FÍS 2026: Bí páirteach sa phlé!
Comhdháil thar a bheith luachmhar is ea FÍS ’26, atá á heagrú ag Conradh na Gaeilge, chun deis a thabhairt do dhaltaí meánscoile agus do mhic léinn tríú leibhéal teacht le chéile agus léargas a fháil ar na dóigheanna éagsúla a bhfuil an Ghaeilge ag múnlú na todhchaí. Beidh seastáin, ceardlanna agus cainteanna ar siúl i rith an lae lena léireofar na deiseanna éagsúla a bhaineann leis an Ghaeilge agus leis an dátheangachas, chomh maith le bealaí le nasc a dhéanamh leis an phobal bríomhar Gaeilgeoirí atá ag fás ar fud na tíre. Beidh FÍS ’26 ar siúl san Ionad Comhdhála i lár Chathair Bhaile Átha Cliath an 12 Márta 2026.
Spás spreagúil agus sábháilte a bheidh ann le foghlaim ó dhaoine atá ag obair in earnáil na Gaeilge, ceisteanna a chur orthu agus comhairle a fháil, páirt a ghlacadh i gceardlanna praiticiúla agus bualadh le daoine óga eile a bhfuil suim acu sa teanga. Beidh seastáin ag cuid de na brandaí agus na heagraíochtaí is mó in Éirinn – mar shampla TikTok, TG4, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Fáilte Ireland agus Foras na Gaeilge, chomh maith le hollscoileanna agus comhairlí contae ó gach cearn den tír.
Beidh treoir shoiléir á tabhairt faoi chúrsaí Gaeilge tríú leibhéal, na scoláireachtaí atá ar fáil, scéimeanna cónaithe Gaeilge agus na Cumainn Ghaelacha, agus mar sin bheadh FÍS ’26 mar acmhainn iontach do dhaltaí atá ag dul don Ardteist i mbliana.
READ MORE
Chomh maith leis sin, mura leor sin le tú a mhealladh ann, beidh pléphainéal beo le scoth na gcainteoirí – Peadar Ó Caomhánaigh, Caitriona Kenny, Éadaoin Fitzmaurice, Róisín Seoighe agus DJ Próvaí ó Kneecap – abair sceideal!
Má tá suim agat san imeacht seo, is féidir d’áit a chlárú anois ar shuíomh Chonradh na Gaeilge.

Ceardlann Aistriúcháin Amhrán le Lisa Murray
Ar mhaith leat a bheith ábalta an t-amhrán is ansa leat a cheol i nGaeilge? Beidh ceardlann idirghníomhach ar siúl i Halla Bhaile Ghib idir 2-4pm Dé Domhnaigh, an 8 Márta, ina bhfoghlaimeoidh an lucht féachana conas popcheol a aistriú go Gaeilge. Roinnfidh an ceoltóir agus scríbhneoir Lisa Murray, nó ‘Gaeilgeoir Swift’ mar is fearr aithne uirthi ar líne, na leideanna is fearr atá aici féin chun amhráin phopcheol a aistriú agus a chanadh.
Tá Lisa ag dul ó neart go neart i saol an cheoil lena hamhráin féin, cosúil le ‘Uaigneach’ agus ‘Éadrom’ a bhíonn le cluinstin go minic ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus faigheann sí na mílte amharc ar na meáin shóisialta leis na haistriúcháin atá déanta aici ar amhráin mhóra phopcheoil Taylor Swift, Chappell Roan agus Sabrina Carpenter. Is cinnte go mbeidh comhairle den scoth le roinnt aici ag an cheardlann seo!
Ní mór áit a chur in áirithe don cheardlann agus costas €5 atá ar thicéad. Is féidir do thicéad a cheannach ar líne ag www.ticketstop.ie/events/1324

Réimse seodra Gaeilge ó Enibas
Tá Enibas ar an fhód le breis agus 30 bliain agus tá clú agus cáil bainte amach acu mar bhranda a dhearann agus a dhíolann seodra galánta ar ardchaighdeán. Lonnaithe i gCionn tSáile, Contae Chorcaí, déanann siad píosaí seodra le teachtaireachtaí áille Gaeilge greanta orthu, a dhéanfadh bronntanas iontach do bhreithlá nó do cheiliúradh ar bith.
Is breá liom na muincí óir agus airgid atá acu, cuid acu atá ar fáil in ór rósach chomh maith. Tá stíl dá gcuid féin ag Enibas agus is breá liom go mbíonn cuma lámhdhéanta ar na hearraí.
Gnó teaghlaigh atá ann agus oibríonn siad le comhlachtaí inbhuanaithe a úsáideann miotal athchúrsáilte cosúil le C.HAFNER sa Ghearmáin. Nuair a cheannaíonn tú táirgí Enibas, mar sin, is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil tú ag tacú le gnó beag Éireannach a chuireann béim ar an inbhuanaitheacht agus a thacaíonn le fíordhaoine fosta.
Téigh chuig www.enibas.com le seodra Enibas a cheannach.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Lainey Whelan
Tá Lainey Whelan ag tarraingt an-aird uirthi féin ar líne ag an bhomaite agus riteoga gréasacha ildaite á ndéanamh aici. Bíonn a cuid dearaí le feiceáil ar chuid de na tionchairí faisin is mó le rá in Éirinn agus bíonn an oiread sin éilimh ar na riteoga go mbíonn sé iontach deacair teacht ar phéire ar líne!
Déantóir priontaí is ea Lainey agus mar sin úsáideann sí an cheird atá aici chun baill éadaigh funcaí a dhéanamh de láimh. Tá sí mar bhall de Stiúideo FLUX i mBaile Átha Cliath, áit a ndearann agus a ndéanann sí gach uile phíosa í féin.
Ní bhíonn riteoga Lainey Whelan ar díol ach ar feadh tréimhse theoranta agus tá siad uilig díolta faoi láthair, mar sin caith súil ar a leathanach Instagram @tlainey_ leis an eolas is déanaí faoin chéad athstocáil eile a fháil.











