Tá Paschal Donohoe tar éis an tír a fhágáil. Bhuel, ní rabhamar ag súil leis sin. D’fhógair sé Dé Máirt go raibh sé ag imeacht agus faoin Aoine bhí sé imithe, ag taisteal go dtí na Stáit Aontaithe le linn an deireadh seachtaine.
Ar ndóigh, bhí a fhios againn go raibh fonn ar Donohoe rud nua a dhéanamh. Bhí a ainm luaite leis an bpost mar cheannaire ar an gCiste Idirnáisiúnta Airgeadais anuraidh, ach ansin fuaireamar amach go raibh an príomhfheidhmeannach a bhí sa phost cheana féin chun fanacht ann ar feadh téarma eile.
Níl aon dabht go bhfuil post mór faighte ag an iarAire Airgeadais. Tá an ról tánaisteach aige leis an mBanc Domhanda, eagraíocht ollmhór atá lonnaithe in Washington DC agus a thugann cúnamh do thíortha atá ag streachailt lena gcórais eacnamaíocha.
Má chaithimid ár súil siar, feicfear go bhfuil gach polaiteoir a bhí bainteach go dlúth le rialtais Enda Kenny agus Leo Varadkar imithe ar siúl anois - agus níos lú ná leathchéad bliain slánaithe ag a bhformhór!
READ MORE
Ciallaíonn sé sin go mbeidh dhá fhothoghchán againn anois san Earrach, ceann amháin i mBaile Átha Cliath Láir agus an ceann eile i nGaillimh Thiar, Dáilcheantar Catherine Connolly sular toghadh í i bpost an Uachtaráin.
Bhí comhdháil bhliantúil Pháirtí an Lucht Oibre ar siúl ar na mallaibh. Thug ceannaire an pháirtí Ivana Bacik le fios go mbeadh a páirtí san iomaíocht agus gach cosúlacht ar an scéal gur Helen Ogbu, comhairleoir cathrach i nGaillimh, a bheas mar iarrthóir acu.
Ciallaíonn sé sin go mbeidh dhá fhothoghchán againn anois san Earrach, ceann amháin i mBaile Átha Cliath Láir agus an ceann eile i nGaillimh Thiar…
Bhí sé suntasach go ndúirt Connolly le linn a hóráide ar lá a ceapacháin gur chreid sí go raibh gluaiseacht nua pholaitiúil ar an bhfód, de chuid na heite clé. Tháinig na páirtithe go léir ón eite chlé le chéile le linn an fheachtais sin chun Connolly a thoghadh.
Mhaígh Bacik go bhféadfaí an chomhghuaillíocht sin a choinneáil ag treabhadh léi le haghaidh toghcháin eile. Dúirt sí gur mhaith léi an comhoibriú sin a fheiceáil san fhothoghchán.
Ach ag an am céanna, bhí sé soiléir go bhfuil srian leis an togra seo. Ar an gcéad dul síos beidh na páirtithe go léir ag cur a n-iarrthóirí féin ós comhar an phobail. Dá bhrí sin, ní bheidh siad ag teacht le chéile taobh thiar de dhuine amháin.
An dara rud a bhí suntasach faoin méid a dúirt Bacik ná go ndearna sí idirdhealú idir na páirtithe ar an gclé. Dúirt sí go raibh an Lucht Oibre cóngarach do na Daonlathaithe Sóisialta agus don Chomhaontas Glas. Ní dhearna sí aon tagairt beag ná mór do na páirtithe níos radacaí cosúil le Pobal Seachas Brabús.
An rud is láidre a bhí le rá aici, bhain sé le Sinn Féin. Thosaigh sí ag caint faoi na trí pháirtí mhóra a bhí sa Dáil agus bhí sé soiléir go raibh constaicí ag baint leo, Sinn Féin san áireamh.
Thóg sí seasamh níos láidre i bhfabhar Éire aontaithe ná mar a bhí déanta aici go dtí sin. Agus cinnte tabharfaidh sé sin misneach do Shinn Féin nach bhfuil an bhearna chomh mór sin idir an dá pháirtí maidir leis an gceist seo. Ach mheabhraigh sí chomh maith go raibh bearna mhór idir a páirtí agus Sinn Féin ar a lán gnéithe eile.
An méid a thug mé féin ón óráid go bhfuil Bacik níos meáite ar chomhghuaillíocht a chruthú leis na Glasaigh agus na Daonlathaithe Sóisialta ná na páirtithe eile ar an taobh clé.
É sin ráite, is cinnte go bhfeicfimid comhoibriú sa dá bhabhta - le páirtithe clé ag aistriú i dtreo páirtithe eile ar an eite chlé seachas i dtreo Fhianna Fáil nó Fhine Gael.
Ach an éireoidh leis an ngluaiseacht seo an ceann is fearr a fháil ar na páirtithe eile agus an suíochán a bhuachan?
Caithfidh mé a rá go bhfuil seans i bhfad níos láidre acu i mBaile Átha Cliath Láir ná mar atá acu i nGaillimh Thiar.
In olltoghchán na bliana anuraidh, ba é Mary Lou McDonald, ceannaire Shinn Féin, a tháinig sa chéad áit tar éis an chéad chomhairimh.
Nuair a chuirtear líon na vótaí go léir a chuaigh d’iarrthóirí clé le chéile, is léir go sciobtha go bhfuil siad an-láidir go deo sa toghcheantar sin.
San iomlán bhí 58.6 faoin gcéad de na vótaí ar an taobh sin den deighilt pholaitiúil idir Sinn Féin agus na páirtithe eile. Bhí 25 faoin gcéad ag Fine Gael agus Fianna Fáil agus thart ar 13 faoin gcéad idir beirt iarrthóirí eile - Gerry Hutch agus an t-iarrthóir ón eite dheas Malachy Steenson.
Ón eolas sin is léir go mbeidh an t-iarrthóir is láidre ón eite chlé mar rogha na coitiantachta.
Scéal contrártha atá i gceist i nGaillimh Thiar. Nuair a chuirtear líon na vótaí ón eite chlé le chéile tagann sé go 39.8 faoin gcéad. Ar an lámh eile, tá 35 faoin gcéad ag Fianna Fáil agus Fine Gael, agus 22 faoin gcéad ag iarrthóirí neamhspleácha.
Tá sé deacair a thuar, mar sin, cén chaoi a rachaidh an rás.
Mar fhocal scoir, ní chloíonn fothoghcháin leis na rúibricí an chuid is mó den am. Is minice ná a mhalairt a thagann an toradh salach ar na buillí faoi thuairim go léir!












