Níos luaithe i mbliana chaith an cóiréagrafaí comhaimseartha, Fearghus Ó Conchúir, tréimhse ama ar ais i nGaeltacht na nDéise, an áit ar tógadh é. Bhí sé ann chun taighde a dhéanamh agus saothar nua a chruthú dar dteideal Dúiche. Bhí sé tagtha chun an gaol atá ann idir an rince agus an dúiche mórthimpeall orainn a fhiosrú.
Theastaigh uaidh tumadh isteach i mbéaloideas, cultúr, oidhreacht agus tírdhreach na háite. Is ealaíontóir é a bhíonn ag obair i bhfoirm chruthaitheach an rince. Bhí a fhios aige go n-aimseodh sé ábhar speisialta óna cheantar dúchais féin a bheathódh a phróiseas cruthaitheach.
Bhí grúpa beag rinceoirí ag taisteal in éineacht leis, iad réidh le saothrú ón gcéad lá, ar bís le tosú. Thuig siad go raibh siad bailithe chun iniúchadh a dhéanamh ar chultúr agus saibhreas na háite agus go mbeidís ag cíoradh na nasc atá ann idir corp, teanga agus timpeallacht. Bhí siad ann chun tuiscint a fháil ar shaibhreas spioradálta na Gaeltachta.
Is ag an bpointe sin a rith sé liom go gcaithfidh tú a bheith in áit dhoiléir, dho-aimsithe sula dtarlóidh aon rudcruthaitheach…
Lean beirt deirfiúracha iad – mise agus mo dheirfiúr, RoseAnn Foley a bhí i mbun físe a chruthú don suíomh idirlíne Molscéal TG4. Fuaireamar cóip de sceideal an ghrúpa agus mhínigh Fearghus dúinn go raibh sé ag iarraidh go mbeadh na rinceoirí “mar spúinsí agus an rud ar fad a shú isteach ionas gur féidir linn an inspioráid sin a úsáid chun saothar nua a chruthú sa todhchaí”.
READ MORE
Bhí an ghrian ag taitneamh agus an leithinis ag lonrú go mealltach faoi sholas an eadra nuair a thuirling siad ar dhromchla na Rinne an chéad lá sin. Chuaigh siad i dtreo Reilig an tSléibhe ar dtús, an reilig inar leagadh na céadta corpán le linn an Ghorta Mhóir. Go hiondúil, is áit uaigneach sceirdiúil í seo ach bhí an t-earrach tagtha agus an lá seo bhí an pháirc ina móinéar álainn séimh ag dul le fána i dtreo na bá. Shiúil an bhuíon rinceoirí i dteannta Fhearghusa trasna na páirce taobh leis na loganna atá greanta san ithir.
Chuimhnigh siad ar na híobartaigh atá curtha san áit – breis agus míle anam. Bhí an turas tosaithe i gceart agus an taighde curtha ar bun nuair a labhair siad le Liam Suipéil, béaloideasaí agus scríbhneoir, go bhfuil cur amach aige ar dhinnseanchas na háite gan trácht ar na faillte agus ar na carraigeacha atá mórthimpeall ar chósta na dúiche.
Ina dhiaidh sin bhailigh na rinceoirí le chéile gach lá chun cleachtadh a dhéanamh i halla an bhaile mhóir i nDún Garbhán. Um thráthnóna rachaidís amach ag taisteal mórthimpeall an cheantair idir an Rinn agus an Seanphobal ag bualadh le healaíontóirí na Gaeltachta, daoine atá cruthaitheach agus torthúil i bhfoirmeacha éagsúla.
Chaith grúpa Fhearghusa tamall in éineacht leis an amhránaí ar an sean-nós, Ciarán Ó Gealbháin, agus é ag caint leo mar gheall ar na hamhráin mhóra a bhaineann leis an áit. Chas sé roinnt amhrán dóibh chomh maith.

Chaith siad tráthnóna i gcomhluadar an fhile áitiúil, Áine Uí Fhoghlú, iad ag sú a saineolais isteach, ag foghlaim uaithi, bean go bhfuil an-chur amach aici ar shaibhreas cultúrtha na háite.
Bhí coinne eile acu le hÉinne Ó Cathasaigh, oifigeach bithéagsúlachta de chuid Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge agus maor caomhantais leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra.
Thug Fearghus Ó Conchúir sainmhíniú dúinn ar chuspóirí an turais a bhí ar bun aige: “Theastaigh uaim an rince a úsáid mar shlí chun ceisteanna maidir leis an nGaeilge, an éiceolaíocht agus an corp a chíoradh agus a thabhairt le chéile. Braithimse go bhfuil eolas ar leith ag an rince faoi conas mar a thagann coirp le chéile, agus conas mar athá gaol ag an gcorp leis an timpeallacht,” a dúirt sé.
Thug siad cuairt ar fheirm orgánach sa Seanphobal gur le Mairéad Ní Choistín í. Lean na rinceoirí í ag siúl i measc na muc agus na gcearc. I ndiaidh na cainte, chabhraigh siad léi agus í ag obair i measc na nglasraí a dhíolann sí go háitiúil faoin teideal Garraí Mara. D’fhoghlaim siad mar gheall ar na séasúir agus ar thorthúlacht na cré agus í ag plé leis na plandaí agus na hainmhithe.

Labhair Fearghus faoin rud a bhí ag titim amach le linn na cuairte: “Táimid i nGarraí Mara, feirm orgánach, ar ndóigh,” a dúirt sé, “chun taithí a thabhairt dos na rinceoirí ar an ngaol athá idir bia folláin agus timpeallacht fholláin freisin. Agus conas mar athá sé sin ag tarlú anso sa Ghaeltacht”.
Thiomáineamar ar aghaidh go dtí cúinne eile iargúlta sa pharóiste, áit nach raibh cur amach againn air an lá roimhe.
“Theastaigh uaim an ghaois sin athá ag an rince a thabhairt go dtí an ceantar so a thug inspioráid domsa a bheith i m’ealaíontóir,” a dúirt an cóiréagrafaí.
“B’fhéidir an rud is tábhachtaí ná go bhfuilim ag tabhairt na rinceoirí ar cuairt, ionas gur féidir leo eolas a fháil faoin áit, faoin timpeallacht, faoin mbéaloideas, faoin ealaín anseo, agus faoin teanga, dar ndóigh”.
Ar feadh tamaill ní raibh an scríbhneoir seo go hiomlán cinnte gur thuig sí i gceart cad a bhí á rá ag Fearghus Ó Conchúir, ealaíontóir na ndamhsaí teibí.
Bhí an lá ag druidim chun suain. Dhreapamar cnoc dearmadta, Maoil an Choirne, sa Rinn, chonaiceamar Fearghus agus a bhuíon rinceoirí ag damhsa sa chlapsholas. Bhí siad ag lúbadh ar bharr an chnoic, ag síneadh a ngéag, ag umhlú a gceann go talamh.
Lean mo dheirfiúr uirthi ag taifead. Domsa, thuas ar thalamh míchothrom Mhaoil an Choirne, bhraith mé go raibh mé caillte, in áit nár aithin mé agus nár thuig mé cad a bhí ag tarlú. Bhí na rinceoirí ag gluaiseacht go mall. Chuir siad síoga i gcuimhne dom.
D’éirigh mé tuirseach. Níor cheap mé go raibh aon chiall leis an ngeáitsíocht ach ba léir go raibh áilleacht ag baint léi. Chuala mé monabhar uisce ar snámh ar an aer ag teacht ó shruth nach raibh cloiste agam cheana. Is ag an bpointe sin a rith sé liom go gcaithfidh tú a bheith in áit dhoiléir, dho-aimsithe sula dtarlóidh aon rudcruthaitheach, sula dtuirlingeoidh aingeal na hinspioráide ort.
Shuigh mé síos ar an bhféar agus rinne mé machnamh ar ghaois na dúiche. Thuig mé go bhfuil sé ceart go rachfá amú agus mura dtagann mearbhall ort, seans nach dtarlóidh an draíocht.
Is féidir féachaint ar an bhfíseán Dúiche sna Déise ar moscléal.ie