Fadó, fadó nuair a bhí na déithe ar dhroim na ndomhan agus na fathaigh ag fánaíocht inár measc, bhí crann mór fuinseoige ina sheasamh i lár na cruinne. Mochta, maorga, maisiúil. Bhí a chuid fréamhacha neadaithe go domhain i réimse na marbh agus na mistéire agus a chuid craobhacha ar leathadh ó cheann ceann na spéartha. Is faoi scáth na ngéag neartmhar sin a bhí na naoi ndomhan i ndáil le chéile go daingean dlúth.
Le hais ceann de na fréamhacha fada, bhí tobar draíochta, áit a múnlaíodh bandéithe rúndiamhra cinniúint agus dán an duine dhaonna. Gach lá chuireadh siad uisce ón tobar naofa ar an chrann mhór lena bheathú agus lena chothú ar mhaithe le gach neach beo agus marbh.
I measc an duilliúir ag barr an chrainn, bhíodh iolar mór ina shuí go socair. Ag an bhun ar fad bhíodh nathair chreimneach ag cnaí na rútaí lá agus oíche. Sa lár bhí an t-iolra gasta, a ritheadh eatarthu le teachtaireachtaí, tásca agus tuairiscí.
Is ar an ollchrann fuinseoige chéanna a chroch an Mórathair é féin agus é ag lorg eagna na rúnscríbhinní agus fios gach feasa.
READ MORE
Ansin, ar deireadh thiar thall agus i ndiaidh an iomláin, nuair a tháinig an tOllscrios agus a chreathnaigh na flaithis agus a maraíodh idir dhaoine agus déithe, baineadh croitheadh as an bhile amhra fosta, ó bhun go barr agus ó bharr go bun arís.
Ach tháinig sé slán. Agus nuair a ghlan an doineann agus a shuaimhnigh an saol, is ó fhoscadh na fuinseoige a cothaíodh an bheatha athuair.
…
Sin agaibh é - a bheag nó a mhór agus cnapán fial flaithiúil de shaoirse an ealaíontóra caite isteach lena chois - scéal Yggdrasil, an bile beatha, an tamhan torthúil, an crann cosmach i miotaseolaíocht leathan na Lochlannach.
Ollchrann fuinseoige atá ann de réir an seanscéalta, craobh thaca na ndomhan atá suite i gcroílár na cruinne agus a chaomhnaíonn agus a cheanglaíonn gach uile ní.
Cá bhfios nach ann dó i ndáiríre agus i gcónaí - is iomaí rud iontach a bhfuil muid dall air anseo ar Domhan - ach fiú mar mhóitíf agus meafar béaloidis is léir an tábhacht a bhaineann leis an chrann seo i lár baill agus báire.
Is olc an dóigh a bhfuil muidne, daoine, ag caitheamh lenár gcairde na crainn ar an iomlán, áfach.
Ní hamháin gurb é a choinníonn na domhain uile, agus gach neach a chónaíonn orthu, ag imeacht agus ag gluaiseacht, is díol spéise é fosta gur ón chrann chumhachtach seo a thosaíonn an saol arís tar éis na tubaiste marfaí, Ragnarök, a bhuail an ollchruinne agus a réab gach cearn dá raibh ann.
Ní heol dúinn go díreach cé acu a bhí nó nach raibh crann diaga den chineál chéanna againne i gcosmeolaíocht na nGael tráth, ach is cinnte go bhfuil tagairtí go leor sna téacsanna meánaoiseacha do na bilí, na crainn naofa, a bhí ina seasamh fadó agus a raibh meas an phobail mhóir orthu i gcóngar is i gcéin.
Go deimhin, de réir dán amháin de chuid an Dinnseanchais, ba chrainn fuinseoige iad trí cinn de na bilí ba thábhachtaí in Éirinn, an crann téagartha in Uisneach, ceartlár na tíre, ina measc.
Cosúlacht shuimiúil é sin le Yggdrasil na Lochlannach ó thuaidh.
Má bhí áit lárnach ag crainn i meon agus i miotaseolaíocht ár sinsear, tá siad chomh riachtanach ríthábhachtach céanna inniu, cé nach mbeadh a fhios sin agat i gcónaí ó bhéasa agus iompar an chine dhaonna.
Tá ról an-lárnach go deo ag na crainn i gcothú na beatha ar an phláinéad seo. Rialaíonn siad an aeráid agus aimsir, cosnaíonn siad an chré, cuireann siad gnáthóga ar fáil ina maireann speicis gan áireamh agus, ar ndóigh, tugann siad bia blasta dúinne agus d’ainmhithe eile.
An tuiscint sin a taispeánadh ar dtús i mbéaloideas na laethanta atá thart, tá sí dearbhaithe agus deimhnithe ag eolaíocht an lae inniu.
Is olc an dóigh a bhfuil muidne, daoine, ag caitheamh lenár gcairde na crainn ar an iomlán, áfach.
Tá an dífhoraoisiú faoi lán seoil i gcónaí - go háirithe sna Trópaicí, áit a bhfuil cuid de na coillte is críonna agus na crainn is cruthaithí dá bhfuil beo - agus is bocht an dreach lom atá ar sciar nach beag dár dtírín féin.
Tá dóchas ann, ámh.
Tá an ráta dífhoraoisithe domhanda ag titim bliain i ndiaidh bliana - laghdaigh sé 36% ó 2024 go 2025 - agus tá tionscnaimh athphlandaithe ar bun sna ceithre hairde le fada.
Sa Phacastáin amháin athneartaíodh 350,000 heicteár d’fhoraoisí agus de thailte díghrádaithe nuair a cuireadh thart ar bhilliún crann sa tír idir 2014 agus 2017. Tá a mhacasamhail ag tarlú ar fud an domhain in áiteanna eile chomh maith.
Ní hionann seanchrann agus crann óg ar ndóigh, go háirithe ó thaobh an tionchair ar an éiceachóras iomlán de, ach is gá tosnú in áit éigin.
Inniu féin, an 20 Deireadh Fómhair, tá Den Stromů á cheiliúradh sa tSeicia: Lá na gCrann a atosaíodh in 2000 agus atá ag dul go láidir ó shin. Tá breis agus trian den tír clúdaithe le coillte cheana féin ach spreagtar daoine le crainn a chur agus a chaomhnú i gcónaí, agus béim ar leith acu anois ar éagsúlacht a gcuid foraoisí agus ar speicis a sheasfaidh an t-athrú aeráide.
Is i mí Márta a bheidh Seachtain na gCrann againn féin in Éirinn ach ní gá fanacht go dtí sin le dul i mbun aicsin. Tá an séasúr plandála ag teannadh linn mar sin, agus na duilleoga ag titim thart orainn, is féidir linn crainn úra a chur sa talamh - sa chathair nó faoin tuath - agus ár gcuid a dhéanamh chun cur le ciorcal na beatha agus le sláinte an phláinéid.
Seans gur bile mór na nglúnta atá le teacht a bheidh sa chrann bheag a chuirfidh tú féin inniu.
Foclóir:
déithe = gods
crann fuinseoige = Ash tree
fathaigh = giants
mochta = mighty
fréamhacha = roots
amhra = wonder
duilliúr = leaves/foliage
tamhan = trunk
diaga = divine









