Bhí oíche mhór i saol peile na mban á ceiliúradh ag Réaltaí Pheil na mBan i lár mhí na Samhna in Óstán an Bonnington i mBaile Átha Cliath. Ba mhór an onóir dom a bheith mar bhean an tí den tríú bliain as a chéile leis an ócáid a chur i láthair in éineacht le Marty Morrissey. Tugadh aitheantas do shárimreoirí na tíre - daoine a raibh tionchar an-mhór acu ar pháirc na himeartha i mbliana. Tugadh deis súil siar a chaitheamh ar chluichí dochreidte na bliana. Chuir mé clár buaicphointí i láthair a craoladh ar TG4 an deireadh seachtaine seo caite freisin. Tugadh blaiseadh d’atmaisféar corraitheach na hoíche agus an tsiamsaíocht beo ó cheoltóirí, ó amhránaithe agus ó rinceoirí.
Ar ndóigh, tugadh cuntas ar fhoireann réaltaí na bliana agus cuireadh roinnt aíonna agus imreoirí faoi agallamh. Is é an comhlacht léiriúcháin, Nemeton, a chuireann clár na mbuaicphointí le chéile chuile bhliain. Tá an comhlacht lonnaithe sa Rinn, i nGaeltacht Phort Láirge, agus tá foireann dhíograiseach ansin a chraolann Peil na mBan Beo, GAA Beo, Laochra Gael, Seal le Daithí agus neart clár eile. Tá céim shuntasach bainte amach ag peil na mban in Éirinn agus léiríodh sin go soiléir nuair a ainmníodh foireann réaltaí na bliana seo. Roghnaíodh imreoirí ó fhoirne móra cosúil le hÁth Cliath, foireann a thug leo Corn Bhreandáin Uí Mháirtín i mbliana. Bronnadh seacht ngradam ar Áth Cliath, seaimpíní Uile-Éireann i gCraobh na Sinsear TG4 2025.
Bronnadh gradam ar an gcosantóir Jess Tobin den chéad uair. Bronnadh an cúigiú gradam ar Leah Caffrey. Bronnadh a céad ghradam ar Éilish O’Dowd. D’imir sí lena contae dúchais ar dtús ach nuair a thosaigh sí ag obair i mBaile Átha Cliath, d’aistrigh sí óna club i mBéal an Átha Mhóir i gContae Liatroma go dtí Na Fianna i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Faoi láthair, tá sí san Astráil, ag imirt leis na GWS Giants. Tá éacht bainte amach ag Sinéad Goldrick agus an t-ochtú gradam buaite aici. Mar aon le hÉilish, tá Sinéad Goldrick ag imirt san Astráil freisin. Bronnadh a cúigiú gradam ar Carla Rowe – captaen na foirne agus ceannaire Átha Cliath. Ba í Hannah Tyrrell a bhuaigh imreoir sinsir na bliana, gradam a roghnaíonn na himreoirí iad féin. Ní féidir le himreoirí vóta a chaitheamh d’imreoir óna gcontae féin. Dá bhrí sin, is mór an t-aitheantas é agus meas léirithe ag imreoirí na tíre ar phríomhscórálaí Átha Cliath i mbliana. Bhuaigh Hannah a tríú gradam Réaltaí agus tá a céad ghradam buaite ag Kate Sullivan freisin.
Tá trí ghradam eile ann: imreoir sóisir, idirmheánach agus sinsir na bliana. Tá na gradaim seo speisialta mar is iad na himreoirí féin a roghnaíonn iad.
I measc na gcontaetha eile, bronnadh gradaim ar thánaistí na bliana, an Mhí. Bhuaigh Robyn Murray, cúl báire na Mí a céad ghradam. Bronnadh gradam ar Mary Kate Lynch den dara huair ó 2021 agus an tríú gradam ar Aoibhín Cleary. Tá Aoibhín Cleary thall san Astráil faoi láthair freisin. Ba í Niamh Gallogly a bhuaigh an t-aon ghradam sna tosaithe do chontae na Mí. Seo a céad ghradam ach tá an pheil san fhuil aici. Bhí a seanathair ar fhoireann na Mí a bhuaigh Craobh na hÉireann i bpeil na bhfear den chéad uair riamh in 1949.
READ MORE
D’éirigh go maith le himreoirí ó chontaetha eile amhail Gaillimh, Ciarraí agus Port Láirge. Chruthaigh na Gaillimhigh go maith i mbliana. Bhuaigh Cill Chóirín/Cluain Bheirn Craobh Shinsir Club na hÉireann anuraidh den cheathrú bliain as a chéile agus bronnadh gradaim ar bheirt den fhoireann sin a chaitheann geansaí na Gaillimhe freisin. B’shin iad Nicola Ward agus Olivia Divilly. Seo an tríú gradam ag Nicola, a bhuaigh roimhe in 2019 agus in 2024. Bronnadh a céad ghradam ar Olivia anuraidh. Bronnadh a céad ghradam ar Shíofra O’Shea, laoch Chiarraí sna tosaithe agus ar Emma Murray, bean lár páirce Phort Láirge, agus an chéad ghradam don chontae ó 2007.
Tá trí ghradam eile ann: imreoir sóisir, idirmheánach agus sinsir na bliana. Tá na gradaim seo speisialta mar is iad na himreoirí féin a roghnaíonn iad. Ainmníodh Hannah Tyrrell mar Imreoir Sinsear na Bliana. Ba í Sorcha Gormley a bhuaigh Imreoir Idirmheánach na Bliana. Bhí tionchar ollmhór aici ar fhoireann Thír Eoghain – tháinig sí chun cinn go hiontach agus d’aimsigh sí scóir mhóra chinniúnacha le linn na bliana. Bronnadh gradam d’Imreoir Sóisir na Bliana ar Kate Flood - an dara huair di an gradam sin a fháil.

Bronnadh gradam saoil ar Juliet Murphy ar an oíche chomh maith. Tá a cuid éachtaí fíorshuntasach. Bhí sí lárnach le linn ré órga Chorcaí agus bhuaigh sí ocht gCraobh Shinsir Uile-Éireann leis an gcontae. Maidir le Réaltaí Pheil na mBan, tá sé ghradam Sár-imreoir TG4 buaite aici. Bronnadh imreoir na bliana uirthi sa bhliain 2011, rud a léiríonn go raibh ardmheas ag a comhimreoirí uirthi. Rinne sí an-dul chun cinn lena club Domhnach Mór agus shroich siad Craobh na hÉireann faoi dhó i gcomórtas na gclubanna. Is iomaí gaisce atá bainte amach ag Juliet agus bhí an-tionchar aici ar an gcluiche a fhad is a bhí sí ag imirt – bhí sí ina ceannródaí, ina himreoir cliste cumasach cróga. Anois agus í ina bainisteoir le club áitiúil i gCorcaigh, is léir go spreagann sí an chéad ghlúin eile de pheileadoirí ban.
Le linn na hócáide, rinneadh bronnadh speisialta ar Helen O’Rourke, Príomhfheidhmeannach Chumann Pheil Gael na mBan. Beidh Helen ag éirí as ag deireadh na bliana tar éis ocht mbliana is fiche caite aici sa ról. Le linn a tréimhse, tháinig fás as cuimse ar an gCumann. Bhunaigh sí comhpháirtíochtaí ríthábhachtacha le TG4 agus le Lidl, agus rólanna lárnacha acu i bhfeabhsú feachtais craolacháin agus rannpháirtíochta. Thug an Cumann faoi straitéisí nua, thug sí tacaíocht don bhallraíocht, agus bhí páirt aici i gcumarsáid idirnáisiúnta na heagraíochta. Le linn na hoíche mhol Ardstiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín, a cuid oibre, a díograis, agus an tionchar dearfach a bhí aici ar spórt na mban.











