Tar éis an Bhreatimeachta dúradh go raibh an comhrá maidir le hathaontú na tíre ag bailiú nirt. Dúradh go raibh an díospóireacht ag dul in aon treo amháin agus go leanfaí leis go dtí go mbainfear an mhórsprioc amach.
Mar sin, cuireadh dlús leis an chomhrá. Tháinig eagraíochtaí, coistí agus grúpaí oibre nua chun tosaigh, cuid acu bainteach le páirtithe polaitíochta ar nós an New Ireland Forum de chuid an SDLP nó an Coimisiún ar Thodhchaí na hÉireann de chuid Shinn Féin. Tháinig cuid eile aníos ó dhaoine neamhspleácha i réimsí éagsúla an tsaoil ar nós Ireland’s Future. Chuaigh siad i mbun comhrá lena chéile, le daoine a d’aontaigh leo agus, anois is arís, le daoine a d’easaontaigh leo.
Go pointe ba é an comhrá ba choitianta a bhí ann ná gur chóir go mbeadh comhrá ann.
Agus tá na torthaí le feiceáil. Léirigh figiúirí ón phobalbhreith NI Life & Times 2024 go bhfuil athrú ag teacht ar an dearcadh atá ag daoine ó thuaidh maidir le haontú na tíre, dá mbeadh vóta ann ar an cheist sin.
READ MORE
Níl ach 6 phointe idir iad siúd a deir go dtabharfaidís tacaíocht don athrú (36%) agus iad siúd a deir go ndiúltóidís don smaoineamh (42%). Bliain roimhe sin, bhí 12 phointe idir an dá thuairim seo. Seo an chéad uair atá bearna aon digite amháin idir an dá dhearcadh.
Spreagann an fhianaise seo caint maidir le vóta a ghairm ar an cheist, amscála a leagan amach agus próiseas ullmhúcháin a eagrú.
Dar ndóigh, tá na cinntí seo ar fad i lámha Rúnaí Stáit na Breataine, agus níl aon chomhartha ann go bhfuil sé i gceist ag Hilary Benn é seo a dhéanamh am ar bith go luath.
Níl fiú critéir chruinne ar fáil a d’fhéadfaí a úsáid mar shlat tomhais le hoibriú amach cén uair a dhéanfar an cinneadh seo. Tháinig glaoch ó cheannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta Naomi Long le déanaí gur chóir don Rúnaí Stáit machnamh a dhéanamh ar an cheist agus critéir a leagan amach go luath. Ní minic a thógann baill an pháirtí úd páirt sa chomhrá sin, agus is léiriú é ar mhinicíocht na gcomhráite atá ag tarlú fud fad an tuaiscirt.
Rud atá éagsúil faoin phlé anois ná go bhfuil sé príomhshruthaithe sa dioscúrsa polaitíochta ó thuaidh ar bhealach dáiríre agus ar bhealach nach raibh roimhe seo.
Ó dheas, tá na comhráite ag tarlú chomh maith, ach tá blas éagsúil ar an treo smaointeoireachta, agus luas eile chomh maith.
Tá an Taoiseach Micheál Martin den tuairim gur chóir fanacht go dtí go mbeidh próiseas athmhuintearais curtha i gcrích sula mbeidh aon chaint faoi athaontú na tíre ann. Labhraíonn sé faoi chaidreamh idir daoine ar dtús, agus gur féidir an comhrá eile a chur ar an mhéar fhada faoi láthair.
Tá an t-athmhuintearas an-teibí mar choincheap. Cén dóigh ar féidir le haon duine a rá go bhfuil sé ag tarlú nó curtha i gcrích?
Tá ceannaire an SDLP Claire Hanna ag labhairt amach níos láidre ar an cheist ná mar a labhair sí riamh, ag impí ar Rialtas na hÉireann Aireacht a bhunú a bheadh dírithe ar athaontú na tíre. Go dtí seo, tá tiomantas an rialtais i leith na ceiste náisiúnta léirithe tríd an tionscadal ‘Oileán Roinnte’ agus tograí eile a tharlaíonn ar bhonn trasteorann. Tá tábhacht agus gá leis na scéimeanna sin dar ndóigh, ach an leor iad chun ceisteanna a fhreagairt maidir le cad a tharlódh dá mbeadh vóta ann? Agus cad is brí le fanacht go dtí go mbeidh próiseas athmhuintearais curtha i gcrích sula ndéanfar plé ceart ar na ceisteanna ábhartha?
Tá an t-athmhuintearas an-teibí mar choincheap. Cén dóigh ar féidir le haon duine a rá go bhfuil sé ag tarlú nó curtha i gcrích, go bhfuil a dhóthain déanta nó go bhfuil níos mó le déanamh? Ní féidir. Próiseas fadtéarmach thar na glúnta atá i gceist, agus tá baol ann go mbainfear leas as an choincheap chun srian a chur ar aon phlé faoin athaontú.
Agus an toghchán Uachtaránachta faoi lánseol, tá ceisteanna ag teacht aníos don bheirt atá fágtha sa rás maidir leis an ról a shíleann siadsan ba chóir a bheith ag an Uachtarán sa dioscúrsa.
Mar Ultach Preispitéireach, creideann Heather Humphreys go mbeadh sí in áit ar leith chun labhairt le haontachtóirí ó thuaidh agus go mbeadh sí in ann cairdeas a chothú leo.
Le linn an fheachtais, tá Catherine Connolly níos glóraí faoi athaontú na tíre ná mar a bhí sí go poiblí roimhe seo agus is minic a léiríonn sí tuiscint ar an cheist agus fís d’Éirinn nua.
Tá go leor ráite le linn fheachtas na hUachtaránachta a bheadh ag teacht leis na comhráite atá ag tarlú ó thuaidh ach ní chiallaíonn sin dar ndóigh go mbeidh aon ghníomh suntasach ann ó na páirtithe rialtais ó dheas. Go deimhin, tá gné áirithe den toghchán seo ar léiriú grinn é ar stad reatha na díospóireachta ar an athaontú mar a bhaineann sé leis an rialtas.
I dtuairisc ón Choinbhinsiún ar an Bhunreacht a foilsíodh siar in 2014, moladh go sínfí na teidlíochtaí vótála i dtoghcháin Uachtaránachta d’Éireannaigh nach bhfuil ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann. Tá ráite ag Fianna Fáil agus ag Fine Gael ó shin go gcreideann siad gur cheart go dtarlódh é seo agus go mbeadh vóta ag muintir na sé chontae sna toghcháin. Ach breis agus deich mbliana ar aghaidh, níl aon bheart déanta.
Is cinnte go leanfar leis na comhráite ar aontú na tíre agus ar cheisteanna a bhaineann le cearta vótála a thabhairt d’Éireannaigh i ngach cuid den oileán. Ach, in ainneoin na n-athruithe atá ag tarlú ó thuaidh, léiríonn dearcadh reatha an rialtais i mBaile Átha Cliath go bhfuil gá le cuid mhór comhráite eile go fóill.