Is gearr go mbeidh Maratón Bhaile Átha Cliath buailte linn. Meastar go mbeidh breis is 22,000 duine ag glacadh páirt sa rás mór Dé Domhnaigh seo chugainn. Ina measc beidh roinnt lúthchleasaithe Éireannacha a chruthaigh go láidir san Astráil le deireanaí. Orthu sin tá beirt bhan, Sinéad Diver agus Nichola Sheridan, a bhí buacach ar an mbóthar in Melboure. Tháinig Sinéad, atá 49 mbliana d’aois, sa dara háit i rás na mban i maratón na cathrach ar an 11 Deireadh Fómhair. Rith sí 42 chiliméadar, nó 26 mhíle, in 2:28:49. Ní raibh Nichola i bhfad taobh thiar di - bhain sise sáriarracht phearsanta (2:29:13) amach, ceithre nóiméad níos sciobthaí ná sa mharatón deireanach a rith sí.
Rugadh Sinéad i mBéal an Mhuirthead, Contae Mhaigh Eo, ach tá sí ina cónaí in Melbourne ó 2002. Bhí dúil sa spórt aici agus í ag fás aníos. D’imir sí sacar agus cispheil, chomh maith le bheith ag snámh. Rinne sí staidéar ar an gcorpoideachas agus ar mhúineadh na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh i ndiaidh na hArdteiste. Bhain sí iarchéim sa ríomhaireacht amach ina dhiaidh sin. Rugadh an mac ba shine di in 2010 agus bhí sí ag iarraidh a bheith níos aclaí. An bhliain chéanna sin thosaigh sí ag rith agus í 33 bliana d’aois. In 2012, bhuaigh sí Craobh Leathmharatóin na hAstráile. Ba é Maratón Melbourne 2014 a céad mharatón, agus chríochnaigh sí sa dara háit i measc na mban tar eis 2:34:15.
In 2020 cháiligh Sinéad chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Astráil sa mharatón ban ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh, agus í 44 bliana d’aois.
Tá sí ag déanamh ionadaíocht ar son na hAstráile le breis agus deich mbliana anuas. Rith sí an maratón ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain in 2015 i mBéising agus ag Craobhchomórtais Dhomhanda 2017 i Londain. Choinnigh sí uirthi agus, in 2018, bhuaigh sí Maratón Melbourne nuair a chríochnaigh sí faoi bhun dhá uair go leith, 2:25:17. Bhain sí amach curiarracht eile leis an am sin: ba í Diver an reathaí maratóin Astrálach ba thapúla i measc na mban os cionn 40 bliain d’aois.
Bhí sí ag treabhadh chun cinn i rith an ama agus bhain sí curiarracht phearsanta nua amach ag Maratón Londan 2019, nuair a chríochnaigh sí in 2:24:11. Tháinig Sinéad sa seachtú háit i measc na mban. Bhí sí sa cheathrú háit déag sa rás 10,000 méadar ag Craobhchomórtais Lúthchleasaíochta an Domhain 2019. Ba churiarracht dhomhanda do lúthchleasaithe os cionn 40 bliain d’aois é an t-am a bhain sí amach, 31:25.49. Thaisteal sí go Nua Eabhrac, áit ar chríochnaigh sí sa chúigiú háit ag Maratón Chathair Nua-Eabhrac 2019 faoi bhun dhá uair go leith arís, 2:26:23.
READ MORE
In 2020 cháiligh Sinéad chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Astráil sa mharatón ban ag Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh, agus í 44 bliana d’aois. Ba í an t-iomaitheoir lúthchleasaíochta ba shine a rinne ionadaíocht ar son na tíre sin ag na Cluichí Oilimpeacha. Chríochnaigh sí an rás sa deichiú háit le 2:31:14, thart ar ceithre nóiméad níos moille ná Peres Jepchirchirna as an gCéinia, a bhuaigh an rás. Ag Maratón Valencia 2022, bhain Diver am 2:21:34 amach, curiarracht nua Astrálach. Bhí sí 45 bliain d’aois ag an am. Ba í an churiarracht náisiúnta na tíre roimhe sin ná 2:22:36, a rinne Benita Willis Johnsonamach in 2006.
Is as Contae na Mí do Nichola Sheridan, 29 mbliana d’aois, a chríochnaigh Maratón Bhaile Átha Cliath in 2:39:56 anuraidh. An samhradh seo caite, chríochnaigh sí Maratón an Gold Coast san Astráil in 2:33:26. Anois, tá sí tar éis críochnú laistigh de dhá uair an chloig go leith. Rith sí a céad mharatón dhá bhliain ó shin, in 2024 agus is in Sydney atá sí lonnaithe anois. Agus an tríú háit bainte amach anois aici i rás na mban ag Maratón Melbourne, tá Nichola ag dul ó neart go neart. 2:28:49 an t-am a bhí ag Sinéad coicís ó shin i Maratón Melbourne agus tháinig Nichola isteach ag 2:29:13.
Mar sin féin, an oíche roimh ré bhí amhras ar Sheridan faoin maratón. Bhí sí ag smaoineamh ar an leathmharatón a rith seachas an rás ina iomlán. Ó thosaigh sí ag traenáil leis an ngrúpa Run Crew anuraidh, grúpa reatha atá lonnaithe in Sydney, bhí sí ag ullmhú do Mharatón an Gold Coast. Ba é an sprioc a bhí aici ná am faoi bhun dhá uair go leith a bhaint amach, ach d’airigh sí nach ndearna sí a dícheall sa rás. Cé go raibh ag éirí go maith léi agus í i mbun traenála, nuair a shroich sí an 30 ciliméadar, bhí sí tugtha ag an bpointe sin. Ghlac sí sos ar feadh tamaill ina dhiaidh sin.
Nuair a thosaigh sí ag traenáil arís, ní raibh sí ag aireachtáil rómhaith ar na ritheanna fada a rinne sí. D’admhaigh Nichola nach raibh an luas aici i ndáiríre - bhí sí ag streachailt le coinneáil suas leis an ngrúpa. Ní raibh a fhios aici an mbeadh sí in ann an rás a chríochnú, ach bhí uirthi aon smaointe diúltacha a tháinig isteach ina cloigeann a dhíbirt. Bhí an-tionchar ag na sluaite dochreidte uirthi; dúirt sí go raibh sí in ann a hainm a chloisteáil an bealach ar fad timpeall an chúrsa. Ar ndóigh, tháinig an toradh ab fhearr a bhí aici riamh in Melbourne, ach ní raibh sí den bharúil gurbh ise an t-iomaitheoir ba láidre ar an líne thosaithe. Ag pointe amháin bhí sí san ochtú háit agus ansin bhí sí sa tríú háit. Is féidir le gach rud a bheith go breá ach ansin athrú i bpreabadh na súl.
Tá sé i gceist ag Nichola fanacht san Astráil. Chuaigh sí i dtaithí ar an saol ansin go héasca agus ní raibh aon deacracht aici bualadh le daoine nua agus cairde a dhéanamh. Is ann atá a páirtí lonnaithe freisin. Chuir Nichola isteach ar cheart cónaithe san Astráil agus tá sé faighte anois aici. Cé nach bhfuil Sheridan mar chuid de chóras ardfheidhmíochta na hÉireann faoi láthair, tá súil amháin aici ar Chraobhchomórtas Domhanda na bliana seo chugainn i mBéising agus ar na Cluichí Oilimpeacha in Los Angeles. Síleann Nichola nach bhfuil aon teorainn leis an méid is féidir léi a bhaint amach agus í ag leanúint ar aghaidh leis an aistear, céim ar chéim.
Foclóir:
Maratón = Marathon
I bhfad = far
Lúthchleasaíocht = athletics
níos moille = slower
a dícheall = her best
teorainn = limit









