Is annamh a phléitear mórán leis an ábhar seo mar chuid de bhunstoc na Gaeilge. Is beag cur síos atá air i gceann ar bith de na foclóirí go léir atá againn faoi chlúdach cruaidh nó go leictreonach. Tá an ganntanas céanna tagairtí sna leabhair ghramadaí atá ar fáil do lucht úsáide na teanga. Is mór an trua(ighe) an méid sin mar tá mórán Éireann le foghlaim óna húsáidí go léir atá greanta i gcultúr na teanga agus atá beo beathach i gcaint agus i bhfriotal na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá samhlaíocht agus ardchumas cumadóireachta i gcuid mhaith de na húsáidí céanna.
Chan fhuil rud is fearr a dhéanfaimis anois ná amharc ar chuid de na samplaí is spéisiúla atá againn i nGaeilge. Is doiligh freastal ar na canúintí ar fad ach má tá leaganacha agat ar fiú aird a tharraingt orthu, seol chugainn iad.
Ar leibhéal idirnáisiúnta, déantar idirdhealú idir dhá chineál éagsúla fuaimfhocal, mar atá – (a) fuaimfhocail phríomha a ghintear mar aithris ar ghnáthfhuaimeanna na timpeallachta. Má luaitear iad sin i bhfoclóirí is go lom é gan tagairt ar bith a dhéanamh an ainmfhocal, briathar nó aon rud eile iad, agus (b) fuaimfhocail a n-aithnítear cheana féin gur ainmfhocal, briathar nó eile iad.
Samplaí simplí de chineál (a) iad mé ‘call to sheep’ nó cá ‘call of the jackdaw’. I dtaca le cineál (b), thig linn plob ‘noise of water splashing/bubbling’, bíog ‘chirp’ agus sprais ‘a heavy short shower’ a lua.
READ MORE
baineann cainteoirí dúchais úsáid as na braistintí a bhíonn acu le brí agus ciall chruinn a bhaint as focail mar seo nuair a chluineann siad iad den chéad uair
Is cuma cé acu den dá chineál (a) nó (b) a bhuailfeas leat, is féidir leat focail úrnua a dhíorthú nó a chumadh astu ar na gnáthbhealaí atá sa Ghaeilge cheana féin e.g. cág ‘a jackdaw’ agus plobarnach ‘bubbling, splashing’.
Tá bealaí go leor ann le fuaimfhocail a aithint sa Ghaeilge agus baineann cainteoirí dúchais úsáid as na braistintí a bhíonn acu le brí agus ciall chruinn a bhaint as focail mar seo nuair a chluineann siad iad den chéad uair. Is minic gurb é fuaimniú an fhocail ina iomláine a thugann an leide is cruinne don chainteoir/éisteoir i gcás na bhfocal plob ‘bubble’, puth ‘a puff of wind’ agus slog ‘swallow, swig’.
Ach ní mar sin a bhíonn sé i gcónaí agus is minic gur consan aonair a chuireann an bhrí in iúl. Samplaí maithe den chineál seo na focail seo a leanas a chríochnaíonn ar ‘s’ caol agus a bhfuil a bhfuaimniú cosúil le ‘sh’ an Bhéarla – sprais ‘a short heavy shower’, pluis ‘ a puddle’ agus splais ‘a splash’.
Tá mórán focal i nGaeilge a thosaíonn le ‘s’, ‘sc’ nó ‘st’ agus is é an bhrí a chuireann siad in iúl an sórt tormáin a dhéanann rudaí éagsúla - an ghaoth ag dul trí choill siosarnach, sruthán uisce ag titim le fána plobaireacht, daoine ag gáirí/magadh ag scig ‘giggling, mocking’ agus clocha ag sleamhnú ag sciorradh ‘sliding’. Tabhair faoi deara sciob ‘snatch (away)’ agus sciob, sceab ‘scramble’.
Labharfaidh muid anois ar an fhocal sios ‘Hiss (géanna, nathracha, an ghaoth)’ mar go bhfuil sé inspéise agus gur gineadh a lán focal as an bhunfhréamh. Tá baint mhór ag an dá chonsan atá san fhocal a chruthaíonn sioscadh ina thús agus ina dheireadh. Seo samplaí eile a díorthaíodh as - siosóg ‘Hiss, whisper’, sioscadh ‘rustling, the sound of the wind, the hissing of geese, the hiss of steam’, sioscarnach/siosaireacht ‘sizzling of something frying’. Is minic fosta a úsáidtear an focal siosaireacht le cur síos a dhéanamh ar chaint thapa(idh) a úsáidtear le deacrachtaí tuisceana a chruthú d’éisteoirí.
Is fiú fosta aird a tharraingt ar mar a chruthaítear focail – mé ‘a call to sheep’ >> méileach ‘bleeting’ ag méileach/méiligh ‘bleating’ agus méidín ‘a pet name for lamb used by children’. Bunaíodh na leaganacha seo a leanas ar an fhocal plob ‘bubbling, gurgling sound’. – plobáil ‘act of splashing’ agus plobaire ‘incoherent talker’.
Tá áit eile inar cumadh fuaimfhocail i nGaeilge trí athrá a dhéanamh ar an bhun-fhuaimfhocal – guc, guc ‘immitating chickens’, súgaí, súgaí ‘call to calves’ -focal a chuaigh isteach i mBéarla na hÉireann agus Dheisceart na Stát Aontaithe.
Is é an focal giolc ‘chirp’ a thug an focal nuachumtha giolcaireacht dúinn ar a dtugaimid tweeting an lae inniu. Má aithníonn tú gobal, gobal agus tiuc, tiuc, tiuc beidh mise sásta. Chuir sé iontas orm an focal deiridh seo a chluinstin san Astráil seal mo chuarta ansin.
Foclóir
Beo beathach = alive and active.
Bunstoc = original stock.
Chan fhuil = Níl.
Braistint = perception
Díorthaigh = derive from.
Friotal = speech, expression.
Greanta = engraved.
Mórán Éireann = a lot of, quite a lot.
Nathracha = serpents, snakes.
Príomha = primary.
Seal mo chuarta = on my visit(s)
Tormán = noise, sound.