“You’ll be grand Joe. Coicís i nGleann Cholm Cille.”

Cinneadh crua a thug an bua don iarAire Gaeltachta Joe McHugh

IarAire Gaeltachta Joe McHugh in aice le trá an Dumhaigh, Contae Dhún na nGall. Grianghaf: Joe Dunne
IarAire Gaeltachta Joe McHugh in aice le trá an Dumhaigh, Contae Dhún na nGall. Grianghaf: Joe Dunne

Beidh iarAire Gaeltachta ag tabhairt lárstáitse don Ghaeilge i ndráma úr, Joe’s Call, a bheidh á léiriú den chéad uair ag Féile Ealaíon an Chlocháin, Co na Gaillimhe, níos moille an tseachtain seo.

Díríonn an dráma ar an bhealach ar athraigh saol Joe McHugh nuair a ceapadh é ina Aire Gaeltachta i mí Iúil 2014. Cinneadh a bhí ann a ghríosaigh go leor conspóide ag an am de bharr nach raibh mórán Gaeilge ag fear Charraig Airt.

Déanann an dráma dátheangach, atá scríofa ag Francie Cullen i dteannta Joe, cur síos ar an aistear teanga a rinne an polaiteoir ó ceapadh ina Aire é agus ar an bealach a ndeachaigh an Ghaeilge i bhfeidhm ar a shaol.

IarAire Gaeltachta Joe McHugh in aice le trá an Dumhaigh, Contae Dhún na nGall. Grianghaf: Joe Dunne
IarAire Gaeltachta Joe McHugh in aice le trá an Dumhaigh, Contae Dhún na nGall. Grianghaf: Joe Dunne

Is as comhrá a bhí idir Joe agus iarcheannaire Mhuintearas, Seán Ó Coistealabha, a d’eascair coincheap an dráma. Bhí cruinniú acu in oifig Céim Aniar sa Dúnaibh le maoiniú a shocrú ó LPT Thuaisceart Dhún na nGall.

Sa dráma seo, feictear agus cluintear a chuid smaointe agus é romhainn amach ar an stáitse. Seó aonair atá ann agus feictear Joe ag tarraingt ar an tobar cruthaitheach den chéad uair leis an mhuinín a fuair sé an lá cinniúnach sin nuair a chinn sé go nglacfadh sé leis an ról.

Is cinnte go bhfuil éifeacht an lae sin le feiceáil sa dráma nuascríofa: “Cuireann polaiteoirí an íomhá chun tosaigh go bhfuil uchtach acu astu féin ach ní mar a shíltear a bítear i gcónaí. I ndiaidh dom feidhmiú mar Aire Gaeltachta agus dul fríd sin uilig níl an laige sin ionam a thuilleadh,” a dúirt sé.

Tuigim anois go bhfuil duine ar bith ábalta an teanga a fhoghlaim. Níl aon dabht agam faoi sin.

Admhaíonn sé go bhfuil dearcadh eile aige ar an saol agus misneach nuabhunaithe aige, rud nach raibh aige an lá sin in 2014 nuair a sheas sé ag amharc idir an dá shúil ar an iarThaoiseach, Enda Kenny, agus gan focal ag teacht leis: “Nuair a smaoiním siar go dtí an lá sin in oifig an Taoisigh tagann an focal ‘pairilis’ chun cinn.”

“Ní raibh mé ábalta smaointiú go soiléir ag an am. Thuig mé go raibh cúpla rogha agam, glacadh leis an cheapachán nó gan glacadh leis. Tá líne éadrom idir a bheith cróga agus a bheith d’amadán fosta agus bhí orm a bheith airdeallach faoi sin,” a dúirt sé.

Lena chois sin, bhí go leor ama caite ag Joe i saol na polaitíochta le fios a bheith aige mura nglacfadh sé leis an tairiscint go mbeadh sé curtha siar ar na cúlbhinsí arís.

“Bhí fadhb eile gan glacadh leis an tairiscint. Bhí sé de dhualgas orm smaoineamh ar mhuintir an chontae a chaith vóta ar mo shon agus a thogh mé. Bhí orm a bheith dílis dófa mar go raibh muinín acu asam,” a dúirt sé.

Thuig sé dá nglacfadh sé leis an ról go mbeadh go leor daoine nach mbeadh sásta leis agus go mbeadh siad glórach faoi: “Bhí mé ábalta an todhchaí a fheiceáil le bheith ionraic agus bhí an todhchaí dubh, dorcha, agus lán de dhaoine nach mbeadh sásta liom. Ach sin an rogha a bhí agamsa ag an am - glacadh leis nó diúltú dó.”

“Tá cuimhne agam ar an chomhrá go fóill: ‘Jesus, Enda I don’t have Irish,’ agus Enda ag rá ‘You’ll be grand Joe. Coicís i nGleann Cholm Cille.’”

Sa deireadh thiar thall, dúirt Enda: “Do you want the job or not?”

Agus leis sin, ghlac Joe leis.

Nuair a bhí na focail ráite, scairt curtha aige ar a bhean chéile Olwyn agus an cás pléite léi, chuaigh Joe chuig Liam Ó Cuinneagáin ó Oideas Gael, an coláiste Gaeilge do dhaoine fásta atá suite i nGleann Cholm Cille in iardheisceart Dhún na nGall, agus ba eisean a cheansaigh an tAire nuathofa.

“Mhínigh Liam dom go bhfoghlaimíonn tú Gaeilge fríd matán agus bíonn cuimhne ag an mhatán sin ar an teanga. Is matán atá san intinn. Dúirt sé liom nach raibh ann ach an matán á úsáid. Ina dhiaidh sin, bhí mé ag éisteacht le daoine ag caint Gaeilge gach aon lá, Raidió na Gaeltachta, TG4 agus a leithéid.

“D’fhoghlaim mé an cúlra a bhain le hainmneacha na mbailte thart orm fríd mo theanga féin agus thug seo tuiscint eile dom ar an teanga agus ar thíreolas mo cheantair. Ceann de na rudaí is suimiúla faoi seo ná an léargas a thugann an Ghaeilge duit ar an am a chuaigh thart.”

Ceann de na rudaí eile a chuidigh le Joe ná go dtáinig muintir an cheantair i dtarrtháil air: “Labhair gach aon duine Gaeilge liom sna siopaí, sna bialanna, cá bith áit a ndeachaigh mé bhí daoine fial lena gcuid eolais agus ama. Fuair mise mo chuid tumoideachais sa bhaile agus chuidigh sé liom.”

Is beag a bhí a fhios ag daoine go ndéanfadh an cinneadh sin tuilleadh measa don Ghaeilge a bhláthú i gcroí Joe - meas a rinne sé a dhícheall a roinnt leis an phobal i ndiaidh a ré mar pholaiteoir a bheith tagtha chun críche.

Ina theannta sin, leag an cinneadh sin dúshraith a léirigh do Joe gur fiú go mór do dhaoine díriú ar a mianta féin agus tabhairt faoi na rudaí ar suim leo le linn a dtréimhse gairide ar an saol seo.

Trá an Dumhaigh, in aice le Carraig Airt, Contae Dhún na nGall. Grianghraf: Joe Dunne
Trá an Dumhaigh, in aice le Carraig Airt, Contae Dhún na nGall. Grianghraf: Joe Dunne

“D’athraigh an cruinniú idir Enda agus mé féin mo shaol go hiomlán. Labhair mé i gcónaí faoi rudaí a dhéanamh, faoin Ghaeilge a fhoghlaim, bhí mé i gcónaí fiosrach faoi shaol na haisteoireachta, bhí mé i gcónaí ag iarraidh tuilleadh reatha agus snámh farraige a dhéanamh. Seo rudaí a dúirt mé liom féin go raibh mé ag dul a dhéanamh ach ní dhearna mé iad. Déanaim anois iad áfach,” deir sé.

D’fhág sé slán ag saol na polaitíochta roimh an olltoghchán deireanach agus rún aige tuilleadh ama a chaitheamh lena theaghlach.

“Nuair atá tú i do pholaiteoir is ionadaí thú ar son na ndaoine agus sin é an jab atá agat, agus tá sé fíorthábhachtach. Sin ráite, níl tú ag déanamh ionadaíochta ar do shon féin. Rinne mise sin ar feadh 25 bliana,” ar sé.

Tá saol eile ag Joe anois agus é i mbun cóitseála. Tugann sé misneach agus dóchas do dhaoine eile agus d’fhoirne.

“Bhí mo shaol féin ar an chos chúil i dtaca leis an rud a bhí mé féin ag iarraidh a dhéanamh agus anois, de bharr na cóitseála, tá mé ag obair le daoine agus á mbrú chun tosaigh,” ar sé.

Is cinnte go bhfuil go leor nithe eile a d’fhéadfadh sé a dhéanamh agus níl eagla ar bith air tabhairt fúthu: “Dúirt bean liom uair amháin nár mhaith léi a bheith curtha isteach i mbocsa - gur mhian léi a rud féin a dhéanamh. Tá mise den intinn anois gurb é an t-aon uair a mbeidh mise curtha isteach i mbocsa ná nuair a chuirfear faoi thalamh mé.”

De bharr gur thóg Joe an cinneadh Gaeilge a fhoghlaim tá sé anois den tuairim go bhfuil duine ar bith ábalta an teanga a fhoghlaim dá mba mhian leo é.

“Tuigim anois go bhfuil duine ar bith ábalta an teanga a fhoghlaim. Níl aon dabht agam faoi sin.”

Molann sé do dhaoine uchtach a bheith acu astu féin agus mianta a gcroí a chomhlíonadh mar a rinne seisean.

“Roimhe seo, bheinnse dp mo chur féin síos agus ag úsáid daoine eile mar shlat tomhais ach anois feicim go bhfuil a mbuanna féin ag gach aon duine agus go gcaithfimid luí isteach ar na buanna céanna. Ní comórtas é an saol.”

Na Dúnaibh, Contae Dhún na nGall. Grianghraf: Joe Dunne
Na Dúnaibh, Contae Dhún na nGall. Grianghraf: Joe Dunne

Rinne Joe cur síos ar a aistear teanga ina leabhar Beidh tú alright: An Irish Language Journey, a sheol an Tánaiste Simon Harris i mí Feabhra, 2025.

Beidh an dráma le feiceáil sa Station House Theatre, An Clochán, Déardaoin 18 Meán Fómhair, ar 4in. Tuilleadh eolais anseo.

Cúpla leid do d’aistear teanga féin

1) Téigh go Gleann Cholm Cille le freastal ar Oideas Gael

2) Éist le RTÉ Raidió na Gaeltachta

3) Amharc ar TG4

4) Tabhair cuairt ar an Ghaeltacht go rialta

5) Léigh leabhair Ghaeilge - tá an iliomad acu ann agus cinn do gach leibhéal

6) Glac páirt in imeachtaí Gaeilge

7) Léigh ailt Ghaeilge sna nuachtáin agus irisí

8) Éist le podchraoltaí

9) Foghlaim amhrán nó dán

10) Bain taitneamh as agus ná bí róbhuartha - bíonn na Gaeil níos mó ná sásta tacú le daoine ar mhaith leo an teanga a fhoghlaim