Ba lionsa ar mhicreacosma an chéad albam le Dave Balfe, For Those I Love (FTIL), togra inar dhírigh an file agus léiritheoir ar na daoine ina thimpeall, cairdis, caillteanais, agus a chuid fadhbanna féin. Thug sé spléachadh don éisteoir ar a óige in eastát tithíochta sa Chúlóg: na carachtair, na cúinsí maireachtála, an chraic. Ach lena shúil ghéar agus teanga níos géire fós, tuigeann agus cuireann sé in iúl mar a bhíonn taithí phearsanta agus tírdhreach polaitiúil fite fuaite ina chéile.
Togra ómóis do chairde agus pobal ar leith a bhí in FTIL seachas albam sa gciall traidisiúnta. Bhí idir iontas agus amhras nuair ann a fógraíodh an dara heisiúint faoin ainm céanna mar sin. Admhaím gur ar thaobh an amhrais a sheas mé féin. Tá lionsa níos leithne ag an gcnuasach nua seo a bhfuil téamaí na cathrach agus cúrsaí polaitíochta na tíre seo ann sa chroílár. Is beag nach bhfuil ráite go snasta cheana ar na hábhair seo atá idir chamáin ag nach mór ceoltóirí uile na hÉireann le gairid. Éiríonn le Balfe a chasadh féin a chur ar an scéal áfach, go háirithe agus é ag tagairt don ré dhigiteach theicneafeodach ina maireann muid, faoi bhos na gcomhlachtaí móra teicneolaíochta.
Is í an teicneolaíocht bunchloch cheol Balfe féin áfach. Cé gur léir gur léiritheoir agus scéalaí den scoth é, b’éasca dearmad a dhéanamh gur ar an ardán a lonraíonn sé. Cruthaíonn sé eispéireas idirghníomhach taibhealaíne a bhaineann leas as mothúcháin dhoimhne - a chuidse féin agus mothúcháin an lucht éisteachta leis.
Is deacair gan bheith corraithe agus dánta grá agus crá á reic aige thar bhuillí máistriúla leictreonacha
Sula seasann sé chun ardáin lastar cipíní túise ar phointí éagsúla den stáitse: suaimhneas roimh an anfa. Tá an t-ardán measartha lom, ach mar a bheadh suiteán ealaíne: carn bláthanna meáite faoi scáileán dorcha, deasc lán ríomhairí agus méarchláir(is léir ón gcéad bhuille go bhfuil chuile ghné den taibhléiriú seo faoi smacht Balfe, ó bhuillí beo á meascadh go soilse stáitse), agus cuaille aonair clúdaithe i gceamaraí CCTV, iad ag breathnú amach i ngach aon treo - a mhalairt den panopticon. Trí chiúnas an ionaid briseann ceol - ní ceol Balfe, ach To War le Cormac Begley. Agus is chun catha a théann Balfe ón gcéad amhrán - chun catha le córais nach bhfeidhmíonn ar son an phobail, le comhlachtaí teicneolaíochta, le caillteanas, leis féin. Seasann sé chun ardáin le pionta Guinness (nó nach Beamish a bhíonn san Olympia?) ina ghlac aige, ardaíonn agus fáisceann sé an ghloine go dtí go bpléasctar ina smidiríní os a chionn é. Lonraíonn smionagair ghloine ina chuid gruaige go deireadh an seó.
READ MORE
Lastar splanc láithreach agus ní bhíonn sos ná staonadh idir rianta atá measctha go snasta, scéalta á bhfuáil le chéile ón gcéad agus ón dara albam. Taobh thiar de Balfe teilgtear staitisticí maidir le cúrsaí meabhairshláinte agus bochtanais, gairm ar an rialtas Bille na gCríoch Gafa a chur i bhfeidhm, agus an teachtaireacht “Saoirse don Phalaistín”. Ar feadh tamaill iompaíonn Balfe ar chleasaíocht ealaíonta agus léirítear ar an scáileán mór a shúile fiáine féin ag faire ar an slua trí cheamara CCTV a nascadh lena mhicreafóin. Suíonn sé faoi thúr na gceamaraí agus casann sé amhrán ómóis dá chairde nach maireann. Is deacair gan bheith corraithe agus dánta grá agus crá á reic aige thar bhuillí máistriúla leictreonacha measctha le glórtha na ndaoine a bhfuil a chroí iontu, agus físeáin a spreagann cumha, agus a léiríonn cuimhní cinn a óige, meath leanúnach na cathrach.
Ar an gcéad éisteacht leis an albam nua Carving the Stone, bhraith mé bearna éicínt - b’fhéidir gurb é sin an teachtaireacht is láidre a bhain mé uaidh, cé nach dócha gurb é a bhí i gceist ag Balfe. Úsáidtear Tom Ward’s Downfall, mar shampla, ach tá rud éicint as alt faoi sin ar an gceirnín a léiríonn bearna idir é agus gnéithe áirithe den chultúr. Smaoiním ar na bearnaí a bhfuil iarracht á déanamh againn uilig a líonadh eadrainn ar fad agus cultúr a sciob an coilíneachas uainn. Ní bhraitear aon bhearna san Olympia áfach. Braitear athcheangal.
Léiríonn FTIL na rudaí is bunúsaí atá fíor sa saol seo. Na rudaí is éasca a ligean i ndearmad: tagann sólás le dólás, sonas le donas, agus ar deireadh thiar níl againn ach muidne le chéile. Is rud speisialta é breathnú ar Balfe ar ardán, ach tá sé chomh speisialta céanna breathnú timpeall ar an lucht féachana. Is léir go bhfuil grúpaí ar leith théis tíocht le chéile de bharr go bhfuil aithne phearsanta acu ar Bhalfe agus a phobal, nó toisc go bhfuil aithne phearsanta acu ar an bpian agus caillteanas a ndéantar cur síos orthu sa gceol. Tuigeann muid ar fad mar atá sé duine a chailleadh. Tuigeann muid freisin gur gá sólás a lorg agus sonas a athaimsiú cibé bealach is féidir, gur ar scáth a chéile a mhaireann muid, agus gur ag damhsa tríd an saol céanna atá chuile dhuine inár dtimpeall. Ligeann Balfe liú deiridh: “I have a love, and it never fades.” Ar deireadh is togra grá é seo, faoi dhaoine atá ag brath ar a chéile, idir deora agus damhsa.