Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin

Na Ceithre hAirde: Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin, Soiléiriú ag teastáil - BÁNÚ agus Bua ag Bódléar

Gearóid Ó Cairealláin
Gearóid Ó Cairealláin

Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin

Agus Oireachtas na Samhna thart, is féidir leis an am seo den bhliain a bheith sách ciúin i saol na Gaeilge. Ach, an deireadh seachtaine seo i mBéal Feirste, tiocfaidh scríbhneoirí, gníomhairí teanga, iriseoirí agus an pobal le chéile chun freastal ar Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin.

Is í seo an chéad bhliain de Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin agus beidh sé ann go bliantúil as seo amach. Déanfar ceiliúradh ar shaol an ghníomhaí pobail agus teanga a fuair bás anuraidh agus tá clár cuimsitheach beartaithe le díospóireachtaí, cainteanna, siamsaíocht agus ceardlanna san áireamh.

Is i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál a reáchtálfar na himeachtaí (seachas an tsiúlóid agus oíche cheoil i gCumann Chluain Árd). Craolfar Seachtain, clár Mháirín Ní Ghadhra, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta maidin Dé Sathairn.

I measc na n-imeachtaí ar an Aoine, beidh oscailt na scoile ag bean Ghearóid, Bríd Ó Gallchóir ar a 2pm, le hUachtarán Chonradh na Gaeilge, Ciarán Mac Giolla Bhéin, ina aoichainteoir. Ag a 3pm osclóidh Gearóid Mac Adaim taispeántas grianghrafanna ar shaol Ghearóid Uí Chairealláin. Ar a 4pm beidh pléphainéal ar ‘Agóidíocht – cad is fiú í?’ le Róisín Nic Liam ina cathaoirleach.

Cuirfidh Robert McMillen Alan Titley faoi agallamh (6pm), , taispeánfar dhá scannán (8pm) agus déanfaidh Eoghan Ó Néill agus Simon Wood caint ar an aistear a rinne siad go New Orleans le Gearóid agus na heachtraí a bhain dóibh ann.

Maidin Dé Sathairn, reáchtálfar siúlóid threoraithe i gceantar na bhFál le hEoghan Ó Néill. Tabharfar cuairt ar na háiteanna atá ceangailte le scéal Lá agus le fiontair éagsúla Ghearóid. Tosóidh an tsiúlóid ag a 10am ag an tsean-Ardscoil ag bun Bhóthar na bhFál. Ag a 12pm, labhróidh Milène Fegan sula dtaispeánfar Stop an Preas, clár teilifíse faoi Preas an Phobail/Lá a rinne Milène do NVTV in 2008 agus ag a 1pm tabharfaidh Ciarán Ó Feinneadha Caint Scoil Gheimhridh Uí Chairealláin dar teideal ‘Gearóid Ó Cairealláin – Gníomhaí Teanga’.

Ag a 3pm, reáchtálfar Pléphainéal ar ‘Iriseoireacht na Gaeilge agus pobal Gaeilge a thógáil’ agus beidh oíche shiamsaíochta ar siúl an oíche sin óna 7pm i gCumann Chluain Árd.

Beidh saorchead isteach chuig na himeachtaí ar fad.

5/4/25  Scéal / Sceal … Donncha Ó hÉalaithe photographed in An Spidéal (Spiddal) Co. Galway Photo: Bryan O’Brien / The Irish Times
Keywords: Irish language native Ireland Connemara Gaeltacht wind farm energy green
5/4/25  Scéal / Sceal … Donncha Ó hÉalaithe photographed in An Spidéal (Spiddal) Co. Galway Photo: Bryan O’Brien / The Irish Times Keywords: Irish language native Ireland Connemara Gaeltacht wind farm energy green

Soiléiriú ag teastáil - BÁNÚ

Tá litir scríofa ag an ngrúpa feachtais tithíochta BÁNÚ chuig an Aire Gaeltachta Dara Calleary ag iarraidh air soiléiriú a thabhairt faoi cheist na dTreoirlínte Pleanála don Ghaeltacht.

Sa litir cuirtear i leith an Aire gur thug sé le fios in agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta coicís ó shin go raibh sé féin ag obair go dian leis an Aire Tithíochta ar Threoirlínte Pleanála don Ghaeltacht a fhoilsiú - cé go raibh aisghairm déanta sé seachtaine roimhe sin ar an reachtaíocht faoina n-eisítear Treoirlínte Pleanála.

Ag labhairt dó le Scéal, dúirt Cathaoirleach BÁNÚ, Donncha Ó hÉallaithe, “Cén chaoi nach raibh a fhios ag an Aire agus ag an Roinn go raibh deireadh curtha leis na Treoirlínte?”

“Scríobhamar an litir mar theastaigh uainn soiléiriú a fháil ón Aire, a bhí ag tabhairt le fios go raibh sé féin agus a Roinn ag obair go dian ar Threoirlínte Pleanála ar RnaG – tar éis go raibh deireadh curtha leis na treoirlínte céanna sé seachtaine roimhe sin.”

Deir BÁNÚ anois go mbeidh moill mhór eile ann agus nach dtiocfaidh aon Ráiteas Náisiúnta Pleanála don tithíocht sa Ghaeltacht go dtí 2027. Tá siad ag iarraidh níos mó eolais ón Aire Tithíochta, go háirithe faoi ról Údarás na Gaeltachta sa phleanáil tithíochta amach anseo.

Is leabhar iontach leis an údar Darach Ó Scolaí é Bódléar
Is leabhar iontach leis an údar Darach Ó Scolaí é Bódléar

Bua ag Bódléar

Bhuaigh an leabhar Bódléar le Darach Ó Scolaí an gradam don leabhar Gaeilge is fearr ag Gradaim Leabhar An Post 2025 Déardaoin seo caite.

Ar an ngearrliosta don chatagóir seo i mbliana bhí ceithre leabhar, An Bhlaosc sa mBois le Mícheál Ó Conghaile, Fiche le Colm Ó Ceallacháin, Scéalta Nollag le Alan Titley agus Bódléar.

Úrscéal is ea Bódléar a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa san 19ú haois.

Insíonn an leabhar scéal a bhaineann le file agus le máistir scoile a d’fhreastalaíodh ar Chúirt Mhór na bhFilí i gCúige Mumhan gach bliain.

Bhuaigh an leabhar Ninety-Nine Words for Rain (and One for Sun) le Manchán Magan – a cailleadh le déanaí - an phríomhdhuais don Leabhar is Fearr a Foilsíodh in Éirinn ag na Gradaim.

Chomh maith leis sin, ainmníodh an leabhar An Fia sa Choill le Sadhbh Devlin don ghradam don leabhar is fearr do pháistí.

Seo an chéad uair riamh a raibh leabhar Gaeilge le feiceáil i gcatagóir éigin eile seachas an chatagóir do leabhair Ghaeilge.