Gaeltacht shoghluaiste an Oireachtais ag déanamh ar Bhéal Feirste

I mBéal Feirste a reáchtálfar Oireachtas na Samhna féile mhór na n-ealaíon dúchasach agus na Gaeilge i mbliana.

Beidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain.
Beidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí an 2 Samhain.

‘Tá fuinneamh dochreidte i mBéal Feirste ó thaobh na Gaeilge de agus ó thaobh chearta lucht labhartha na Gaeilge.”

Sin a dúirt Máirín Nic Dhonnchadha, Ceannasaí Oireachtas na Gaeilge, agus na hullmhúcháin deiridh á ndéanamh sa chathair cúpla lá roimh thús Oireachtas na Samhna 2025.

Beidh sé ar an gcéad uair don Oireachtas bheith ar siúl sa chathair le beagnach 30 bliain agus is mór an fás atá tagtha ar phobal agus ar shaol na Gaeilge ann ó shin.

In ainneoin naimhdis i leith comharthaí sráide dátheangacha agus teip an Fheidhmeannais straitéis Gaeilge a thabhairt isteach, tá go leor dul chun cinn déanta.

“Tá an oiread sin forbairtí tar éis tarlú i mBéal Feirste, ní hamháin sa cheantar Gaeltachta - timpeall Bhóthar na bhFál, an Chultúrlann agus Forbairt Feirste agus mar sin de - anois tá Oirthear Bhéal Feirste tar éis spiorad iomlán nua a fhorbairt ó thaobh na Gaeilge de. Tá sé thar a bheith dearfach,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

Tá súil aici go gcuideoidh an tOireachtas freisin. “Ba rud iontach dúinne mar fhéile, mar eagraíocht, bheith in ann tacú leis na grúpaí sin - an Dream Dearg agus Conradh na Gaeilge - atá ag troid go láidir ar son cearta cainteoirí Gaeilge.”

Luann Nic Dhonnchadha an obair atá déanta ag leithéidí Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain agus ag eagrais eile a fheidhmíonn i réimsí an oideachas, tríd an gcultúr agus sna healaíona. “In Oirthear Bhéal Feirste tá An Droichead, Naíscoil na Seolta agus Bunscoil na Seolta a d’oscail i mbliana. Tá pobal iontach forbartha ann anois,” a dúirt sí. “Is eiseamláir iontach é Béal Feirste ó thaobh na Gaeilge de do cheantar ar bith.”

“Tá oidhreacht an Oireachtais díreach chomh tábhachtach leis an bhféile,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

Beidh na heagrais, na scoileanna agus na grúpaí pobail sin rannpháirteach in imeachtaí an Oireachtais agus tá súil ag na heagraithe “go mbeidh tionchar dearfach ag an bhféile, agus ag an bpobal ollmhór Gaeilge a thagann le chéile ag an Oireachtas, ar na daoine óga.”

Tá súil aici go bhfeicfidh daoine óga go bhfuil “pobal ollmhór cainteoirí Gaeilge a mhaireann trí mheán na Gaeilge.”

“Tá Kneecap tar éis a léiriú anois gur féidir leat tú féin a chur in iúl sna healaíona trí mheán na Gaeilge agus a bheith ar ardán domhanda,” a dúirt sí.

Ach má tá luach cultúrtha agus pobail le hOireachtas na Samhna, tá luach ann don gheilleagar freisin. “Na daoine go bhfuil muid ag obair leo go laethúil i mBéal Feirste, creideann siad go láidir go gcabhróidh an tOireachtas,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

“Má thagann 14-15,000 duine isteach i gceantar cosúil le Béal Feirste, beidh buntáiste eacnamaíoch ann, chomh maith leis na buntáistí eile.”

Tá eagraithe an Oireachtais agus na húdaráis áitiúla ag obair as lámh a chéile.

“Tá comhlachas tráchtála Bhéal Feirste, lucht gnó, lucht fáilteachais, lucht turasóireachta agus Visit Belfast – dream atá lárnach i dtabhairt na féile go Béal Feirste – ag cur béim ollmhór ar dhaoine a mhealladh ar ais le haghaidh margadh na Nollag agus le freastal ar Cheathrú an Titanic, áit a bhfuil turais trí Ghaeilge ar fáil. Tá siad ag iarraidh dul i bhfeidhm ar thuismitheoirí agus ar scoileanna araon – ar phríomhoidí agus ar mhúinteoirí a bheidh ann – le go dtuigfidís go bhfuil turais trí Ghaeilge ar fáil.”

Cruinniú

Beidh na sluaite ar bís agus iad ag taisteal go Béal Feirste, áit ar reáchtáladh an fhéile go deireanach in 1997. “An rud is tábhachtaí faoin bhféile ná gurb é an cruinniú is mó do na Gaeil é ó cheann ceann na bliana,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

“Tuigeann gach duine a thagann chuig an bhféile gur Gaeltacht atá ann – Gaeltacht shoghluaiste an Oireachtais. Tá a fhios acu go bhfuil fáilte rompu, go gcasfar cairde leo, agus go mbainfidh siad sult agus taitneamh as. Is cuma má tá spéis acu sna taibhealaíona, sna léachtaí, sa tsiamsaíocht, nó díreach a bheith i measc comhluadair le Gaeilge.”

Beidh na céadta iomaitheoirí rannpháirteach i 65 comórtas. I measc na gcomórtas is cáiliúla beidh príomh-chomórtas sean-nóis na tíre Corn Uí Riada, Lúibíní agus Steip (rince ar an sean-nós).

Cé gurb iad na taibhealaíona cnámh droma nó mar a dúirt Nic Dhonnchadha “an raison d’être” atá ag an bhféile, bíonn go leor eile ar siúl freisin. “Tá 205 imeacht beartaithe ag Oireachtas na bliana seo,” a mhínigh sí. Reáchtálfar léachtaí, seimineáir, díospóireachtaí agus ceardlanna agus, mar is gnách, cuirfear imeachtaí agus cluichí ar siúl don aos óg.

Beidh formhór na n-imeachtaí ar siúl i Halla Mór an ICC (an t-ionad ar tugadh an Waterfront air tráth), in Óstán an Europa, i nDánlann Dillon sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál, agus i Halla Ulaidh.

Todhchaí

D’fhostaigh Oireachtas na Gaeilge seachtar oifigeach réigiúnacha i mbliana a bhfuil sé de fhreagracht orthu ealaíona teangabhunaithe na Gaeilge a chur chun cinn agus a fhorbairt go straitéiseach.

Míníonn Nic Dhonnchadha nach raibh ach feidhm amháin ag an Oireachtas tráth dá raibh – an ócáid féin a reáchtáil.

“Roimhe seo ní raibh muid ach mar saghas áisitheoirí le haghaidh comórtais agus taispeántais ach anois, de bharr obair na n-oifigeach seo, is féidir linn díriú ar obair fhorbartha.” Tá compántais nua drámaíochta á mbunú agus feicfear toradh na hoibre sin ag an bhFéile Náisiúnta Drámaíochta atá á heagrú ag an gComhlachas Náisiúnta Drámaíochta le tacaíocht ón Oireachtas i gCathair na Mairt i Márta 2026.

“Ceann de na spriocanna is mó atá againn ná borradh a chuir faoin drámaíocht phobail sna ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá an obair sin ar siúl go ciúin faoi láthair agus tá na hoifigigh ealaíne réigiúnacha ag buaileadh le grúpaí éagsúla.

Láthair

Is ábhar díospóireachta é i gcónaí cá háit a reáchtálfar Oireachtas na Samhna. I gCill Áirne a reáchtáladh an fhéile le roinnt blianta anuas agus is ann a fhillfear an bhliain seo chugainn. Tá an oiread sin fáis tar éis teacht ar an bhféile go mbíonn srian ar an áit ar féidir an ócáid a reáchtáil.

“Tá muid seasta síoraí ag cuardach óstáin nua,” a dúirt Nic Dhonnchadha.

Caolseans mar sin go bhfillfear ar na hóstáin bheaga inar reáchtáladh an tOireachtas tráth dá raibh.

“Tá an tOireachtas méadaithe chomh mór sin anois go bhfuil sé deacair teacht ar ais chuig ionaid atá níos lú. Tá dhá nó trí rud a bhíonn ag teastáil, hallaí agus ionaid mhóra agus lóistín ag buiséid éagsúla. Chaill muid Citywest, áit a bhí an-mhaith ó thaobh Bhaile Átha Cliath de. Bhí beagnach 1,000 seomra lóistín ansin agus chomh maith leis sin sa cheantar máguaird, an t-iliomad óstán.”

“Creidim go bhfuil áiteanna eile ann agus nílim chun áit ar bith a lua díreach anois, ach tá áiteanna ann atá oiriúnach. Bhí muid ag caint le roinnt dreamanna agus tá muid ag súil le hiarratais eile.”

Osclófar Oireachtas na Samhna 2025 go hoifigiúil san ICC ag 1pm ar an gCéadaoin. “Ansin beidh spórt agus spraoi againn.“

Beidh Oireachtas na Samhna 2025 ar siúl i mBéal Feirste ón 29 Deireadh Fómhair go dtí 2 Samhain. Breis eolais: antoireachtas.ie/oireachtas-na-samhna

Foclóir: fuinneamh - energy; ullmhúcháin - preparations; spiorad - spirit; imeachtaí - events; cainteoirí - speakers; geilleagar - economy; taibhealaíona - performing arts.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor.