Is eol dúinn déagóirí a n-éiríonn leo claí muice duibhe na hArdteistiméireachta a chur díobh agus iad meáite dul ar an ollscoil, ach nach bhfuil cinnte in aon chor cad a dhéanfaidh siad ann. Níl siad ar an mbuíon ámharach sin gur theastaigh uathu a bheith ina ndochtúirí ó bhí an bhruitíneach orthu agus iad ina leanaí, nó ina gcuntasóirí toisc go raibh siad go maith ag an abacas tráth. Níl an fhoighne acu stracadh leis an litríocht mar bheadh orthu leabhar a léamh, agus chuirfeadh sin isteach ar am an scáileáin. Ina choinne sin, áfach, tá fonn orthu an cóngar chun na gaoise a ghlacadh, agus cá fearr áit ab fhéidir sin a dhéanamh ná staidéar a dhéanamh ar an tsíceolaíocht?
Tar éis an tsaoil tá maíte ar an tsíceolaíocht go nochtann sé a bhfuil istigh san intinn dúinn, cé nach gá don mhac léinn sceanóg a cheannach don chúrsa. Is gairid go bhfaightear amach, áfach, gur mhó an spéis atá ag síceolaithe sna lucha ag rith timpeall agus sna madraí a dtagann sileadh súlach lena mbéal nuair a bhuailtear clog ná sa duine féin. Fairis sin, cloiseann siad faoi údair le hainmneacha aisteacha ar nós Fraud agus Junk and Addler a chuireann breis mearbhaill orthu.
An chuid is uaillmhianaí de na daoine sin a thréigeann an tsíceolaíocht toisc nach bhfuil dúil chollaí acu ina máithreacha nó nach bhfuil siad ag iarraidh a n-aithreacha a mharú agus go dtuigtear dóibh nach bhfuil sa téarmaíocht ar fad ach diagacht thirim a fágadh rófhada faoin ngrian, taibhsítear dóibh dul le fealsúnacht. Ar a laghad ar bith is eol go raibh saol suimiúil ag cuid acu, murab ionann agus Fraud a chaith a shaol ag léamh putóga an ama agus nach bhfaca na Naitsithe ag teacht lasmuigh dá dhoras féin.
Tar éis an tsaoil, daoradh Sócraitéas chun báis agus léim Nietzsche amach as fuinneog chun tarrthála ar chapall a bhí á lascadh ag úinéir gránna. Fuair Diogenes bás toisc gur ith sé ochtapas amh, chaith Empoidicléas é féin isteach sa bholcán ar Chnoc Etna, agus Godel féin, an fear a chuir an mhatamaitic bunoscionn lenár linn, dhiúltaigh sé pioc a ithe toisc gur shíl sé go raibh daoine ag iarraidh nimh a chur ina chuid bia agus d’éag den ocras. Ní foláir nó bheadh i bhfad níos mó gaoise le fáil i measc chomplacht na bhfealsamh.
Dá dtógfaí an Gearmánach Gottfried Leibniz mar shampla, ba dhícheall duit duine níos meabhraí ná é a fháil de shiúl foraoiseacha an léinn. Cheap sé innill áirimh agus calcalas i leataobh ó Isaac Newton. Fós féin d’áitigh sé gurb é an domhan seo an domhan is fearr a d’fhéadfadh a bheith ann. Ní áiteamh é a ngéillfí dó in Gaza ná in Darfur faoi láthair.
Agaistín Naofa, fealsamh agus easpag, chreid sé gur chuaigh leanaí gan bhaisteadh go hIfreann síos. Bhí de charthanacht ann a ligean lena ais nach mbeadh an phian a d’fhulaingeoidís chomh pianúil le sciúrsáil an ghnáthpheacaigh bhoicht, ach fós féin…
Shéan George Berkeley a mbíodh a ainm ar leabharlann i gColáiste na Tríonóide go dtí le déanaí, shéan sé go raibh damhna nó ábhar ann in aon chor. Bhí an uile ní san intinn, sa mheabhair laistigh. Chaith sé tamall i gCluain in oirthear Chorcaí, áit a bhfuil dealbh mhór de Christy Ring. Is beag duine a fuair poc sna heasnacha ó Christy a cheap gur san intinn amháin a tharla.
Cá bhfaighfear gaois, mar sin? Cad mar gheall ar bheo-fhaire do chéadfaí féin i dtosach, do dhá shúil, do dhá chluais, an comhartha ceiste, an t-amhras síoraí, ainchreideamh foinsí agus léamh fada litríochta gan stiúir, gan léarscáil, gan treo?