, sa bhosca faoistine, i do thaibhrithe féin i ngan fhios duit. Cad a dhéanfá feasta gan namhaid, gan fhianaise? Cad a dhéanfadh tionscal mór na n-arm gan Mac Cárthach mór éigin a bheith ann le faitíos a gcraicinn a chur ar dhaoine?
READ MORE
Áirítear tuairim is 40 faoin gcéad de chaiteachas míleata an domhain a bheith á dhéanamh ag NATO, níos lú ná 5 faoin gcéad ag an Rúis. Fós féin… Dá ndéanfadh an Rúis ionsaí ar an bhFionlainn bheadh fórsaí na tíre sin in St Petersburg laistigh de sheachtain. Fós féin… Tá níos mó fórsaí ag scór go leith de thíortha NATO ná mar atá ag an Rúis go mór is go fada agus iad réidh ullamh ar imill a críche. Fós féin… Caitheann tú namhaid a bheith agat.
Agus ansin tá Ioslam. Bíodh eagla ort, bíodh eagla go hae istigh ort! Tá siad ag teacht ina milliúin thar ghaineamhlaigh agus thar fharraigí ar chamaill agus i gcurrachaí chun dlí Sharia a chur siar ort agus oraibh agus le deimhin a dhéanamh de go mbeidh fad d’fhéasóige de réir an dlí. B’fhéidir go ngabhfaí de chlocha ionat nó go dteascfaí an lámh díot sa chás is nach mbeadh na toisí i gceart.
Nár airigh tú faoi Phrótacal Sheanóirí Mheice? An chomhcheilg dhomhanda rúnda (gan amhras) atá ag iarraidh an bonn a bhaint den Chríostaíocht Eorpach (a bunaíodh sa Phalaistín) agus a bhfuil sé i gceist aige gan stríocadh go dtí go mbeadh Ioslam leathnaithe ar fud na cruinne ar fad (cén caiticeasma ar airigh mé seo ann cheana?)
Fós féin, tá tamall le dul. Áirítear 6 faoin gcéad de phobal na hEorpa a bheith ina Moslamaigh. Go leor díobh chomh patuar ina gcreideamh leatsa. Fós féin, bíodh eagla ort, eagla na heagla.











