Tá a fhios agam go bhfuil cogaí á mbagairt thoir agus thiar agus ar siúl idir eatarthu, ach ó am go chéile caithfear aghaidh a thabhairt ar an bhfírinne shearbh gharbh. Baineann seo leis an saol réalaíoch iarbhír seachas lena bhfuil d’uafás i bhfad uainn.
Ní féidir linn peil a imirt. Ní peil Ghaelach atá i gceist agam, ná peil Astrálach, ná Subbuteo féin, ach an chaideolaíocht a bhfuil sacar air againne amuigh ar an tsráid.
Fadó fadó ar maidin bhí dúil mhór as cuimse agam i Léig Sacair na hÉireann. Théinn go dtí cluichí gach re seachtain i bPáirc Chrois an Tornóra nuair a bhíodh Cork Celtic ag imirt, agus gach re seachtain mar mhalairt go dtí Flower Lodge nuair a bhí dúil agam go gcaillfeadh Cork Hibernians, an namhaid a gcaithfí í a chloí.
D’imiríos an cluiche céanna ar feadh i bhfad i léigeanna ísle na hÉireann toisc nach rabhas sé troithe seacht n-orlach ar airde agus nach bhféadfainn an liathróid a sciúchadh anuas ó dhuine a bhí in ann breith ar an ngealach sa chaid álainn Chiarraíoch.
READ MORE
Cheapamar go rabhamar go maith, nó ceart go leor, nó leathchuibheasach. Ach nuair a chonaic foireann sinsir Phoblacht na hÉireann an tseachtain seo caite ag fústráil leo mar a bheadh turtair ar meisce in aghaidh na hAirméine bhí a fhios agam go rabhamarna a d’imir ar pháirceanna láibfhliucha maidin Domhnaigh ar fheabhas.
Ar eagla nach cuimhin leat, chaill foireann sacair an stáit dhá chúl in aghaidh a haon i gcoinne foireann ar bhuail Oileáin Fharó, iascairí agus aoire caorach, iad anuraidh. Tuilleann imreoirí sacair na príomhléige i Sasana a bhfuil formhór ár gcuidne ag imirt inti ar an meán breis agus £20/30,000 in aghaidh na seachtaine! Níl a fhios agam cad a shaothraíonn ár mbuachaillí féin ar bheagán allais ach mo thuairim gur raimhre ná sin é.
Ní raibh aon samhail a thabharfaí leo ach dealbha ag bogadh go doicheallach, capaill a d’éalaigh ón seamlas, srónbheannaigh ag iarraidh teacht as linn láibe, taiscéalaithe gan léarscáil, suansiúlaithe i lár an lae, broic gan súile, sciatháin leathair gan mhacalla, Cill Chainnighigh gan chamáin, sagairt gan ghrásta, fealsaimh gan teoiric, síceolaithe gan lucha, eacnamaithe gan staitisticí, Oráistigh gan mháirseáil, Gaeilgeoirí gan ghearán, feirmeoirí gan deontas, Nato gan an Rúis, Maga Meiriceánach gan ghunna, polaiteoir gan leithscéal, broim gan phrumpa, banc gan chúbláil airgid, staraí gan chlaonadh, cosa gan fios siar ná aniar ná soir ná suas síos a bheith acu. Agus cad ina thaobh go dtagann cearca gan chloigne chugam chomh maith?
Foghlaimítear sa naíonra conas liathróid a chaitheamh. Déantar caid a chiceáil sa chlós. Thig leis an malrach rith ón doras go dtí an claí. Múintear céimseata sa bhunscoil. Tá dronuilleog i bhfoirm cuaillí cúil soiléir go maith. Is féidir leis an ngobadán trá amháin a fhreastal. Tá’s ag an iascaire dall cad is líontán ann. Níl ach dhá chos an duine ag an bhfoireann eile. Uaireanta ní foláir dúiseacht as do chodladh.
Fós tá saontacháin áirithe ann agus leanann siad na buachaillí glasa liatha uaithne seo go dílis. Ceannaíonn siad ticéid le dul go dtí áiteanna nach bhféadfaidís iad a aimsiú ar an léarscáil, Ashgabat, Tórshavn, Baku, Tbilisi, Pristina, Chisanau, agus éiríonn siad i moiche na maidne fliche d’fhonn triall ar an aerfort is a bpócaí lán de sheicilí, denarii, drachmae nó cibé agus a gcroí lán de dhóchas baoth. Ach in ainneoin gur chaill siad arís is arís eile in aghaidh na Vatacáine, Oileán Mhanann, Oileán na Cásca, Túvalú agus Inis Phiotcairn, fós filleann siad chun na péine céanna.
Scéal liom dóibh ar fad. Ní bheidh Joxer ag dul go dtí Seattle ná San Francisco an bhliain seo chugainn.