€35.75 milliún le hinfheistiú i leathnú ché Inis Oírr

Scéalta nuachta ó cheann ceann na tíre

Thug an tAire Gaeltachta Dara Calleary agus an tAire Airgeadais Jack Chambers cuairt ar Inis Oírr an tseachtain seo caite. Grianghraf: Eamon Ward
Thug an tAire Gaeltachta Dara Calleary agus an tAire Airgeadais Jack Chambers cuairt ar Inis Oírr an tseachtain seo caite. Grianghraf: Eamon Ward

Tá sé fógartha go mbeidh €35.75 milliún á infheistiú i bhforbairt agus i leathnú ché Inis Oírr, an infheistíocht aonair is mó ó bunaíodh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta in 2017.

Bronnadh an príomhchonradh tógála, ar fiú €30 milliún é, ar Ward & Burke Construction tar éis próiseas iomaíoch tairisceana.

Beidh an obair dírithe ar mhéadú coincréite ar an gcé, ar thonnchosc nua agus ar spás breise do bháid le go mbeidh rochtain níos sábháilte ag cónaitheoirí agus ag cuairteoirí.

Táthar ag súil go mbeidh an tionscadal críochnaithe i gceann dhá bhliain. Thug an tAire Gaeltachta Dara Calleary agus an tAire Airgeadais Jack Chambers cuairt ar Inis Oírr Déardaoin le bualadh le baill de phobal an oileáin, le hionadaithe ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus leis na conraitheoirí.

Agus an fógra á dhéanamh, dúirt an tAire Calleary, “Is mór an sásamh dom a dheimhniú gur ceadaíodh an maoiniú riachtanach. “

”Cinnteoidh sé nach mbeidh rochtain theoranta ag pobal Inis Oírr ach go mbeidh calafort láidir slán acu don todhchaí.”

Dúirt an tAire Chambers, “Ní hamháin gur infheistíocht i struchtúr fisiciúil atá ann seo, ach i bhfostaíocht, i bpobal agus i dtodhchaí na Gaeilge. Cruthóidh an obair poist le linn na tógála agus spreagfaidh sí gníomhaíocht eacnamaíoch don oileán.”

Chuir Liam Conneally, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae na Gaillimhe, fáilte roimh an bhfógra freisin.

Ag labhairt dó in Inis Oírr, dúirt sé, “Feabhsóidh an tionscadal seo nascacht ár n-oileán, tacóidh sé leis an ngeilleagar áitiúil agus neartóidh sé sábháilteacht calafoirt in aghaidh stoirmeacha.”

Féile Náisiúnta Drámaíochta 2025 in Amharclann Bhearna na Sceiche, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí.  	

Photo: MacMonagle Killarney

issued on behalf of An tOireachtas
Further info: Neepa Sodhi email: neepa@antoireachtas.ie
Féile Náisiúnta Drámaíochta 2025 in Amharclann Bhearna na Sceiche, Maigh Chromtha, Co. Chorcaí. Photo: MacMonagle Killarney issued on behalf of An tOireachtas Further info: Neepa Sodhi email: neepa@antoireachtas.ie

Maoiniú nua do na taibhealaíona

Tá An tOireachtas ag tabhairt deis do chomhlachtaí drámaíochta, ealaíontóirí agus grúpaí pobail iarratas a chur isteach ar scéimeanna nua maoiniúcháin chun na taibhealaíona teangabhunaithe Gaeilge a chur chun cinn.

Tá na scéimeanna mar chuid de Phlean Gníomhaíochta 2024–2028 agus den Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge, agus tá siad dírithe ar shaothar cruthaitheach a dhéanann an Ghaeilge lárnach i léirithe stáitse, agallaimh bheirte, lúibíní, scéalaíocht, filíocht, rapcheol agus amhránaíocht.

Cuirfidh na scéimeanna tacaíocht ar fáil do chomhlachtaí pobail nua agus seanbhunaithe, lena n-áirítear meantóireacht, oiliúint agus deiseanna comhoibrithe cruthaitheacha. Tá scéimeanna urraíochta ar fáil freisin d’imeachtaí, tionscadail agus ceardlanna lasmuigh den Ghaeltacht.

Dúirt Muireann Ní Dhroighneáin, an Comhordaitheoir Náisiúnta Taibhealaíon, “Tá lúcháir orainn na scéimeanna seo a fhógairt.”

“Táimid ag súil le tionscadail chruthaitheacha éagsúla a chur i láthair, ag obair le healaíontóirí, grúpaí pobail agus ionaid chultúrtha ar fud na tíre. Beidh deis ag an bpobal páirt a ghlacadh sna léirithe seo agus na healaíona Gaeilge a bhlaiseadh go díreach.”

Tá sé de sprioc ag na scéimeanna dírithe cur le feiceálacht, nuálaíocht agus rannpháirtíocht an phobail sna healaíona teangabhunaithe Gaeilge, ag spreagadh glúin nua ealaíontóirí agus lucht féachana óg.

Pól Deeds
Pól Deeds

Coimisinéir Gaeilge le ceapadh ó Thuaidh

Tuigtear go gceapfar Pól Deeds, arb as Bóthar an Ghleanna i mBéal Feirste Thiar dó, mar an chéad Choimisinéir Teanga don Ghaeilge sa Tuaisceart sna seachtainí beaga amach romhainn.

Is iar-mhac léinn de chuid Choláiste Mhuire é Deeds agus tá sé faoi láthair ina Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Fhoras na Gaeilge, an t-eagras trasteorann atá freagrach as cur chun cinn na Gaeilge ar fud na hÉireann.

An mhí seo caite, bhuail sé le Liz Kimmins, Aire Bonneagair an Tuaiscirt, in éineacht le Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach an Fhorais, chun plé a dhéanamh ar bhearta a mhéadóidh feiceálacht agus úsáid na Gaeilge, go háirithe ag Mórstáisiún Lárnach nua Bhéal Feirste.

Chuir an feisire Carál Ní Chuilín (Sinn Féin) fáilte mhór roimh an gceapachán: “Is forbairt stairiúil í seo a thabharfaidh aitheantas agus tacaíocht bhreise don Ghaeilge, teanga atá ag dul ó neart go neart.”

Tuigtear freisin gur don iarchomhairleoir leis an DUP, Lee Reynolds, atá post an Choimisinéara don Albainis Uladh tairgthe.

Idir an dá linn, tá Séamus Ó Coileáin ceaptha ina Stiúrthóir nua ar Oifig an Choimisinéara Teanga sa Phoblacht. Is as Áth an tSléibhe, Co. Luimnigh é Ó Coileáin agus tá os cionn fiche bliain caite aige le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe mar aistritheoir, léachtóir agus Ceann Disciplín ar an Aonad Aistriúcháin agus Ateangaireachta.

Bhí ról lárnach aige freisin san Ionad Barr Feabhais i gcomhair Gairmeacha san Aontas Eorpach, ag cur chun cinn gairmeacha aistriúcháin agus ateangaireachta do chéimithe Gaeilge.

Tá clú air mar shaineolaí ar an ngramadach agus ar an gcomhréir, agus tá roinnt aistriúcháin liteartha dá chuid foilsithe, lena n-áirítear Asarlaí Oz (2019) agus An Fear Nárbh Fhéidir a Fheiscint (2020).

Fulnright 2025
Fulnright 2025

Coimisiún Fulbright in Éirinn ar lorg iarratas

Tá Coimisiún Fulbright in Éirinn ag tabhairt cuireadh do mhic léinn, scoláirí, gairmithe agus ealaíontóirí iarratas a chur isteach ar Ghradaim Éireannacha Fulbright don bhliain 2026-2027.

Tugann na gradaim deis do rannpháirtithe staidéar, taighde agus múinteoireacht a dhéanamh sna Stáit Aontaithe, agus tá siad oscailte do shaoránaigh ón Aontas Eorpach agus ón Ríocht Aontaithe atá ina gcónaí in Éirinn le breis agus cúig bliana.

Dúirt Cathaoirleach Bhord Fulbright, an tOllamh Paul Donnelly, “Molaim go láidir do mhic léinn, scoláirí agus daoine gairmiúla cur isteach air. Tá ‘bóthar an dóchais’ ar fáil dóibh siúd atá ag iarraidh tionchar a imirt ina réimse staidéir agus a bheith páirteach sa ghréasán idirnáisiúnta seo.”

Cuireann na gradaim tacaíocht airgeadais, árachas, cúnamh víosa agus clár cultúrtha agus gairmiúil ar fáil.

Tá clú domhanda ar Chlár Fulbright agus i measc na n-alumnas tá ceannairí stáit, buaiteoirí Nobel agus Pulitzer, agus comhaltaí Fhondúireacht MacArthur.

Is é an Seanadóir J. William Fulbright a chuir tús leis na gradaim in 1946 chun tuiscint agus comhbhá a chur chun cinn trí chomhalartú oideachasúil agus cultúrtha.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh fullbright.ie. - Bill Breathnach