Magh, Teach – Amach is Isteach

Focal ar fhocal: An tseachtain seo tugann Dónall P Ó Baoill spléacadh ar mheascán foclóireachta

Focal coitianta ón tSeanGhaeilge anuas is ea an focal Magh, ‘páirc’, agus sin mar a litríodh é i dtús ama. Grianghraf: iStock/Getty
Focal coitianta ón tSeanGhaeilge anuas is ea an focal Magh, ‘páirc’, agus sin mar a litríodh é i dtús ama. Grianghraf: iStock/Getty

Beidh meascán foclóireachta againn inniu amach as dlúth agus inneach na teanga, cé gur beag an chaibidil a dhéanann muid orthu i ngnáthchúrsaí an tsaoil. Focal coitianta ón tSeanGhaeilge anuas is ea an focal Magh, ‘páirc’, agus sin mar a litríodh é i dtús ama. Is iomaí dóigh ar fhág sé a lorg ar an teanga – cuid acu soiléir go leor agus cuid eile atá doiléir dúinn inniu gan cuidiú a fháil ó lucht taighde agus ó na foclóirí agus a leithéid.

Bíodh sin mar atá, tugaimis cuairt ar chuid de na hathruithe a chuaigh i bhfeidhm ar an teanga. Más cruthú ar bith canúintí an lae inniu, cuimhnímis nach in Éirinn amháin atá fianaise le fáil, ach in Albain agus in Oileán Mhanainn fosta. Cé gur ‘páirc’ a bhunchiall is léir go dtáinig an chiall ‘talamh cothrom nó machaire’ i gceist leis níos deireanaí sa teanga. Níl le déanamh agat ach smaoineamh ar an méid ainmneacha áite a bhfuil Magh nó leagan éigin de le fáil iontu – Maigh Eo, Má/Maigh Nuad, Magh Chromtha, Fearmuighe, Maigh Rátha, Maighros srl. Fágann sin go mbíonn ‘a’ gairid’, ‘á’ fada, fuaim cosúil le ‘y’ an Bhéarla in my, sky srl. agus ‘í’ fada le cluinstin ó áit go chéile.

Ós rud é gurb í an fhoirm ‘Maighe’ a bhí sa ghinideach sa tSeanGhaeige féin, is cinnte gur uaidh sin a tháinig fuaim défhoghair leis – is é sin [ai] – ‘a’ agus ‘i’ á rá gan bhriseadh i ndiaidh a chéile.

Cé gur suimiúil an méid sin, is ón fhocal seo fosta a tháinig an fhoirm i-mmach ‘ag dul amach’. Is é sin amach sa Mha(i)gh, nó sa pháirc. Agus nuair nach mbíonn gluaiseacht i gceist faigheann muid an fhoirm AMUIGH – is é sin amuigh sa MHAIGH agus ar ndóigh leaganacha canúna air sin ó áit go háit. B’éigean ansin focal a chumadh le cur síos a dhéanamh ar mhalairt treo agus faigheann muid isteach << is+teach << is+tech na SeanGhaeilge agus ar ndóigh de réir an chórais istaigh (istigh na NuaGhaeilge). Bhí tech agus taigh in úsáid mar fhoirmeacha i ré na SeanGhaeilge ar ‘teach. Deirtear toigh na scoile agus i dtoigh na scoile go coitianta i nGaeilge Uladh go fóill féin.

Is inspéise na leaganacha Ultacha seo a leanas a bhfuil ciall eile ar fad leo anois sa chaint chomhaimseartha, mar atá – Bhí sé amuigh nó istigh le 100 Euro - is é sin, chosain sé beagnach nó tuairim is 100 Euro; Thug sí amuigh nó istigh ar 1,000 Euro air.

Tá an focal gríos againn sa NuaGhaeilge áit a raibh grís sa tSeanGhaeilge ach is léir gur leathan a bhí an ‘s’ deiridh ó thús ama mar go bhfuil an leagan grísadh againn ón tSeanGhaeilge féin. Is é an bhunchiall a bhí leis ‘a bheith lasta suas san aghaidh nó cúis náire a bheith agat’. Ach tá cialla eile leis anois sa NuaGhaeilge - an briathar gríosaigh ‘tabhair misneach do dhuine rud éigin a dhéanamh’ agus ‘ghríosaigh sé an madadh ionam’, ‘he set the dog at me’. Luaitear an chiall deargú go minic leis an fhocal cé acu ag cur síos ar thinneas é – bhí gríos ina chraiceann nó cúis náire, dheargaigh sé ‘he blushed’. Tá tuilleadh úsáidí ann, mar shampla – léim an chait sa ghríosaigh aige é ‘It’s a jump from the fat into the fire’ nó bhí siad ag caitheamh na gríosadh ar a chéile, ‘they were at loggerheads, vehemently disagreeing’. Tugtar gríosach ar an luaith agus na haibhleoga dearga a bhíonn fríthi, ar a chuid sin den tine a bhíonn fágtha agus í chóir a bheith caite.

Is iontach an focal beag é coim agus a bhfuil de chialla éagsúla leis. Is é an bhunbhrí a bhí leis ar ndóigh - an corp san áit ar caoile é, an t-ucht, lag i dtalamh nó i gcnoc/sliabh agus ar deireadh rud a bheith ceilte nó i bhfolach. Tá úsáidí eile ann, macasamhail - le coim na hoíche a chiallaíonn nuair a bhíonn an oíche chóir a bheith druidte isteach orainn. Tá an focal seo le fáil fosta i roinnt bheag áitainmneacha agus chuirfeadh an duine a bhíonn fiosrach suim iontu. De ghnáth, is thíos i lag a bhíonn siad agus talamh ard ar gach taobh. Is cosúil le himlinn boilg iad faoi chosaint thíos i lag a d’fhéadfadh a bheith suas le ceathrú míle nó tuilleadh ar fhad. Tá áit mar seo ar mo bhaile dúchais, Mín an Chladaigh, a dtugtar An Áit Choim agus Lag na hÁite Coime air. Tá féar deas agus foscadh ann agus sruthán ag rith trína lár. Tá róchosúlacht aige le coim an duine! Nil a fhios agam an bhfuil baint ar bith idir an focal Coimín atá in áitainmneacha ar fud na tíre, áit a mbíonn talamh cothrom tirim iontu, agus an Coim seo againne.

Agus arís eile, tá an leagan faoi choim againn sa teanga a chiallaíonn ‘i bhfolach, as amharc’. Is dóigh liom gur léir mar a tháinig an bhrí sin chun cinn.

Foclóir

Ar caoile é = narrowest,

Aibhleog = ember.

Chóir a bheith = almost.

Comhaimseartha = modern.

Fríthi = through her.

Gríosach = embers.

Imlinn = navel.

Lag = hollow.

Lasta suas = blushing.

Malairt treo = opposite direction.