Céad bliain d’aois

Ní ullmhaíonn rud ar bith don saol tú ach an saol féin

Date:15/04/2013 - Education -  Students in class in Headfort School Kells Co Meath.
Photo: David Sleator/The Irish Times
Keywords ;  Archive , Web, Stock, GV, General View
Tá cúrsa na hardteistiméireachta céad bliain d’aois i mbliana. Grianghraf: David Sleator/The Irish Times

Tá cúrsa na hardteistiméireachta céad bliain d’aois i mbliana. Ní fhaca fós aon chíste á sheoladh le céad coinneal air réidh lena múchadh á chomóradh ná á chaoineadh. Tá an chuma air go músclaítear an díospóireacht cheannann chéanna as a codladh gach bliain maidir lena chuspóir is lena éifeacht. Ar nós na cabaireachta timpeall ar chomórtas Rós Thrá Lí a thagann chugainn timpeall an ama chéanna is ródhócha go mbeidh sí farainn go deo.

Níl seans faoin spéir bhraonach, gan amhras, go mbeadh cead ag bean céad bliain d’aois cur isteach ar rancás Thrá Lí (fós), ach tá gnéithe den scrúdú úd nár athraigh puinn in ainneoin chaitheamh na haimsire. Scrúdú acadúil atá ann agus ní ullmhú don saol. Ní ullmhaíonn rud ar bith don saol tú ach an saol féin, agus uaireanta ní leor é sin. Iarrtar ar dhaltaí bochta (cé go mbíodh a bhformhór saibhir nó compordach tráth) dul isteach i halla uaigneach agus ceisteanna a fhreagairt le cleite, le peann dúigh, le badhró nó le gléas peannaireachta éigin ar feadh uaireanta an chloig ar ábhair a bhfuil staidéar de shaghas éigin in ainm is a bheith déanta acu. Is fíor go bhfuil cloigne gaoise ag iarraidh breis obair chúrsa nó téarma nó leanúnach a thabhairt isteach go díreach ag an am nuair atá an intleacht shaorga agus gach a mbaineann léi ag tabhairt an ‘gabh-i-leith’ do chách d’fhonn is nach mbeidh ar aon duine machnamh a dhéanamh feasta. Ach fadhb í sin i gcomhair lae éigin eile nuair a bheidh an colún seo á scríobh ag ClabGPT.

Mar a thuigfí ní raibh san ardteistiméireacht ach leanbh sa chliabhán, garlach ag cur na bhfiacla, mamailíneach ar éigean ag casadh le seasamh an chéad bhliain nuair a ceapadh i dtosach é. 441 de bhuachaillí agus 231 de chailíní a thug aghaidh air in 1925. Tóg amach do mhéara agus áirigh an méid sin, 672 ar fad. Sin le hais an 66,554 a fuair torthaí i mbliana. Don té a bhfuil spéis aige i bhfigiúirí, seachas eacnamaithe agus síceolaithe amháin, 396 buachaill agus 187 cailín a dhein an Ghaeilge, ach is de shuimiúlacht gur líonmhaire faoi dhó na baineannaigh a dhein an Fhraincis ná na fireannaigh.

Fiche bliain ina dhiaidh sin féin, bhí athrú mór ar an scéal. Breis agus 3,700 a dhein an scrúdú, agus ba mhó líon na gcailíní ná na buachaillí. Athrú suaitheantasach é sin nach dtógtar ceann de go rómhinic. Sa bhliain áirithe sin chomh maith 1946, dhein níos mó daltaí scrúdú ar an nGaeilge ná ar an mBéarla, idir bhuachaillí is chailíní araon! Agus cé go raibh bearna mhór sna hinscní maidir le staidéar a dhéanamh ar an matamaitic sna fichidí, ar éigean go raibh aon difear ann fiche bliain dá éis.

Bóthar fada anróiteach a chuir an scrúdú de ó shin de thruslóga tromspágacha go minic. Bhí tráth ann go raibh páipéir éagsúla scrúdaithe in ábhair áirithe ag cailíní is buachaillí. Is deacair teacht ar chóipeanna de na páipéir scrúdaithe sin anois mar tá seans maith ann gur dhóigh státseirbhíseach coinsiasach iad, ach mionnaíonn cara liom go raibh ceist ar an bpáipéar eacnamaíochta baile uair éigin sna tríochaidí nuair a tháinig rialtas De Valera i gcumhacht a d’fhiafraigh: ‘Meas go cruinn cé mhéid prátaí is ceart a thabhairt d’fheirmeoir um mheán lae nuair a thagann sé abhaile tar éis a bheith ag obair go dian sa ghort?’

Ní raibh rogha rófhairsing ann don té a chuir an scrúdú de go héiritheach céad bliain ó shin. Trí leathanach cló beag de chúrsaí tríú leibhéal, lán 1,935 rogha ar fad, a bhí ar an nuachtán seo an tseachtain seo caite.

Gan an saol lasmuigh díobh a bhac.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar