An fhéile is mó san Eoraip ar shráideanna Dhoire
An raibh a fhios agat go mbíonn an fhéile Oíche Shamhna is mó san Eoraip ag titim amach in iarthuaisceart na tíre seo? Meastar go dtugann níos mó ná 100,000 duine faoi shráideanna Dhoire gach aon bhliain don fhéile ceithre lá agus tá an Chathair Mhúrtha aitheanta fud fad an domhain mar cheann scríbe den chéad scoth an t-am seo bliana.
Mar chuid den chlár atá lomlán le himeachtaí agus le taispeántais, déantar conair scáfar scanrúil as ballaí na cathrach achan oíche, áit a mbíonn na mílte taibheoir ag damhsa agus ag ceol. Bíonn na foirgnimh is sine agus is áille sa chathair ar lasadh le draíocht le linn seónna soilse agus bíonn na sráideanna dubh le daoine agus iad ag baint sult as ceol beo agus bia blasta ó na stainníní bia.
Is i gCultúrlann Uí Chanáin, croílár na Gaeilge sa chathair, a bheidh Féile na Samhna ag tarlú i mbliana agus beidh glór galánta na nGael le cloisteáil go tréan. Gheobhaidh an lucht féachana deis chun foghlaim faoi nósanna ársa na Samhna agus arán traidisiúnta báirín breac a bhácáil ag ‘Arán agus Arrachtaí’ ar an 29ú, beidh dioscó óige bréigéide dátheangach ar siúl an oíche chéanna chun airgead a bhailiú do Chlub Óige Setanta, agus beidh spiorad na Samhna le mothú ag Lá Mór na Samhna do theaghlaigh idir 11am-1pm Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair.
READ MORE
Tiocfaidh an fhéile chun críche oíche Dé hAoine seo chugainn le paráid Oíche Shamhna a dhéanfaidh a bealach tríd an chathair ó 7pm ar aghaidh. Ceiliúradh dochreidte atá sa pharáid seo agus beidh grúpaí pobail na cathrach agus eagraíochtaí éagsúla le feiceáil ar na flótaí, chomh maith le scoth na taibhealaíne, drumadóirí, taibheoirí ar chosa croise agus feistis scanraitheacha. Cuirfidh taispeántas tinte ealaíne clabhsúr leis an fhéile ag 8.15pm, agus lasfar an Feabhal agus spéir na hoíche le réimse iontach dathanna.
Is fiú go mór súil a chaitheamh ar chlár na féile 2025 atá ar fáil ag www.derryhalloween.com.

Tá na laethanta ag dul i ngiorracht
Beidh na cloig le cur siar uair an chloig an deireadh seachtaine seo, agus cé go mbeidh sé iontach deas uair an chloig sa bhreis a bheith againn sa leaba oíche Dé Sathairn, ní fada uainn anois na laethanta is gairide sa bhliain.
Níl tú leat féin má bhíonn tú ag streachailt le neamhord mothachtálach séasúrach. Bíonn sé iontach deacair tú féin a spreagadh tabhairt faoi ghnáthamh an lae nuair a bhíonn sé dubh dorcha taobh amuigh ag a ceathair a chlog tráthnóna, agus go háirithe nuair a bhíonn drochaimsir na hÉireann ag cur isteach orainn ar fad.
Anois an t-am bliana roinnt ama a bheith agat duit féin agus sult a bhaint as na tráthnónta seascaire sa teach. Bain triail as oideas teolaí pasta nó anraith nua, déan tú féin a chuachadh ar an tolg agus léigh an leabhar is fearr leat, ceannaigh coinneal dheas nó pluid bhreá mhór don seomra suí, nó faigh do sháith codlata faoi dheireadh thiar thall!

Albam úr Huartan ar na bacáin
Grúpa ‘tradtronica’ as Béal Feirste é Huartan atá ag dul ó neart go neart ó bunaíodh in 2023 é, agus a bhfuil aird á tarraingt orthu féin anois mar gheall ar a stíl ar leith nach bhfuil á déanamh in áit ar bith eile. Nascann siad an ceol Gaelach leis an cheol leictreonach, ag cur fuinneamh úr i mbailéid agus i seanphoirt Éireannacha le beocht agus le hanam iontach tarraingteach agus draíochtach.
Is cinnte go bhfuil íomhá ar leith ag an bhanna seo, íomhá gáifeach agus measartha dorcha a dhéanann taispeántas as gach ceolchoirm a chuireann siad ar stáitse. Bhain siad Hot Press Amhrán na Laoch anuraidh chomh maith le Gradam Rónáin Mhic Aodha Bhuí do Nuatheachtaí na Bliana ag Gradaim NÓS 2024, agus mar sin níl dabht ar bith go bhfuiltear ag súil go mór lena n-albam úr a bheidh ag teacht amach an 14 Samhain.
Beidh Huartan ag bualadh an bhóthair an tseachtain seo agus ag taisteal fud fad na tíre ar a gcamchuairt nua. Tosóidh siad sa Halla Mandela ina mbaile dúchais an Aoine bheag seo, chomh maith le ceolchoirmeacha a sheinm i gCorcaigh, Doire agus Gaillimh sa chéad chúpla seachtain eile.
Is féidir do thicéad a fháil ag www.ticketmaster.ie. Níos mó eolais faoi Huartan ag www.huartan.com.

Spotsolas ar Ealaíontóir Éireannach – Éimear O’Keane
Níl am ar bith níos fearr tú féin a mhilleadh le scairf dheas olla a choinneoidh te teolaí thú i gcaitheamh an gheimhridh, agus is breá liom an réimse scairfeanna ‘Breacadh an Lae’ atá ag Éimear O’Keane. Thug grianstad an gheimhridh agus stair agus draíocht Bhrú na Bóinne inspioráid d’Éimear na scairfeanna niamhracha seo a dhearadh. Tá siad ar fáil in dhá scéim dhathanna agus tá siad déthaobhach fosta, a chuirfidh go mór mór le feisteas ar bith an geimhreadh seo.
Tá siopa Éimear ar fáil ar líne ag www.eimearalice.bigcartel.com.