“Après nous, le déluge” (“Inár ndiaidh, an díle”), arsa Madame de Pompadour chun sólás a thabhairt dá leannán, an rí absalóideach Louis XV.
Ní poblacht absalóideach é córas uachtaránachta 5ú République na Fraince, a bhunaigh Charles de Gaulle in 1958, ach is briseadh é leis an gcóras parlaiminteach a bhí ann roimhe.
Nuair a bhunaigh Emmanuel Macron gluaiseacht pholaitiúil nua, En Marche (Renaissance ó 2022 i leith), agus nuair a bhuaigh sé toghchán na huachtaránachta in 2017, ní hamháin gur briseadh greim seanbhunaithe páirtithe an láir, na heite clé agus na heite deise, ach neartaíodh na páirtithe foircneacha ar na himill freisin.
In 2017 bhí beirt seanadóirí agus ochtar teachtaí parlaiminte ag an Rassemblement National (RN, nó Front National mar a bhí ag an am), páirtí na heite fíordheise. Toghadh seanadóirí nua de chuid an RN le déanaí agus is grúpa ar leith sa Seanad anois iad, 15 as 346 san iomlán, mar aon leis na 126 fheisire atá acu sa Pharlaimint, as 577 san iomlán. Fíoraíodh an tairngreacht go dtiocfadh fás ar an bpáirtí, ceal muiníne sna páirtithe bunaithe.
READ MORE
Ní hé sin le rá ar ndóigh gur faisistithe ar fad iad an 35 faoin gcéad den phobal a thabharfadh a gcéad vóta i dtoghchán 2027 do Marine Le Pen, ceannaire an Rassemblement. Páirtí eoraisceipteach agus neamhliobrálach is ea an RN, agus tá taifead coiriúil ag Le Pen as mí-úsáid chistí an Aontas Eorpaigh. Tá sí ar fionraí ó rinneadh achomharc ach í i bpoll coinín dlí dá bharr. Má thoghtar í roimh bhreith na cúirte, beidh díolúine aici agus cumhachtaí an Chúigiú Poblacht ar feadh cúig bliana.
Tá caint áirithe ar na meáin go dtiocfaidh na Gilets Jaunes (na Seaicéid Bhuí) amach arís ar an 17 Deireadh Fómhair i gcoinne phraghas an pheitril.
Maíonn Le Pen go bhfuil sí neamhchiontach, agus tá Jordan Bardella, a comharba polaitiúil, molta aici mar phríomh-aire, é gan mórán taithí oibre ná pholaitiúil. Cáineadh cuairt a thug sé ar Nigel Farage, theip air casadh le Giorgia Meloni le linn dó a bheith san Iodáil ar na mallaibh, agus tá sé faoi imscrúdú as caimiléireacht a dhéanamh le cistí de chuid an Aontas.
Tá an Fhrainc i sáinn i ndáiríre. Mhol beirt Macroniste - atá ar eite chlé pháirtí Macron - comhghuaillíocht leathan chlé-dheas chun seasamh i gcoinne an fhaisisteachais. Seachas páirtí Jean-Luc Mélenchon, La France Insoumise, atá ar an eite chlé radacach, agus páirtí Le Pen, tá páirtithe an láir trína chéile.
Fágadh rian ar pholaitíocht na Fraince in 2002 nuair a chuaigh athair Le Pen, Jean-Marie, FN/RN, chun cinn don dara babhta in áit phríomh-aire na Fraince Lionel Jospin, Páirtí Sóisialach (PS), a rabhthas ag súil leis.
Tá nath cainte sa Ghearmáinis a deir Leben wie Gott in Frankreich (“maireachtáil mar a bheadh Dia ann sa Fhrainc”), ach ina ainneoin sin, níl saol na bhfuíoll sa tír faoi láthair agus reáchtálfar feachtas toghchánaíochta 2027 faoi scáth an mhíshásaimh.
Is ón Front National, páirtí antoisceach seineafóbach ciníoch a bhunaigh baill den Waffen-SS in 1972, a d’eascair an Rassemblement National.
Tá an páirtí ag iarraidh cuma shnasta a chur air féin le tamall ach caitheadh smál air arís le déanaí nuair a taifeadadh ball den pháirtí, garda cuid d’fhórsa slándála Bardella, in Carcassonne agus é ag rá maslaí ciníocha, gnéasaíocha agus homafóbacha. D’aimsigh an nuachtán Mediapart teachtaireachtaí frith-Sheimíteacha le Bardella in 2013, tráth a bhí sé ina ghníomhaí óg sa FN.
Measann tacaithe an pháirtí sin nach bhfuil siad féin chomh saibhir le daoine eile (“les Autres”), ach gan bheith chomh bocht le hinimircigh agus daoine de dhath a fhaigheann cúnamh sóisialta. An eacnamaíocht, cúrsaí pinsin agus aeráide, costas maireachtála agus peitril, na fiacha náisiúnta, leimhe na polaitíochta agus cibirionsaithe ar an earnáil phoiblí, cuireann na nithe sin go léir as do vótálaithe i gcoitinne.

Ceapann lucht tacaíochta an RN áfach go bhfuil an tsochaí iarthionsclaíoch anuas orthu, go n-íocann siad an iomarca cánach gan faic a fháil ar ais, nach bhfuil seirbhísí poiblí ar fáil go héasca, ná tithe ar phraghas réasúnta. Ceaptar gurb iad lucht na heite clé boicíní na cathrach, bodaigh mhóra na polaitíochta agus an scothaicme ag a bhfuil céimeanna ollscoile.
I mbliana dódh limistéar d’fhoraoiseacha na Fraince a bhí ar cóimhéid le hachar iomlán Pháirceanna Náisiúnta na hÉireann de bharr tonnta teasa a mhair 52 lá agus ba chúis le bás 8,214 dhuine. Fágadh iarmhairtí sláinte tromchúiseacha fadtéarmacha ar dhaoine, ar nós strócanna agus taomanna croí, riochtaí nach gcabhróidh tráma an fheachtais toghcháin leo.
Cháin cónaitheoirí foirgnimh ardéirí neamhinslithe rialtas Macron tar éis na dtonnta teasa agus gheal Le Pen aerchóiriú do gach éinne - leigheas mór a páirtí ar an athrú aeráide.
Roimh bhua an pháirtí nua-Naitsíoch AfD i Sacsain-Anhalt na Gearmáine an mhí seo caite, páirtí a mbíodh RN gar dó, dúirt Joschka Fischer, iar-leas-sheansailéir na Gearmáine, go raibh tionchar an fhuatha ar ais san Eoraip agus an daonlathas liobrálach maolaithe.
Ní gá, áfach, go spreagfadh toghadh Le Pen réabhlóid macasamhail na sans-culottes in 1789, ach d’fhéadfadh an eite chlé seasamh ina coinne, rud a tharla i stair na Fraince roimhe.

D’fhéadfá a rá go bhfuil éirí amach i gcoinne na Roinne Oideachais ar siúl cheana féin i 10% de mheánscoileanna an stáit agus iad ag agóidiacht i gcoinne drochchúinsí sna scoileanna; tá 400 lycées dúnta, 1,949 dalta gafa ag na póilíní, 305 póilíní agus fir dóiteáin gortaithe, círéibeoirí tarraingthe ón taobh amuigh agus an mhilleán curtha ag an rialtas ar LFI Mélenchon. Tá caint ar na meáin freisin go dtiocfaidh na Gilets Jaunes (na Seaicéid Bhuí) amach arís ar an 17 Deireadh Fómhair i gcoinne phraghas an pheitril.
Tá sciar mór de na vótálaithe neamhchinnte, fiabhrasach agus cloíte, agus tá drogall ar na páirtithe comhoibriú nó aontú.
I rith an tsamhraidh, chaith Gabriel Attal (Renaissance, páirtí Macron) agus Bruno Retailleau (Les Républicains, páirtí coimeádach) anuas ar Édouard Philippe (Horizons, páirtí lárnach deas eile). Chuaigh an bheirt acu sa tóir ar vótálaithe na heite deise freisin - rinne Attal ionsaí ar an Lucht Siúil, agus rinne Retailleau ionsaí ar imircigh. Tá Attal ag feachtasaíocht chun a thaithí pholaitiúil a thaispeáint agus pinsinéirí a mhealladh. An dtacóidh sé le Philippe roimh i bhfad?
“Greannmhar, ach neamhaibí freisin,” a thugann Philippe ar Attal ina leabhar nua.
Bhí Attal, Philippe agus Raphaël Glucksmann (Place Publique, páirtí lárnach clé) faoi ionsaí ag seirbhísí rúnda na Rúise, rud a léiríonn tábhacht an toghcháin go hidirnáisiúnta.
Ar an eite chlé, tá Glucksmann ag mealladh vótálaithe agus ghlac sé páirt i réamhthoghchán an Pháirtí Shóisialaigh. Tá an t-iar-uachtarán François Hollande (PS) i bponc áfach ó dhiúltaigh sé páirt a ghlacadh sa réamhthoghchán céanna. Déanfaidh sé cinneadh um Nollaig.
I mí Lúnasa, agus é ar cuairt ar oileán Mayotte, taobh le Madagascar, léirigh Philippe stuamacht faoin imirce: chun smacht a fháil ar an ngéarchéim imirce, leasódh sé an bunreacht, dá mba ghá, ach le forlámhas an dlí seachas le reifreann, an rogha atá á moladh ag Retailleau agus Bardella araon.
D’fhógair Gérald Darmanin (an tAire Dlí agus Cirt agus iarAire Gnóthaí Baile) go hoifigiúil go raibh sé chun tacaíocht a thabhairt do Édouard Philippe mar iarrthóir uachtaránachta.

Agus páirtithe na heite deise agus na heite clé sa tríú háit, chuaigh François Bayrou, Mouvement Démocrate, páirtí atá ar dheis ón lár, i dteagmháil leis na daonlathaithe sóisialta chun réamhthoghchán leathan a eagrú. Is é an cuspóir atá aige ná iarrthóir aontaithe amháin a roghnú a bheadh inghlactha ag gach dream.
Léirigh pobalbhreith Ipsos go gcáileodh Philippe don dara babhta, dá mbeadh sé ina ionadaí aonair ar lár. Chuir sé tús le feachtas aontaithe a mhairfidh idir seo agus Samhain; dhiúltaigh Attal agus Retailleau, a bhfuil a fheachtas féin marbhánta, dó cheana féin.
Chuir Marine Tondelier, ó na Glasaigh, brú agus d’eagraigh na Sóisialaigh an chéad phlé teilifíse de thrí cinn ar an 23 Meán Fómhair, gan na cumannaigh aonaracha ná La France Insoumise. Tá an iomarca iarrthóirí ann fós agus an t-am ag dul thart.
Tá easpa cur chuige agus éadóchas i measc daonlathaithe; mura n-aontaítear sa lár, beidh an bua sa dara babhta ag Le Pen ar Mélenchon, an bheirt acu antoisceach, deighilteach.
Tá easpa muiníne ag na fostóirí i gcur chuige eacnamaíoch Le Pen, í traidisiúnta, náisiúnaíoch, ar son a vótálaithe féin agus cáinteach ar mhná Moslamacha a chaitheann an chaille. Is é ‘An Fhrainc do na Francaigh’ a mana maidir le tithíocht shóisialta agus obair, í chun cáin bhreisluacha ar pheitreal agus rialacha Rátála Fuinnimh Foirgnimh (BER, mar a thugtar ar a mhacasamhail in Éirinn) a mhaolú. Ar an taobh eile, tá Bardella nua-aoiseach, uirbeach, liobrálach i gcúrsaí eacnamaíocha agus pinsin, agus tá difríochtaí eatarthu i dtaobh na caille agus na hÚcráine.
Ach in am an dóláis tagann dóchas as foinsí daonna nach mbítear ag súil leo.
I rith an tsamhraidh léiríodh díograis de Gaulle i gcoinne na Naitsithe in dhá scannán stairiúla a chonaic sé mhilliún duine. An ann i gcónaí d’acmhainní morálta den sórt sin? An mbeidh an bua ag fórsaí dorcha na 1930idí? Cad a thiocfaidh as seasamh agus caint Macron ainneoin go bhfuil a ráta sástachta ar 20%? Mar a deir an seanfhocal: “Tabhair rogha don bhodach agus tógfaidh sé an díogha”.
Tá cónaí ar Patrick Gormally sa Fhrainc. Comhairleoir baile neamhspleách deonach ab ea é ar feadh 18 mbliana.











