Tá eolaithe na meicnice candamaí agus fealsúna na meitifisice ag cur agus ag cúiteamh agus ag cíoradh bhun-nádúr an ama le fada ach, cé go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta acu sa réimse rúndiamhair seo, sáraíodh iad ar na mallaibh a bhuí le turgnamh contúirteach, nach raibh aon choinne leis, a rinne baicle fear diongbháilte i dtuaisceart Ard Mhacha.
In ainneoin nach saineolaithe coibhneasachta ginearálta iad, go bhfios dúinn cá bith, d’éirigh le baill den Ord Oráisteach a chruthú gur féidir le buíon bheag daoine iarracht inbhraite a dhéanamh taisteal siar in am - ach fuair siad amach chomh maith céanna nach gcinntíonn gníomh aontaobhach dá leithéid go ngluaisfidh aon duine eile sa tsochaí siar in éineacht leo.
Cuireadh idir iontas agus alltacht, ní hamháin ar mhórphobal an Tuaiscirt ach ar dhaoine stuama i gceithre hairde na cruinne, nuair a athmhúsclaíodh taibhsí Dhroim Crí agus a tugadh ar mhuintir Gharbhachaidh Phort an Dúnáin dul siar ar bhóithrín na smaointe dorcha.
Droim Crí. Is dhá fhocal iad sin a chothaíonn réimse mothúchán, ó mhíchompord go múisc, i mbolg go leor againn a mhair trí 90idí na haoise seo caite agus a shíl gur sa mhílaois seo a d’imigh tharainn a d’fhanfadh an ghoimh agus an nimh a bhain leis an mhórshiúl chonspóideach agus leis an fhoréigean a d’eascair as.
READ MORE

Ní hamhlaidh an scéal áfach óir is léir go bhfuil an tOrd Flannbhuí, agus sciar den Aontachtas, a gceannairí ina measc, meáite ar an ghoin a athoscailt agus na seandeighiltí - a bhí á gcneasú de réir a chéile - a leathnú an athuair. Na déithe idir sinn agus an drochrud.
Mar a tharlaíonn sé, bhí baint ag ceantar Dhroim Crí le deighiltí agus le heasaontas i bhfad sular bunaíodh aon bhráithreachas caithréimeach coilíneach sa dúiche.
Tráth dá raibh ba cheantar teorann é Droim Crí idir dhá thuath ársa Ghaelacha, Clann Chana san iarthar agus Clann Bhreasail san oirthear. Is é ‘críoch’ is ciall leis an dara mír den logainm go fiú agus meastar gur d’Abhainn na Banna, nach bhfuil ach scread Fir Bhuí ón droim, atá an focal ag tagairt.
Is iomaí scoilt agus gág a bhí i mbólaí thuaisceart Ard Mhacha faoin am a thosaigh na mórshiúlta Oráisteacha sa 19ú céad mar sin.
Ina dhiaidh sin, cuireadh an dá thuath le chéile agus faoin 16ú céad is é Uí Nialláin an t-ainm a tugadh ar an bharúntacht ar fad ar an taobh ó dheas de Loch nEathach. Is í Clann Uí Néill Thír Eoghain a bhí i gceannas ar an áit agus is cosúil go raibh tarraingt ar leith acu ar thailte Uí Nialláin - ba mhinic a chaitheadh taoisigh na Niallach am i measc chnoic chiúine an cheantair de rogha ar a gceanncheathrú ghnóthach i nDún Geanainn.
Is eol dúinn go raibh lonnaíocht eaglasta i nDroim Crí féin ó ré na meánaoise ar aghaidh agus go deimhin is ar an tsuíomh chéanna atá an eaglais inniu a tháinig an Taoiseach Seán Ó Néill agus Ard-Seansailéir Shasana in Éirinn, Thomas Cusack, le chéile chun idirbheartaíocht a dhéanamh in 1563. Creid é nó ná creid ach Conradh, nó Síocháin, Dhroim Crí an teideal a bhaist staraithe ar an chomhaontú ba thoradh don chruinniú - tá sé deacair a shamhlú go bhféadfaí cáipéis den teideal chéanna a dhréachtú inniu.
Ní cóir dúinn barraíocht béime a leagan ar an tsíocháin áirithe sin áfach mar ní i bhfad a mhair an dea-mhéin. Bhí Eilís I den bharúil gur géilleadh an iomarca don Niallach sna cainteanna agus sa deireadh níor chomhlíon na Sasanaigh coinníollacha an chonartha mar a aontaíodh iad. La perfide Albion go paiteanta plapach, agus tá macallaí na feallaireachta sin go fóill le brath ar an láthair chéanna breis agus 460 bliain níos déanaí.
Tamall beag dá éis sin, ar ndóigh, tosaíodh ar an ghlanadh eitneach agus ar an díshealbhú agus ar an ollslad ba thrúig bháis do na mílte Gael i gCúige Uladh agus a leag síos an dúshraith don Phlandáil le linn an 17ú haois.
Is iomaí scoilt agus gág a bhí i mbólaí thuaisceart Ard Mhacha faoin am a thosaigh na mórshiúlta Oráisteacha sa 19ú céad mar sin. Cuireadh cosc orthu ag tréimhsí éagsúla de bharr an achrainn agus an uamhain a spreag siad ach lean an claonadh forchiníoch ar aghaidh thar na blianta, agus leanann fós.
Má bhí leid bheag i logainm Dhroim Crí go mbeadh ábhar deighilte sa chré áitiúil, bhí teachtaireacht sa talamh i nGarbhachaidh chomh maith: is é sin nach mbeadh pasáiste réidh ag siúlóirí áirithe fríd an bhaile fearainn Ghaelach. D’fhéadfaí a rá gur mín an t-achadh é acu siúd a léiríonn meas ar mhuintir na háite ach cosán corrach ag suaiteoirí seicteacha.
Ní duairc ar fad atá scéal an tírdhreacha máguaird áfach. Creidtear gur ó ‘bandia’ a shíolraíonn ainm na Banna chugainn, í ag lúbarnaíl anuas trí cheo na gcianta agus ag athbheathú na talún arís agus arís eile, tailte Dhoirm Crí san áireamh.
Ansin tá Macha ann, an bhean chumhachtach a bhronn ainm ar an chontae iomlán. Caitheadh léi go héagórach, is fíor, agus d’fhág easpa comhbhá a léiríodh léi lorg ar na glúnta a tháinig ina diaidh, ach ní íospartach amháin í: agus í ag fulaingt go géar, saolaíodh cúpla di. Beatha nua, teacht aniar, dóchas.
Tá misneach le fáil ach é a chuardach.
Bíodh sin mar atá, i ndeireadh an lae is iad muintir Gharbhachaidh féin a chinnfidh an bóthar atá rompu, gan bhagairt gan bhrú. Tá an meaisín ama Oráisteach feicthe acu agus níor mhian leo léim isteach ann. Tuigeann siad an stair agus níor mhaith leo dul ar ais. Aithníonn siad na deighiltí agus ba thoil leo iad a dhruidim.
Gluaiseacht chun cinn, breathnú ar aghaidh, siúl chun tosaigh - sin an bealach ionsar shochaí shíochánta. Níl aon duine ag dul siar.
Foclóir
meicnic chandamach = quantum mechanics
turgnamh = experiment
contúirteach = dangerous
baicle = gang/group
seandeighiltí = old divisions
flannbhuí = orange
plapach = foul
ba thrúig = caused
bólaí = parts











