Ailceimic an Aistritheora
Ceardlann shuimiúil spreagúil a bheidh san imeacht ‘Ailceimic an Aistritheora – The Translator’s Alchemy’, a bheidh ar siúl i gcomhpháirtíocht le Féile Litríochta Gaeilge IMRAM an Satharn beag seo, 8 Samhain 2025. Cuirfidh an tOllamh Michael Cronin painéal aistritheoirí den scoth os comhair slua sa Séipéal in Áras Nua-Ealaíne na hÉireann, Baile Átha Cliath, agus ailceimic an aistriúcháin liteartha á plé acu go domhain. I measc scoth na gcainteoirí ar an phainéal seo beidh Máirín Nic Con Iomaire, Antain Mac Lochlainn agus Mícheál Ó hAodha.
Is í Máirín Nic Con Iomaire atá taobh thiar de réimse leathan leabhar foilsithe ag Futa Fata agus Barzaz, agus bhain sí Gradam de Bhaldraithe 2022 dá haistriúchán Gaeilge ar an leabhar ‘Khalil’. Tá sí anois mar Stiúrthóir na gClár Aistriúcháin ag Ollscoil Mhá Nuad.
Scríbhneoir, aistritheoir agus tráchtaire ar an aistriúchán agus ar chruinneas agus stíl sa Ghaeilge is ea Antain Mac Lochlainn, agus tá sraith leabhar foilsithe aige cosúil le ‘In Ord is in Eagar’ agus ‘Ó Bhéarla go Gaeilge’.
READ MORE
Tá clú agus cáil bainte amach ag Mícheál Ó hAodha mar fhile Gaeilge, léachtóir agus cuiditheoir le hábhar Gaeilge RTÉ fosta. Tá suim ar leith aige sa stair agus go leor dá dhánta foilsithe sna leabhair ‘Slán le hÉirinn’ agus ‘Leabhar na nAistear’.
Is cinnte go roinnfidh an ceathrar seo flúirse saineolais leis an lucht féachana ar an lá. Beidh saorchead isteach chuig an imeacht ach ní mór do spás a chur in áirithe ar líne ag dublinbookfestival.com. Cuirtear fáilte roimh shíntiúis dheonacha fosta.

Píosaí deasa seodra a léireoidh do phearsantacht
Anois an t-am bliana nuair a thosaíonn an féilire ag líonadh go gasta agus bíonn sé deacair go maith coinneáil suas leis! Faighim féin go mbíonn sé doiligh go leor feistis a phleanáil chun cinn, go háirithe nuair a bhíonn cúpla imeacht ag tarlú gach seachtain, agus mar sin bím ag brath ar na hoiriúintí agus ar an seodra mo chuid feisteas a athrú ó bhonn. Níl sé réasúnta ná inbhuanaithe culaith nua a cheannach do gach ócáid na laethanta seo ach is féidir do sheodra a athrú agus do phearsantacht a léiriú trí mhuincí, fáinní cluaise agus bráisléid.
Bhí grá agam do Betty&Biddy ó seoladh sa bhliain 2016 é agus díolann siad seodra galánta ardchaighdeáin ar phraghas réasúnta. Is maith liom tamall a chaitheamh anois is arís ag brabhsáil a suímh mar go dtagaim ar stuif gleoite Gaelach i gcónaí agus tá a fhios agam go seasfaidh cibé rud a cheannaím an aimsir amach anseo.
Mholfainn go mór súil a chaitheamh ar an réimse bráisléad atá ag Betty&Biddy, go háirithe na bráisléid Chladaigh atá acu in ór agus in airgead. Galánta ar fad ar fad!
Is féidir réimse seodra Betty&Biddy a cheannach ag bettyandbiddy.com.

Ranganna Cócaireachta na Nollag le Diarmuid Ó Mathúna
An bhfuil cead agam an Nollaig a lua anois agus Oireachtas na Samhna 2025 thart? Is maith a bheith breá ullmhaithe ar scor ar bith, agus seo do dheis snas a chur ar do scileanna cócaireachta go díreach in am do shéasúr na Nollag.
Beidh cúrsa cócaireachta 3 seachtaine á reáchtáil ag an chócaire agus bunaitheoir POTA, Diarmuid Ó Mathúna, ina dtaispeánfaidh sé cén dóigh le tabhairt faoi oidis éagsúla na Nollag. Seans go mbeidh cóisir mhór agat an Nollaig seo agus do theaghlach nó do chairde ar cuairt, nó seans go bhfuil inspioráid nó píosa cleachtaidh uait sula dtugann tú faoi bhéile a ullmhú. Beidh go leor le foghlaim ón saineolaí é féin, agus níos fearr arís go bhfuil na ranganna seo go hiomlán saor in aisce do bhaill an Ghréasáin Ghaeilge agus ar líne ionas go mbeidh gach duine in ann sult a bhaint astu, is cuma cá bhfuil siad lonnaithe.
Beidh na ranganna seo ar siúl idir 8-9 tráthnóna, gach Déardaoin idir 20 Samhain agus 4 Nollaig. Is féidir clárú ar líne ar shuíomh Ghréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí agus seolfar nasc don rang chuig na daoine a chuireann áit in áirithe.
Ticéid ar fáil saor in aisce ó greasangaeilge.ie.

Spotsolas ar Ealaíontóirí Éireannacha – Prints of Ireland
Mar a luaigh mé cheana, bíonn sé deacair go leor súil a choinneáil ar na himeachtaí agus na hoícheanta amuigh a bhíonn ag titim amach agus muid ag druidim le deireadh na bliana. Is breá liom féilire deas a choinneáil ar mo dheasc nó áit éigin sa chistin le cuidiú liom ócáidí na míosa atá os mo chomhair a leagan amach, agus bíonn sé breá áisiúil mar mheabhrúchán faoi bhreithlaethanta nó faoi dhátaí tábhachtacha fosta.
Tá Féilire na Seanfhocal 2026 amuigh ag Prints of Ireland, féilire deas daite a bhfuil seanfhocal nua Gaeilge agus grafaic ghleoite mar chuid d’achan mhí úr ann. Chuirfeadh an féilire seo píosa datha agus píosa Gaeilge i d’oifig nó i do chistin sa bhaile, agus tá siad ar fáil ag printsofireland.ie ar chostas €20 an ceann.













